‘Tá na Gardaí in ann do bhagairt sceimhlitheoireachta’ – Coimisinéir an Gharda Síochána

Deir urlabhraí dlí Fhianna Fáil Jim O'Callaghan go gcaithfear a fháil amach an in Éirinn a rinneadh radacach de Rachid Redouane

‘Tá na Gardaí in ann do bhagairt sceimhlitheoireachta’ – Coimisinéir an Gharda Síochána

Bheadh sé d’acmhainn ag na Gardaí dul i ngleic le haon bhagairt nó ionsaí sceimhlitheoireachta in Éirinn, dar le Coimisinéir an Gharda Síochána Nóirín O’Sullivan.

Tá séanta ag Gardaí sinsearacha nach mbeadh ar a gcumas dul i ngleic le hionsaí sceimhlitheoireachta chomh tapa céanna is a rinne póilíní Londan i gcás an ionsaithe ar dhroichead Londan Dé Sathairn.

Scaoil na póilíní marbh an triúr a rinne an t-ionsaí i Londain laistigh d’ocht nóiméad i ndiaidh thús na heachtra.

Dúirt an Leas-Choimisinéir John Twomey léirigh an beart a rinne na Gardaí Dé Domhnaigh go raibh naoi n-aonad den Gharda Síochána i ngiorracht deich nóiméad de Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath ag 10pm an oíche sin.

Dúirt Coimisinéir na nGardaí go raibh 20 duine eile le hearcú d’Aonad Armtha Tacaíochta an Gharda Síochána faoin 22 Meitheamh.

Dúirt Nóirín O’Sullivan go raibh sraith cleachtaí traenála beartaithe ag an bhfórsa ar fud na tíre chomh maith agus go mbeadh tuilleadh patról armtha “feiceálacha” ar shráideanna Bhaile Átha Cliath.

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí dlí Fhianna Fáil Jim O’Callaghan gur cheart fiosrúchán a chur ar siúl maidir le cad a bhí ar bun ag Rachid Redouane fad is a bhí sé ina chónaí in Éirinn.

Bhí Redouane ar dhuine den triúr fear a rinne an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Londain Dé Sathairn.

Ag labhairt dó ar an gclár News at One ar RTÉ, dúirt Jim O’Callaghan go gcaithfí a fháil amach an in Éirinn a rinneadh radacach de Redouane

Bhí an t-ainm Rachid Elkhdar in úsáid aige chomh maith agus meastar gur tháinig sé ó chúlra Libiach agus Maracach.

Ní raibh sé á fhaire ag na Gardaí.

Bhí cárta aitheantais Éireannach ar iompar ag Redouane nuair a rinne sé féin agus beirt eile an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Londain Dé Sathairn.

Scaoil na póilíní marbh an triúr fear agus thángthas ina dhiaidh sin ar an gcárta aitheantais Éireannach a bhí ar iompar ag duine acu.

Ba é Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce a d’eisigh an cárta.

Eisítear a leithéid de chárta mar chruthúnas céannachta agus mar chruthúnas go bhfuil cead cónaithe in Éirinn ag duine toisc iad a bheith ag maireachtáil anseo ar feadh tréimhse áirithe agus toisc critéir áirithe a bheith comhlíonta acu.

Meastar gur chónaigh Redouane in Éirinn go deireanach in 2015 agus gur thug sé seal ina chónaí i Ráth Maonais i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar '‘Tá na Gardaí in ann do bhagairt sceimhlitheoireachta’ – Coimisinéir an Gharda Síochána'