Ollscoil Ghaelach agus ní cur i gcéill atá de dhíth orainn!

Nuair a scrúdaítear an scéal sa lá atá inniu ann, aithnítear gur cur i gcéill atá sa stádas dátheangach ag Ollscoile na hÉireann, Gaillimh dáiríre

Ollscoil Ghaelach agus ní cur i gcéill atá de dhíth orainn!

Reáchtáladh agóid bhríomhar challánach in Ollscoil na Gaillimhe ar na mallaibh nuair a d’eagraigh Misneach na Gaillimhe léirsiú in éadan an chinnidh ba deireanaí de chuid Údarás na hOllscoile fáil réitithe den riachtanas Gaeilge a bhíodh ar Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe. Léirigh an chonspóid seo arís an síorchreimeadh atá ar stádas na Gaeilge san ollscoil údaí agus is mithid dúinn aird a dhíriú athuair ar an ghá atá le hOllscolaíocht d’ardchaighdeán do lucht labhartha na Gaeilge.

Caitheadh an bhliain seo a chuaigh thart ag ceiliúradh Éirí Amach na Cásca ach caidé an aird a tugadh, sna comórthaí stáit, ar fhealsúnacht nó ar phrionsabail na sársmaointeoirí a d’éag ann? Dheamhan a dhath, déanta na fírinne. Tá sé corradh is céad bliain ó scríobh Pádraig Mac Piarais The Murder Machine ach, go fóill féin, thig linn adhmad a bhaint as an phíosa bhreá scríbhneoireachta sin. San aiste chéanna leag an Piarsach amach a aisling féin do chóras oideachais úrnua sa tír seo a mbeadh an tsaoirse agus an Ghaeilge féin ina chroílár. Ba thrua nach ndearnadh níos mó leis an aisling uasal sin a scrúdú le linn na bliana comórtha. Tá an fhís fhorásach nua-aimseartha ghaelach a bhí ann, lá den saol, don chóras oideachais in Éirinn ligthe i ndearmad le fada ag an stát agus ag lucht riartha ár gcuid ollscoileanna.

Is i gcomhthéacs meatha agus laghdaithe le blianta ar stádas na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a fógraíodh an cinneadh is deireanaí fáil réitithe den riachtanas Gaeilge a bhíodh ar Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe. Cuireadh dualgas reachtúil ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i leith na Gaeilge, sa bhliain 1929, nuair a tugadh isteach Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe. Agus is ar an bhonn sin a maíodh gur ollscoil dhátheangach a bhí inti ó shin i leith. Ach nuair a scrúdaítear an scéal sa lá atá inniu ann, aithnítear gur cur i gcéill atá sa stádas dátheangach seo dáiríre. Sa bhliain 2006, cuireadh deireadh leis an stádas speisialta a bhí ag an Ghaeilge san ollscoil nuair a leasaíodh an t-acht. Lá den saol, bhí réimse leathan ábhar ar fáil trí mheán na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, lena n-áirítear, Laidin, Gréigis, Stair, Tíreolaíocht, Mata, Seandálaíocht Cheilteach, Eacnamaíocht, Gnó Cuntasaíochta, Oideachas, Fisic Thurgnamhach, Fealsúnacht agus Fisic Mhatamaiticiúil.

D’imigh sin agus tháinig seo. Ní fiú trácht ar a bhfuil d’ábhair le fáil trí Ghaeilge anois. Níl dualgas reachtúil ar bith anois ar an ollscoil léachtóir le Gaeilge a cheapadh. Is cosúil go bhfuil Ollscoil na Gaillimhe, nuair atá todhchaí na Gaeilge féin idir dhá cheann na meá, i ndiaidh géilleadh go huile is go hiomlán do chumhacht dhomhanda agus eacnamúil an Bhéarla, d’ainneoin riachtanais oideachais agus shochtheangeolaíochta mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge i gcoitinne.

I bhfianaise an bhorrtha rábaigh atá faoi ghluaiseacht na nGaelscoileanna ar fud na tíre san am i láthair, shílfeá gur mó an t-éileamh a bheadh anois ar an Ghaeloideachas ag an tríú leibhéal ná mar a bhí le fada. De réir staitisticí de chuid na heagraíochta Gaelscoileanna, sa scoilbhliain 2015/16 bhí 50,297 dalta ag foghlaim i mbunscoileanna agus 14,769 dalta i meánscoileanna ar fud na tíre, thuaidh agus theas. Seo earnáil oideachais atá go síoraí ag fás agus ní cosúil go dtiocfadh maolú ar bith ar an fhás sin go fóill. Ar ndóigh, ar na saolta seo, bítear ag dréim leis go minic go rachaidh scoláirí óga a fhad leis an tríú leibhéal oideachais. Níl ciall ar bith leis an chóras seo, mar atá san am i láthair, nuair nach bhfuil rogha oideachas fríd mheán na Gaeilge ar fáil ag an tríú leibhéal, diomaite de staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge féin nó ar bhrainse eile den teangeolaíocht nó den litríocht. Ní thig linn iarraidh ar gach uile dhalta Gaelscoile céim sa Ghaeilge a dhéanamh!

