Tá níos mó ná damhán alla amháin ina chónaí i líon an domhain dhomhandaithe

Ní gréasán aerbhealaí agus cáblaí snáthoptaice amháin atá i gceist leis an domhandú

Tá níos mó ná damhán alla amháin ina chónaí i líon an domhain dhomhandaithe

An tseachtain seo caite, bhog cara Brasaíleach de mo chuid go dtí an tSín. Inné, d’fhógair cara eile liom anseo sa Bhrasaíl (agus nach bhfuil aithne aige ar an gcéad duine) go mbeidh sé féin ag bogadh go dtí an tSín gan mhoill.

B’fhéidir nach bhfuil ann ach comhtharlúint. Ach más ea, chuir an chomhtharlúint sin ag smaoineamh mé faoin domhandú.

Go deimhin, is é scéal an chéad fhir a luaigh mé an sampla is fearr dá bhfaca mé riamh ar cad is domhandú ann. Fear gorm é seo a tháinig ar an saol ag tús na n-ochtóidí i mbruachbhaile bocht i gcathair Salvador, ach atá lonnaithe anois i gcathair Guangzhou i ndeisceart na Síne, fostaithe ag comhlacht faisin Brasaíleach a cheannaíonn éadaí saora a dhéantar i monarchana sa tSín agus i dtíortha oirdheisceart na hÁise agus a dhíoltar sa Bhrasaíl ar luach ard. Thíos seal, thuas seal, is iomaí cor a bhíonn sa saol.

Teagascóir BJJ (jú-jiotsú Brasaíleach) é an dara fear a luaigh mé. Tá seisean ar tí aghaidh a thabhairt ar Shenzhen, cathair a bhfuil cáil na hardteicneolaíochta agus an airgeadais uirthi agus nach bhfuil i bhfad ó Guangzhou. Tá dúil as cuimse ag muintir na Síne sa jú-jiotsú Brasaíleach faoi láthair, agus de réir cosúlachta tá teagascóirí BJJ ag scaipeadh ar fud na Síne mar a scaip teagascóirí capoeira fud fad na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh sna nóchaidí agus i mblianta tosaigh an chéid seo.

An-sampla den domhandú (agus léiriú nach inniu ná inné a thosaigh an feiniméan sin) é an jú-jiotsú Brasaíleach féin, ar ndóigh: spórt troda a tháinig as an tSeapáin ó thús (i dteannta na gcéadta míle bochtán as an tSeapáin a chuaigh ag obair ar fheirmeacha caife sa Bhrasaíl i dtús an fichiú céad) ach ar chruthaigh muintir na Brasaíle a leagan féin de. 

A bhuíochas leis an UFC, tá cáil agus tóir ar an jú-jiotsú Brasaíleach ar fud an domhain anois, ach is ar an tSín – agus ní ar an Eoraip nó ar Mheiriceá Thuaidh – a bheidh mo chara ag tabhairt aghaidhe, sna sála ar mhórchuid teagascóirí BJJ eile. Is fearr an pá agus na coinníollacha oibre atá á dtairiscint dóibh sa tSín, de réir cosúlachta, ná sa chuid sin den domhan a bhreathnaíonn air féin go traidisiúnta mar lár an domhain – an tIarthar.

Is minic a shamhlaím líon mór millteach nuair a léim an focal ‘domhandú’, gréasán aerbhealaí agus cáblaí snáthoptaice a cheanglaíonn chuile chearn lena chéile. Ach rith sé liom an tseachtain seo go bhfuil níos mó ná damhán alla amháin ina gcónaí sa líon sin.