‘Náire’ agus ‘díomá’ faoi óráid Bhéarla ag Feisire Eorpach Gaeltachta ag comóradh Cásca Theach an Phiarsaigh, Ros Muc 

Tá míniú tugtha ag an bhFeisire Eorpach Liadh Ní Riada ar óráid, a bhí  ‘98% i mBéarla’, a thug sí ag comóradh 101 bliain Éirí Amach na Cásca 1916 i Ros Muc

‘Náire’ agus ‘díomá’ faoi óráid Bhéarla ag Feisire Eorpach Gaeltachta ag comóradh Cásca Theach an Phiarsaigh, Ros Muc 

Ba “ag síneadh na láimhe” chuig daoine nach raibh Gaeilge acu a bhí an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada, Sinn Féin, nuair a thug sí óráid uaithi i mBéarla, den chuid is mó, ag ócáid chomórtha Éirí Amach na Cásca 1916 i Ros Muc Domhnach Cásca.

Bhí Ní Riada ag labhairt ag Teach an Phiarsaigh ag comóradh 101 bliain an Éirí Amach ag an deireadh seachtaine nuair a thug sí óráid Bhéarla uaithi, ach dúirt an Feisire Eorpach le Tuairisc.ie gur “ag síneadh na láimhe” ar mhaithe le daoine nach raibh Gaeilge acu a mhealladh chun na teanga a bhí sí.

“Tugadh le fios dom go mbeadh go leor daoine ó thuaisceart na Gaillimhe i láthair ag an gcomóradh agus nach mbeadh aon Ghaeilge ag na daoine sin. Tá sé tábhachtach cumarsáid a dhéanamh le daoine i mBéarla chun  go dtabharfaidh tú leat iad.

“Ghabhas leithscéal sular thugas an óráid, agus labhair mé Gaelainn ar feadh cúig nóiméad sular thosaigh mé á tabhairt. ‘Maith dom é’, a dúirt mé agus bíonn drogall orm i gcónaí Béarla a labhairt i measc Gaeilgeoirí ach ní dóigh liom go bhfuil sé sásúil a bheith ag labhairt i nGaelainn amháin má táimid ag iarraidh daoine a thabhairt linn,” a dúirt an Feisire Eorpach as Gaeltacht Mhúscraí.

Mhínigh Ní Riada go raibh an óráid scríofa amach aici ar pháipéar agus “nach aon ateangaire” í, cé go ndearna sí iarracht an méid Gaeilge agus ab fhéidir léi a shníomh tríd an óráid.

Dúirt rúnaí Chumann Mháirtín Uí Chadhain de Shinn Féin, atá lonnaithe i gConamara, Máirín Mhic Lochlainn, áfach, gur chuir óráid Ní Riada “díomá agus náire” uirthi. 

“Chuir mé i láthair an phobail í mar iníon Sheáin Uí Riada, agus dúirt gur chuir muid fáilte mhór roimh a hathair nuair a tháinig sé go Conamara agus gur mhór an onóir dúinn í a bheith inár measc. Mhol mé go minic í freisin ar na meáin shóisialta as a cuid oibre sa mBruiséil. 

“Ach bhí mé ar buile nuair a thosaigh sí ag caint agus 85% nó níos mó dá cuid cainte i mBéarla. Tá roinnt ball eile den chumann ar buile freisin ach ní raibh deis againn é a phlé leo fós agus is tuairim phearsanta í seo dá bharr, Tá mé ar buile le Sinn Féin, ba cheart go mbeadh siad ag cur na Gaeilge chun cinn,” a dúirt Máirín Mhic Lochlainn. 

Dúirt sí go bhfuil “faitíos” anois uirthi nach bhfuil i gcaint Shinn Féin faoin nGaeilge “ach caint gan ghníomh”.

“Bhí polaiteoirí eile againn ag an ócáid san am a caitheadh, Peadar Tóibín agus Aengus Ó Snodaigh agus beirt eile ón taobh ó thuaidh, nach cainteoirí dúchais iad, agus níor labhair siad Béarla. Seo an chéad uair a tugadh óráid i mBéarla Domhnach Cásca ag Teach an Phiarsaigh agus tá náire orm gur bean ón nGaeltacht a rinne é sin,” a dúirt Máirín Mhic Lochlainn.

Chuir óráid Bhéarla an Fheisire Eorpaigh isteach ar roinnt daoine a bhí i láthair ag an gcomóradh bliantúil ag Teach an Phiarsaigh, os cionn Loch Oiriúlach i Ros Muc.

Dúirt duine amháin a bhí i láthair le Tuairisc.ie “nár cheart go dtarlódh rud mar sin” agus go raibh sí “spréachta” nuair a chuala sí an polaiteoir de chuid Shinn Féin “ag bladaráil” i mBéarla ag an Teach.

“Bhí 98% dá cuid cainte i mBéarla. Cuireadh in iúl dúinn í mar Fheisire Eorpach Chúige Mumhan, an Feisire a sheas don teanga agus don chultúr. Thosaigh sí ag caint faoin nGaeilge san Eoraip agus dúirt sí go ndéanfadh sí iarracht an óráid a dhéanamh 50% i nGaeilge agus 50% i mBéarla ach bhí 98% de i mBéarla.

“Níl aon bhaint agamsa le haon pháirtí polaitíochta, ach tá sé scannalach go mbeadh polaiteoir Gaeltachta á dhéanamh sin i gConamara. Bhog mé siar ón slua, bhí mé chomh spréachta sin, ní raibh mé in ann éisteacht léi,” a dúirt duine amháin a bhí i láthair.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Shinn Féin ar an ábhar seo.