Tá laige orainn faoi láthair, ach ní laige croí í agus is féidir an galar a leigheas – An Claiḋeaṁ Soluis

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (17 Meitheamh 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

A CS

11 (Iomlán 947) Cláraithe mar pháipéar nuachta Meitheamh 17, 1916 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Is iondúil go dtagann scaipeadh ar ranganna na gcraobhacha i dtús an tsamhraidh agus ar fhormhór de choistí na gcraobhacha chomh maith. Tháinig an scaipeadh gnách orthu i mbliana agus chuidigh an tÉirí Amach leis an scaipeadh sin. Chuir an trí chéile a tháinig orainn uile cosc ar obair an tsamhraidh, ar fheiseanna, agus ar aeraíochtaí agus ar na turais a bhíodh againn. Chuir an trí chéile céanna deireadh le bailiú an airgid i mBaile Átha Cliath.

Níor chuí agus níor chóir dúinn féachaint faoi láthair leis an slógadh ba ghnách linn i gcónaí sa samhradh. Tá an tír uile faoi néal bróin mar gheall ar rudaí a tháinig de bharr an Éirí Amach agus níl an gliondar is dual do lucht na Gaeilge ar ár ndaoine. Ní hionadh linn an easpa gliondair in éagmais na bhfear atá marbh agus atá curtha thar sáile. Bhí cuid mhór acu dílis do chúis na Gaeilge agus dúthrachtach san obair, agus mothóimid a gcabhair uainn go ceann i bhfad.

obair le déanamh, ámh, agus tá de dhualgas orainn an ghluaiseacht a choinneáil ar siúl.  thionólfar an tOireachtas i bPort Láirge mar a bhí socraithe againn, ach ní ligfear ar lár é. Beidh Oireachtas beag againn i mBaile Átha Cliath i dtús mhí Lúnasa, agus tionólfar an Ard-Fheis san am céanna. Caithfimid Ard-Fheis Mhór a thabhairt le chéile i mbliana. Ní mór dúinn ár neart a bhailiú agus spreacadh agus fuinneamh a chur i nGaeil. Ar an ábhar sin ba cheart do na craobhacha a bheith réidh i gcomhair na hArd-Fheise.

an bailiú airgid le déanamh fós i mórán áiteanna agus is beag áit gan duine nó beirt atá in inmhe an obair sin a chur chun críche. Tá teachtairí le toghadh agus ní mór iad a thoghadh gan mhoill. Déantar an obair i dtráth nó rachaidh sí i bhfuaire. Tá an Conradh gan uachtarán faoi láthair. Caithfear uachtarán a thoghadh ag an Ard-Fheis agus ní mór do na teachtairí comhairle ina thaobh seo a ghlacadh lena gcraobhacha. Ná bídís ag teacht chun na hArd-Fheise gan aon chomhairle acu nó gan machnamh déanta acu faoin gceist.

Táthar ag moladh an Athar Peadar mar uachtarán don Chonradh. Is fíor gur údar mór Gaeilge é; is fíor go bhfuil a chlú leata ar fud Éireann; is fíor go bhfuil sé chomh dílis do chúis na teanga le haon duine beo; is fíor freisin go bhfuil sé faoi mheas ag Gaeil uile na tíre agus go bhfuil muinín acu as mar fhear cóir. Tá toilteanach an uachtaránacht a ghlacadh, agus tá an onóir tuillte aige ó lucht na Gaeilge.

Ceapann beagán daoine gur féidir uachtarán a thoghadh láithreach. Ní féidir. D’ordaigh an Ard-Fheis anuraidh gan aon uachtarán a thoghadh go ceann na bliana – mura dtiocfadh an Craoibhín ar ais. Má thagann sé ar ais beidh míle fáilte roimhe. Mura dtagann caithfear uachtarán nua a thoghadh ag an Ard-Fheis. Má ainmnítear an tAthair Peadar cuirfear a ainm os comhair na hArd-Fheise chomh maith le hainm aon duine eile a ainmneofar. Caithfear an toghadh a dhéanamh ar an gcuma sin. Dá ndéanfaí ar aon chuma eile ní bheadh na teachtairí an pobal sásta.

Is dócha nach mbeidh na haeraíochtaí ann i mbliana nó go dtí an fómhar. Caithfear iad a chur ar cairde. Ach céard a dhéanfar ar son an aosa óig? Ní cóir dúinn faillí a dhéanamh iontu. Tá an Galldachas ag fáil greim orthu le linn ár bhfaillí. Tig linn cuid acu – an chuid is meabhraí acu – a sheoladh go dtí na Coláistí agus go dtí an Ghaeltacht. Tig linn iad a thabhairt le chéile uair nó dhá uair sa tseachtain chun ceoil agus Gaeilgeoireachta.

Molaimid lucht gach craoibhe a thabhairt le chéile go luath chun cúis na teanga agus staid an Chonartha a bhreathnú agus cúrsaí na Gaeilge a chur trí chéile. Tá laige orainn faoi láthair, ach ní laige croí í agus is féidir an galar a leigheas. Níl an croí tite ionainn agus ní dúinn a bheith scáfar ná faiteach feasta. Taispeánfaidh Ard-Fheis mhór mhisniúil nach bhfuil an Conradh ar lár. Taispeánfaidh slua mór teachtairí go bhfuil cairde na Gaeilge go láidir agus go líonmhar.

Fág freagra ar 'Tá laige orainn faoi láthair, ach ní laige croí í agus is féidir an galar a leigheas – An Claiḋeaṁ Soluis'