Tá níos mó i gceist le daonlathas ná uimhreacha de réir do rogha a bhreacadh sa bhothán vótála

An mhí seo chugainn rachaidh daoine os comhair breithimh agus iad cúisithe i bpríosúnú neamhdhleathach a dhéanamh ar an iarThánaiste Joan Burton

Tá níos mó i gceist le daonlathas ná uimhreacha de réir do rogha a bhreacadh sa bhothán vótála

Sam Boal/RollingNews.ie

Tá cás cúirte cinniúnach ar na bacáin, cás ina mbeidh cearta bunúsacha an daonlathais i gceist. An mhí seo chugainn, rachaidh an chéad seachtar d’ocht nduine dhéag os comhair breithimh agus iad cúisithe i bpríosúnú neamhdhleathach a dhéanamh ar an iarThánaiste Joan Burton. Cúis gurb ionann í agus fuadach.

Cheana féin, ciontaíodh duine amháin, a bhí faoi aois, sa Chúirt Leanaí, cúirt gan ghiúiré. Dar lena abhcóide, Giollaíosa Ó Lideadha, “a recipe for totalitarianism” a bhí i gcás an ionchúisimh.

Cé go gceapfadh roinnt daoine gur áibhéil a bhí i gcaint an abhcóide, caithfear bheith airdeallach ar impleachtaí na trialach seo agus an fasach dlíthiúil a d’fhéadfadh a bheith ann. Caithfear súil ghéar a choinneáil ar an chás mar d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha bheith ann don cheart chun agóide, arb é bunchloch an daonlathais é.

Tá níos mó i gceist le daonlathas ná uimhreacha de réir do rogha a bhreacadh síos in aice le pictiúir d’aghaidheanna polaiteoirí achan cheithre bliana. 

Murach an ghluaiseacht i gcoinne tháillí Uisce Éireann, seans maith nach mbeadh an 70% de Theachtaí Dála a bhí ar son a gcealaithe, ag am a dtofa ar scor ar bith, sa Dáil anois.

Dá gciontófaí na cúisithe, d’fhéadfaí fasach dlíthiúil a chruthú a dhéanfadh sainiú arís ar a bhfuil i gceist le príosúnú neamhdhleathach.

Tharlódh sé go bhféadfaí ansin an fasach dlíthiúil sin a úsáid chun srianta a chur ar agóidí de gach sórt, máirseáil mhall picéad nó agóid suí.

Daonlathas pobail atá i gceist agus is é ár gceart chun tionóil is chun agóide a chosain is a chothaigh an ghluaiseacht seo. Ba í an ghluaiseacht ón mbun aníos ab éifeachtaí le fada in ainneoin go ndearnadh gach iarracht í a chloí, le hurghaire cúirte, le cosc ar bhailiú airgid ar an AAA agus le Operation Mizen, beartas faireachais an Garda Síochána le súil a choinneáil ar agóideoirí.

Chonacthas cheana féin a éasca is atá sé srianta a chur ar agóidí i dtíortha daonlathacha an iarthair. Dlí an Ghobáin sa Spáinn mar shampla nó i Washington féin nuair a gabhadh iriseoirí as ucht agóidí ag insealbhú Trump a chlúdach.

Tá dlíthe sa tír seo chun agóidí a rialú cheana féin. An tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) mar shampla. Tá cumhachtaí leathana ann faoin acht sin. De réir tuairisc amháin a rinne Nell McCafferty tráth san Irish Times, gabhadh manaigh Hare Krishna faoin dlí sin toisc ‘éadaí áiféiseacha’ a bheith orthu agus tugadh os comhair breithimh iad.

Baineann na cúisithe seo le hagóid a reáchtáladh ag an ionad oideachais i Ráth Miontáin, An Cosán, nuair a tháinig Joan Burton, a bhí ina Tánaiste ag am, ar cuairt. Vótáil tromlach na mac léinn i gcoinne theacht an Tánaiste. Tugadh an chluas bhodhar dóibh. Chuaigh sí ann agus tháinig slua amach chun agóid a dhéanamh ina coinne agus i gcoinne na déine faoinar fhulaing Ráth Miontáin agus pobail dá mhacasamhail go mór.

Chruinnigh leathmhíle duine ann. Rinneadh agóid suí os comhair an chairr. Bhí céad Garda ann agus fiche feithicil leo. Tar éis dhá uair go leith d’agóid suí is máirseáil mhall, d’imigh an Tánaiste. Cuireadh moill uirthi cinnte. Ghlaoigh roinnt daoine ainmneacha maslacha uirthi, rud atá dochosanta. Caitheadh balún uisce léi. Shéan na cosantóirí sa Chúirt gur fuadaíodh Joan Burton.

Fear ag caitheamh cloiche a bhí mar scéal faoin eachtra ag nuachtán náisiúnta amháin, eachtra a tharla uaireanta a chloig i ndiaidh don Tánaiste imeacht, cé nár tugadh sin le tuiscint sa tuairisc.

An Feabhra ina dhiaidh sin, rinne buíonta de sheisear Gardaí ruathar maidine ar roinnt d’árais chónaithe an leathmhíle agóideoir.

I Lúnasa na bliana sin, tuairiscíodh ar Nuacht RTÉ gur sceith foinse ón Gharda Síochána gur príosúnú neamhdhleathach a cuireadh ina leith.

Bhí an chéad triail sa Chúirt Leanaí. In ainneoin na míonna fada a chaith seisear Gardaí ag scagadh na fianaise, chiontaigh an Breitheamh an páiste faoi aois ar na cúiseanna seo agus ar na cúiseanna seo amháin – shuigh sé os comhair gluaisteáin agus ghríosaigh daoine eile lena leithéid a dhéanamh, ghlac sé páirt sa mháirseáil mhall, gháir sé an rosc ‘No way, we won’t pay’, agus d’iarr sé ar an Tánaiste ‘talk to us, Joan’.

Nuair a rinneadh na ruathair maidine ar na hagóideoirí, bhí go leor cainte ann faoin phóilíniú polaitiúil, rud a séanadh ag an am. Arís, caint láidir, reitric más maith leat.

Cás tábhachtach a bheidh anseo, gan aon agó.

Fág freagra ar 'Tá níos mó i gceist le daonlathas ná uimhreacha de réir do rogha a bhreacadh sa bhothán vótála'