‘Tá mé ag ceapadh go gcaithfidh sé a ghabháil go dtí an medical osdibéal’

AG TOGÁIL CLAINNE: Tá dhá Winnie the Pooh sa teach, ceann acu nach bhfuil aon mheas air, agus ceann eile atá seanchaite leis an méid cuimilte agus aire atá tugtha dhó…

TeddyBearHospital002

‘Bhí timpiste ag Winnie-the-Pooh Crosach,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga agus imní ina glór.  ‘Tá mé ag ceapadh go gcaithfidh sé a ghabháil go dtí an medical osdibéal,’ ar sí. Tá dhá Winnie the Pooh sa teach, ceann acu nach bhfuil aon mheas air, agus ceann eile atá seanchaite leis an méid cuimilte agus aire atá tugtha dhó.

Shín sí an teidí beag crosach suas chugam agus a chrúb chlé crochta in airde aici don scrúdú leighis.

Ba chuma liom, ach níl sé i bhfad ó bhí an teidí céanna feicthe ag dochtúir. Tugadh chuig Ospidéal na dTeidithe é, seirbhís fhíor-thábhachtach a chuireann mic léinn leighis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar fáil gach bliain.

Tháinig sí abhaile an lá sin agus nóta ón dochtúir aici. ‘Dúirt mé leis an dochtúir gur  ‘Crosach’ an dara hainm atá air, ach ní cheapaim gur thuig sé céard a bhí mé a rá,’ a dúirt sí agus í ag síneadh an pháipéir chugam. ‘Winnie the Pooh C. – tabhair neart oráistí dhó,an treoir a bhí scríofa air.  Bhí an bindealán fós ar a chrúb bheag chluimhrí ón lá sin.

De réir mar a thuigim é, gortaíodh é an uair seo le linn ruaille buaille chuardach na n-uibheachaí Cásca. Tuairiscíodh gur rugadh ar an mBabaí agus é ag cogaint na crúibe den teidí is ansa leis. Ní fhéadfainn an milleán a chur ar an bpáiste. Ní raibh aon neart aige air, bhí sé buailte, sílim, ag fiabhras na seilge agus ag an ualach siúcra a bhí á bhualadh d’iarraidh mhór amháin san hipeacampas.

Bhí plean agam go mbeadh spúnóg nó dhó bricfeasta ite acu sula dtosófaí ar na Hunger Games, ach is ag seoladh in aghaidh na gaoithe a bhí mé.

‘Ní fhaca tú aon ubh thart ón gcoinín?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom nuair a dhúisigh sí agus allas léi i lár na hoíche. ‘Amárach, a leainín, amárach,’ a dúirt mé agus mé ag iarraidh an creathadh i mo ghlór a cheilt.

‘Ag am lóin a thagann an coinín go hiondúil,’ a dúirt mé ar maidin is mé ag síneadh babhlaí leite chucu. ‘Cén chaoi a bhfuil a fhios a’d é sin?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom agus í ag breathnú go grinn orm. ‘Casadh orm ar an mbóthar é,’ a dúirt mé ar nós cuma liom agus mé ag iarraidh éalú amach as an seomra sula gcuirfí aon cheist eile orm.

‘Cén bóthar? Cáide? Cén dath a bhí air? An raibh sé ag caitheamh éadaí?’ a d’fhiafraigh sí díom. Bhí sé ina rabharta.