Tá na Tóraithe ag alpadh a chéile, ach ní haon spórt fola taitneamhach é an uair seo

Tá cás Theresa May an mhí-áidh agus an ghuagacht pholaitiúil sa Bhreatain ina gcúis imní don oileán seo, thuaidh agus theas

Tá na Tóraithe ag alpadh a chéile, ach ní haon spórt fola taitneamhach é an uair seo

Pictiúr: RollingNews.ie

Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an t-ádh. Má bhí amhras ar Theresa May riamh faoi fhírinne an tseanfhocail ar éigean gur amhlaidh atá anois.

Tá an t-ádh níos riachtanaí don pholaiteoir ná do mhórán eile. Ní hamháin nach raibh an t-ádh ar an bPríomh-Aire May ag comhdháil na dTóraithe i Manchain Dé Céadaoin ach mhaithfeá don té a cheapfadh gur thug duine an drochshúil uirthi.

Murar leor an sárú slándála a lig do chleasaí a dhul chomh fada léi ar an ardán chun P45 a thabhairt di le linn a hóráide, theip ar a glór go seasta mar go raibh scornach thinn uirthi. Níor mhór do dhuine croí cloiche a bheith ag duine gan trua a bheith ag duine di, ach ní maith an bhail ar Phríomh-Aire é a bheith ina díol trua. Mar bharr ar an mífhortún thit na litreacha den mhana a bhí crochta ar a cúl, comhartha sóirt, dar le lucht a cáinte, ar a réimeas a bheith ag titim as a chéile. In ionad a húdarás sa pháirtí a fháil ar ais – cúis na hóráide – fágadh May níos laige fós agus na bultúir ag bailiú.

Ba mhór an spórt é do na sceits-scríobhaithe fiú sna nuachtáin a rinne dia beag di sula ndearna sí praiseach den olltoghchán. ‘Shambles’ arsa an Times. ‘Luckless May- tragic farce’ arsa an Telegraph. Cibé nimh a bhí sna meáin níor thaise é leis an íde a fuair sí ó chuid de na Tóraithe iad féin. Dar leis an London Evening Standard, páipéar George Osborne an t-iarSheansailéir, neartaíodh freasúra May ar an toirt nuair a chuaigh cúigear iar-airí ar bord le lucht na comhcheilge ina haghaidh. ‘Last Gasp’ arsa an Standard agus más fíor an ceathrú cuid de na ráflaí agus den bhéadán as Londain níl idir Theresa May agus uirísliú ach seilg mhire an pháirtí chun comharba éigin, seachas an liúdramán uaillmhianach, Boris Johnson, a aimsiú.

Mura mbeadh na Caomhaigh i gcumhacht, fiú más ar éigean é, ní bheadh san sceanairt faoin gceannaireacht ach spórt fola; gránna ach taitneamhach. Cuireann an brú atá ar an bPríomh-Aire cor eile sa scéal. Maidir leis an deisceart fágann aon ghuagacht i rialtas na Breataine a lorg ar an oileán seo ar ndóigh. Mar chomharsana, cothaíonn a dtrioblóidí deacrachtaí sa chaidreamh Angla-Éireannach. Mar rialtas atá freagrach mar sparánaí as údarás díláraithe Stormont (nuair atá sé ann), liosta le háireamh iad na fadhbanna a eascraíonn as corraíl in Whitehall. Is tromchúisí ná riamh na himpleachtaí i bhfianaise imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus an folús i Stormont.

Má éiríonn le May fanacht ina post go ceann scaithimh, gan údarás, cé aige a mbeidh sí faoi gheis? Na Breatimeachtóirí is diongbháilte ar fad? Dream eile? An mbeidh an cogadh cathartha sa pháirtí níos fuiltí ná riamh? Cén tionchar a bheidh aige sin ar an margáil le Michel Barnier? Cé a thabharfaidh aird ar na fadhbanna a chothaíonn an Breatimeacht d’Éirinn?

Maidir le Stormont, cé a dhéanfaidh cúram den obair atá riachtanach ansin? Is beag rian dearfach atá fágtha ar an scéal ag an Státrúnaí Brokenshire abhus go dtí seo. Ach má tá sé chomh mór le May is a deirtear, an mbeidh sé róghnóthach ag cosaint a shaoiste chun ról a imirt abhus? Agus seo iad an dream atá á gcoinneáil i gcumhacht ag an DUP beag beann ar an míshuaimhneas a chothaíonn an gaol sin sa bhaile.

Má ruaigtear May céard a tharlóidh? Bhí daoine áirithe ag caint faoi Ruth Davidson, ceannaire na dTóraithe in Albain mar chomharba. Ní feisire i Westminster í, áfach. Ar ndóigh bhí a fhios ag cait an bhaile gur theastaigh an gradam ó Boris Johnson. Thagair daoine áirithe do Brokenshire mar rogha chun Johnson a stopadh. Bhí ainm David Davis ar liosta eile. Agus fiú Michael Gove. Chuile sheans go mbeidh liosta eile ann amárach. Cé is moite de Ruth Davidson níl suim i dTuaisceart Éireann léirithe ag éinne acu as a stuaim féin. Ar ndóigh tá cur amach ag Brokenshire ar an réigiún i ngeall ar a phost reatha, ach údar iontais ag daoine anseo é a ainm a bheith luaite le post mór.

An gcoinneodh an DUP ceannaire nua ar na Tóraithe i gcumhacht? Mar leispiach bhí Ruth Davidson ar dhuine de na Caomhaigh is sinsearaí a cheistigh an margadh idir a páirtí agus an DUP. Meastar go mbeadh an DUP sásta le feisire ar bith de na dian-Bhreatimeachtóirí mar cheannaire: Johnson, Davis, Gove agus araile. Dúirt Nigel Dodds ag comhdháil na dTóraithe gur margadh cúig bliana a bhí ag an DUP leo. Is léir ar ndóigh go gcuirfeadh an DUP suas le han-chuid chun Jeremy Corbyn agus an Lucht Oibre a choinneáil as oifig ach ní féidir talamh slán a dhéanamh d’aon rud faoi láthair.

Údar imní is ea an ghuagacht i measc na gCaomhach agus rialtas na Breataine dá lán abhus, fiú na daoine gur tógáil chroí dóibh trioblóidí na dTóraithe go hiondúil.

Is maith atá a fhios gur fada, fada ó chéad leathanach an chláir oibre iad gnóthaí na hÉireann nuair atá na Caomhaigh ag alpadh a chéile.