‘Tá mé bored!’ a dúirt sí agus thuig mé go raibh uair na cinniúna tagtha

AG TÓGÁIL CLAINNE: ‘Mura gcloisfidh siad é, ní bheidh siad in ann é a rá,’ an teoiric a bhí ag ár gcolúnaí nó gur chuala sí ‘Tá mé bored!’ den chéad uair

pic_bored

Is beag nár thit mé as mo sheasamh. ‘Tá mé bored!’ a dúirt sí. Bhí a fhios agam gur ag crosbhóthar cinniúnach a bhí mé i mo shaol. Mar a dúirt Baz Luhrmann ina óráid aitheanta ‘The Sunscreen Song’: “The real troubles in your life are apt to be things that never crossed your worried mind, the kind that blindside you at 4pm on some idle Tuesday.”

Cheap mé go mbeinn réitithe don fhocal úd a thosaíonn le ‘b’ nuair a chloisfinn é. Choinnigh mé súil ghéar ar mo chuid cainte fhéin. ‘Mura gcloisfidh siad é, ní bheidh siad in ann é a rá,’ an teoiric a bhí agam. Anois bhí sé tagtha aniar aduaidh orm. Ceithre bliana d’aois agus an focal mór aici.

Leis an fhírinne a insint, bhí a fhios agam go dtiocfadh an lá seo uair éigin. Cheap mé, áfach, go mbeadh siad sna déaga sula gcloisfidís in áit éigin é agus go mbeadh sé faoi réir acu; ráiteas gan freagra réitithe san armlóin.

Bored’  – cuireann sé an brú ar an tuismitheoir láithreach leigheas a fháil air. ‘An é seo mo shaol anois?’ a dúirt glór beag ar chúl m’intinn liom; ‘céard a dhéanfaidh mé?’

Bhreathnaigh mé amach an fhuinneog. Bhí sé ina bháisteach arís. Bhreathnaigh mé thart ar an seomra. Ní raibh mé ag iarraidh an teilí a chur ar siúl. Bheadh tús curtha le nós contúirteach mura mbeadh le déanamh ach an focal draíochta a rá agus go gcuirfí an bosca beag ar siúl.

Chaithfinn ligean orm fhéin nár chuir sé as dom. ‘Ná tabhair aon aird ar an iompar a bhfuil tú ag iarraidh deireadh a chur leis,’ a déarfaidh na saineolaíthe tuismitheoireachta uile go cinnte, dearfach, lánmhuiníne. Aon aird beag ná mór.

Ach chaithfinn fios a bheith agam. Chorraigh mé sa gcathaoir. Chuir mé mo chosa i dtaca agus rinne mo dhícheall blas ar nós cuma liom a chur ar mo ghlór. ‘Cár chuala tú an focal sin?’

Bhreathnaigh sí aníos orm ón áit a raibh sí suite ag iarraidh dhá mhaide líreacán reoite a ghreamú leis an gcairtchlár as lár an pháipéir leithris. ‘Céard?’ a dúirt sí. Bhí mé ar tí é a fhiafraí di arís nuair a thuig mé go raibh dearmad déanta aici air cheana fhéin. ‘Cén focal?’ a d’fhiafraigh sí.

Faoiseamh. Saoirse. ‘Ó, focal ar bith,’ a dúirt mé go fánach, mar dhea.

‘Gabh i leith uait, cuirfidh muid orainn na cótaí is gabhfaidh muid amach.’

 

Fág freagra ar '‘Tá mé bored!’ a dúirt sí agus thuig mé go raibh uair na cinniúna tagtha'

  • Shane Ó hEidhin

    Álainn, cliste, greannmhar. GRMA.