‘Tá mé ag ceapadh go mbeidh mé i mo bhirthday girl chuile lá…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Mhaithfí duit scéal mór a dhéanamh de do bhreithlá nuair nach raibh agat i gcaitheamh do shaoil ar fad ach trí cinn acu…

‘Tá mé ag ceapadh go mbeidh mé i mo bhirthday girl chuile lá…

‘Tá mé ag ceapadh go mbeidh mé i mo bhirthday girl chuile lá as seo amach,’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag i nglór binn brionglóideach a thug le fios go raibh sí imithe ar thuras aislinge go tír éicint i bhfad i gcéin.

Thit an breithlá féin i lár na seachtaine agus bhí cóisir socraithe don Satharn. Is dócha go bhféadfá féile ar théama an bhreithlae a thabhairt ar an tréimhse idir eatarthu. Le bheith iomlán cruinn faoi, ní hé go raibh cóisir socraithe ceart don Satharn ach dúirt muid go n-eagródh muid ‘rud éicint’.

Is é an tuiscint a bhí ag daoine air sin ná go mbeadh cóisir i Monkey Business agus go mbeadh cáca Frozen ann. Cé nach raibh sé curtha i scríbhinn in aon áit againn, is dócha dá dtabharfaí os comhair na cúirte muid go seasfadh sé mar chonradh béil.

Mhaithfí duit scéal mór a dhéanamh de do bhreithlá nuair nach raibh agat i gcaitheamh do shaoil ar fad ach trí cinn acu. Go háirithe nuair nach raibh ‘barúil na ngrást’ (Marion Ní Shúilleabháin™) agat an uair dheireanach céard é ’breithlá’ agus gur chaith tú cuid mhaith den am i bhfolach faoin mbord.

Fós féin, níl sé éasca ar an té a chaithfidh a bheith ag hip-hip-huraí-áil ar feadh seachtaine, go háirithe dá mbeadh an té sin gafa ag comhaireamh laethanta go dtí a breithlá féin. Is fada an t-achar é a bheith ag déanamh iontais an dtiocfaidh an lá  go deo go bhfaighidh tú an chéad slisín den cháca lá breithe.

Tuigeann chuile dhuine nach bhfuil cuma ná caoi ar an dara píosa den cháca. Is ionann an dara píosa a fháil agus dá n-iarrfaí ort spúnóg salainn a ithe nó bolgam ola ae troisc a ól. Ní furasta é a shlogadh siar, go háirithe má bhí pictiúr d’Elsa as Frozen ar an gcéad slisín agus nach raibh ar do cheannsa ach coirnéal dá cos.

Meas tú an bhfuil Elsa anois ina ball den ghrúpa uasal sin daoine nach bhfuil aon chall acu le sloinne, cosúil le Cher, Beyoncé nó Dia féin? Nó an bhfuil mise sáinnithe i bhfochultúr aisteach éicint i ngan fhios díom féin?

‘Ní fhéadfaidh tú breithlá a bheith agat chuile lá,’ a mhínigh Beainín na Naíonáin Bheaga di go cabhrach. Cabhair a déarfá go mb’fhéidir nach raibh aon ghéarghá leis. ‘Bíonn breithlá-annaí ag daoine eile freisin,’ a dúirt sí go cinnte agus cúrsaí an tsaoil á leagan amach aici go beacht cruinn.

Ansin thug mé faoi deara go raibh beagán imní le feiceáil ar a héadan. “Nach mbíonn, a Mhamaí?” a d’fhiafraigh sí díom agus amhras ina glór.

Fág freagra ar '‘Tá mé ag ceapadh go mbeidh mé i mo bhirthday girl chuile lá…'