Tá níos mó i gceist leis an DUP ná an Bíobla agus bailiú bruscair

Is ionann an DUP faoi láthair agus babhdán na Breataine ach bíodh gur páirtí éadulangach iad, níl ansin ach cuid den scéal

Tá níos mó i gceist leis an DUP ná an Bíobla agus bailiú bruscair

Arlene Foster. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Chuirfeadh sé na cait ag gáirí.

Tá alltacht ar na meáin chumarsáide i Sasana faoin DUP a bheith in ann a ladar a chur i ngnóthaí rialtais na Ríochta Aontaithe. Níor chuir an páirtí isteach nó amach orthu ó 1971 go dtí anois ach go tobann is dúramáin nó néandartálaigh iad.

Tá míshuaimhneas sa bhaile i dTuaisceart Éireann faoin gcaidreamh idir an DUP agus na Tóraithe, ach baineann an mhíshocracht sin le cur chuige na gCaomhach, James Brokenshire go háirithe. Thall, baineann an t-amhras le ceisteanna eacnamaíochta agus na ciallachais don pholaitíocht abhus ach baineann sé go príomha leis an gconsaeit sotalach nach bhfuil an DUP sách maith do Shasana, tír a lig do UKIP greim sróine a bhreith air.

Bhí an mhargáil idir an DUP agus na Caomhaigh ag dul i bhfad nuair a bhí an t-alt seo á scríobh. Dúradh nárbh fhéidir margadh a fhógairt i bhfianaise na tubaiste i Kensington, Londain de bharr an dóiteáin i dtúr Grenfell. Tháinig sé chun solais, áfach, go raibh laincis á cur ag an Státchiste ar shocruithe airgeadais ar leith do Thuaisceart Éireann. Bhí Whitehall ag maíomh go mbeadh na ciallachais ró-chostasach mar go mbeadh Albain agus an Bhreatain Bheag i dteideal méaduithe ar a mbuiséad i gcomhréir le cibé rud a gheobhadh an DUP do Thuaisceart Éireann. Socraítear buiséad na hAlban, na Breataine Bige agus Thuaisceart Éireann faoi chóras aduain darb ainm ‘Foirmle Barnett’. Dá réir sin, bheadh costas £35 don dá réigiún eile ar gach £1 a thabharfaí do na Sé Chontae.

Tá bealaí ann chun an deacracht sin a shárú más toil le Whitehall é. Maoiniú iarThrioblóidí, cuir i gcás, mí-ádh nach raibh ar an dá réigiún dhíláraithe eile. Ní raibh leisce ar an DUP é sin a mheabhrú do lucht idirbheartaíochta na gCaomhach. Tá seantaithí ag páirtithe Stormont ar chumas agus nós an Státchiste an bonn a bhaint de shocruithe a rinneadh le Státrúnaithe agus Príomh-Airí. Níl an DUP toilteanach glacadh le muc i mála ach ní thig leo a dhul thar fóir lena n-éilimh mar níl de rogha acu ach na Tóraithe.

Ní amadáin iad. Tá siad éadulangach, sainghné uathúil dá gcuid. Ar ndóigh tá roinnt de na seancháilíochtaí seicteacha, frithliobrálacha follasach fós i measc ionadaithe agus a lucht leanúna ach tá an DUP pragmatach freisin. Tá siad tréitheach ar bhealaí nach eol don dream thall atá ag tarraingt scigphictiúr díobh.

Is é caomhnú na Ríochta Aontaithe an treoirphrionsabal is ansa le Arlene Foster agus a páirtí. Tá fuath do phoblachtánaithe fite fuaite leis sin cé go n-aithníonn siad, go drogallach, vótaí Shinn Féin. Ba í stair an DUP i leith an homaighnéasachais ba thúisce a chuir an lasair sa bharrach thall. Chuir Ruth Davidson, ceannaire na gCaomhach in Albain, i gcuimhne do Theresa May go bhfuair sise agus a brainse den pháirtí 13 suíochán i gcomparáid leis an 10 suíochán a fuair an DUP. Leispiach atá gníomhach sa bhfeachtas do chearta LGBT is ea Davidson agus cheistigh sí an margadh leis an DUP ar an ábhar sin.