Is fiú spléachadh a thabhairt ar oideachas ag an tríú leibhéal ag comharsana Ceilteacha dár gcuid, muintir na Breataine Bige. Tá stádas láidir oifigiúil ag an Bhreatnais in ollscoileanna fríd an Bhreatain Bheag. In Ollscoil Aberystwyth, tá scéim teanga an-láidir acu le taobh cheann na Gaillimhe agus dualgas reachtúil orthu caitheamh ar bhonn comhionannais leis an Bhreatnais agus an Bhéarla. Bíonn riachtanas Breatnaise ag gabháil le sciar áirid d’iomlán na bpostanna acadúla a bhítear a fhógairt san ollscoil. Tá réimse leathan ábhar ar fáil fríd Bhreatnais in Ollscoil Aberystwyth, agus ina measc, an staidéar luath-óige, talmhaíocht, polaitíocht agus eolaíocht ainmhithe. In Ollscoil Bangor tá níos mó ábhar arís ar fáil fríd Bhreatnais agus tuilleadh cosanta ann don teanga dhúchais ná mar atá in Ollscoil Aberystwyth féin. Chomh maith leis sin, tá scoláireachtaí ar fáil daofa siúd a dhéanfas staidéar s’acu fríd Bhreatnais. Nuair a chuirtear an Bhreatain Bheag, tír atá go fóill faoi riail Shasana, i gcomórtas le hÉirinn, i dtaca leis an Ollscolaíocht sa teanga dhúchais de, is léir gur ar gcúl atá muidinne in Éirinn.

Is iomaí dúshlán atá romhainn mar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn san am i láthair agus níl réiteach furasta ar bith ar an scéal. Ach ní móide go dtiocfadh linn an Ghaeilge mar theanga labhartha sa phobal a chaomhnú, gan trácht ar an teanga agus lucht a labhartha a fhorbairt mar phobal forásach nua-aimseartha, gan deiseanna maithe oideachais a bheith ar fáil againn ag achan leibhéal den chóras oideachais.

Fág freagra ar 'Ollscoil Ghaelach agus ní cur i gcéill atá de dhíth orainn!'

  • Simon Ó Faoláin

    Alt maith. Is iontach an difríocht idir NUIG agus Aberystwyth. Chaitheas cúpla bliain ag obair in Aber agus bhí an Bhreatnais láidir ann ar shlí ná chreidfeadh Gael. Is cuimhin liom caitheamh le fear ón gCoiréa sa roinn IT agus bhí Breatnais mhaith aige [ní mise a dúirt ach cainteoirí dúchais]. Canathaobh? Toisc go raibh air é a bheith aige, d’imigh sé agus d’fhoghlaim sé í…

  • Dónall

    Maith thú a Sheanáin, ba chóir dúinn ár n-ollscoil féin a bhunú agus cosaint don Ghaeilge agus do na dána bheith mar chuid dó. Cad é mar a chuirfidh muid tús léi?

  • Póilín Uí Ghallachóir

    Tá tú ag labhairt ar ár son uilig anseo a Sheanáin. Comhghairdeas leat as an píosa breá scríbhneoireachta seo a chur os ár gcomhair anseo. Is cúis náire agus bróin an neamhaird agus an dímheas atá a thaispeáint go forleathan anseo in Éirinn dár dteanga agus don dúchas as ar fáisceadh muid.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Arís, ní fiú bheith ag cuir páistí fríd córas oideachais lán-Ghaeilge nuair nach bhfuil deiseanna ar bith acu chun leanúint lena gcuid staidéar trí mheán na Gaeilge i n-institiúidí tríú leibhéal agus nuair nach bhfuil postanna le Gaeilge ar fáil daofa, chan amháin sa Ghaeltacht, ach ar fud na tíre. Ráite go maith agat a Sheanáin.

  • Caitríona de Róiste

    Sár-phíosa eolais anseo agus nach náireach an scéal é. Molaim an té atá ag scaipeadh an t-eolas seo ach cad ar féidir a dhéanamh faoi? Más féidir moltaí a chur leis, bheadh sé níos fearr arís!

  • Luke Callinan

    Sách ráite ag Seanán. Is í an áit a bhfuil an buille, nach ar mhaithe le cur chun cinn na teanga mar mheán pobail atá polasaí gaeloideachais an stáit. San áit go mbeadh feachtas fad-bhunaithe ar son Gaelscoile/Gaelcholáiste d’fhéadfaí go ngéillfí dhó – ach níl sé ina chuspóir ag an stát gaeloideachas a chur ar fáil ina iomláine. Nó go mbíonn athrú suntasach polasaithe, beidh gá le feachtais aonair ag gach leibhéal le hoideachas trí Ghaeilge a chosaint/leathnú.