Níl an DUP glórach in aghaidh cearta do homaighnéasaigh mar a bhí le linn a bhfeachtais ‘Save Ulster from Sodomy’ ach bhain siad leas as veto i Stormont chun cearta a cheilt. D’úsáid siad an achainí chásmhaireachta chun vóta an mhóraimh sa Tionól i bhfabhar an phósadh comhghnéis a chur ar neamhní. Tá sé líomhnaithe an tseachtain seo freisin gur scríobh Arlene Foster chuig Aire i Holyrood in 2015, sular ceapadh í ina Céad-Aire, ag iarraidh ar na húdaráis ansin bac a chur ar phóstaí comhghnéis do shaoránaigh as Tuaisceart Éireann. Dhiúltaigh Albain dá héileamh.

Ní ionsaíonn an DUP an eaglais Chaitliceach níos mó. Is maith is cuimhin le daoine go dtugadh Ian Paisley, nach maireann, striapach na Babalóine ar an eaglais agus gur mhinic a mhaslaigh sé í. Anois, buaileann Arlene Foster le sagairt agus easpaig gan aon dua; chuaigh sí ar shochraid Martin McGuinness agus d’fhreastal Peter Robinson ar Aifreann sochraide cúpla babhta. Go deimhin tá an DUP agus an Eaglais Chaitliceach ar an bport céanna faoin ghinmhilleadh, iad araon ag diúltú do leasú de chineál ar bith ar an mbac uileghabhálach abhus.

Níl an Eaglais Shaor-Phreispitéireach chomh lárnach san DUP is a bhíodh. Ó ruaig sí a bunaitheoir, an tUrramach Ian Paisley, i ngeall ar roinnt na cumhachta le Sinn Féin, tá anáil na Saor-Phreispitéireach ar an DUP maolaithe, agus ministrí amhail An tUrramach Willie McCrea nó an tUrramach David McIlveen imithe. Mar sin féin tá ionadaithe ag an DUP a shéanann eolaíocht na héabhlóide agus séantóirí ar an athrú aeráide iad cuid acu chomh maith.

Tá an t-eolas seo ar fad faighte amach ag tráchtairí, polaiteoirí agus, ar ndóigh, na meáin shóisialta i Sasana le déanaí. Tá cuid acu freisin ag fiosrú an chaidrimh idir an DUP agus paraimíleataigh dhílseacha – i 1974 sa stailc dhílseach a scrios Stormont iar-Sunningdale agus sna hochtóidí le Ulster Resistance. Tá ceisteanna á gcur fresin faoin maoiniú a tugadh anuraidh d’eagraíocht a raibh an dílseoir conspóideach Dee Stitt ina bhun agus faoin gconspóid le linn an olltoghcháin nuair a mhol dílseoirí do na vótóirí tacú leis an DUP agus iad ag bagairt gur chontúirt don aontas ríoga a bheadh ann vótáil ina n-aghaidh.

Botún is ea an scig-insint – an tvuít a dúirt nach raibh ina bhforógra ach an Bíobla agus bailiú bruscair, mar shampla. Nuair a bhí Peter Robinson ag cur an DUP in oiriúint don saol nua-aimseartha rinne sé dí-eaglaisiú a bheag nó a mhór air. Páirtí pobalach é anois a leagann béim mhór ar an eacnamaíocht, a bhfuil ballraíocht den uile chineál aige agus a fuair nach mór 300,000 vóta.

Fág freagra ar 'Tá níos mó i gceist leis an DUP ná an Bíobla agus bailiú bruscair'

  • Pat Kinsella

    Ba mhaith liom a fháil amach cad to beacht a chiallionn

    ‘Ciallachas’. Níl réiteach le fáil agam.

    Baineann Póilín úsaid as go minic.

    Is mise Padraigh

    • Seán Tadhg Ó Gairbhí

      A chara, Maith dhom a bheith ag caint ar son Phóilín, ach de réir mo thuisceana is leagan malartach é ar ‘impleacht’ nár glacadh leis sa bhfoclóir nua, de réir dealraimh.