Tá iarrtha ar an Taoiseach teacht os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge

Tá an Coiste ag iarraidh go labhródh Enda Kenny faoi na spriocanna a leagadh síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Tá iarrtha ar an Taoiseach teacht os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge

RollingNews.ie

Tá iarrtha ag cathaoirleach an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais, Catherine Connolly, ar an Taoiseach agus ar an Aire Caiteachais Phoiblí teacht i láthair an Choiste leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a phlé.

Tá an Coiste ag iarraidh go labhródh Enda Kenny agus Paschal Donohoe faoi na spriocanna a leagadh síos sa Straitéis, a foilsíodh seacht mbliana ó shin, a baineadh amach go dtí seo agus na spriocanna eile atá fós le baint amach.

D’iarr baill an Choiste Gaeilge ar an Taoiseach agus ar an Aire Caiteachais Phoiblí roimhe seo teacht ina láthair ach níor glacadh leis an gcuireadh sin. Tá ráite ó shin ag an Taoiseach nach mbeadh aon fhadhb aige teacht os comhair an choiste ach an t-am a bheith aige chuige.

Tá iarrtha ag an gCoiste freisin ar an Aire Donohoe eolas a thabhairt faoi líon na státseirbhíseach, de réir gráid agus rannóige, i ngach Roinn Rialtais agus i ngach Oifig Rialtais, a bhfuil líofacht Ghaeilge acu agus atá toilteanach seirbhís a sholáthar don phobal i nGaeilge.

Tá os cionn trí bliana ann ó tugadh córas nua isteach in áit chóras na marcanna bónais do státseirbhísigh le Gaeilge.

Faoin gcóras nua, bhí painéal daoine le cruthú a raibh líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge acu, painéal arbh ionann é agus 6% d’earcaigh nua sa státseirbhís.

Bhí easpa dul chun cinn maidir le hearcú státseirbhíseach le Gaeilge i measc na gcúiseanna ar chinn an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin éirí as.

Sna míonna sular éirigh sé as a phost, thug Ó Cuirreáin rabhadh don Taoiseach go mbeadh polasaí nua an Stáit chun cur le líon na gcainteoirí Gaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ina theip shuntasach agus gur ‘Béarla éigeantach’ sa státchóras a bheadh fágtha mar oidhreacht aige.

Bhíodh an Ghaeilge ina riachtanas do gach post sa státseirbhís go dtí 1974, ach cuireadh córas na marcanna bónais i bhfeidhm nuair a fuarthas réidh leis an gcóras sin.

Tá an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, ag éileamh go n-athrófaí an córas earcaíochta sin don Ghaeilge sa státseirbhís agus imní air faoi theip an chórais a tugadh isteach trí bliana ó shin.

Dúirt an tAire nach bhfuil sé sásta leis an gcóras mar atá agus go gcaithfí é a athrú. Dúirt sé chomh maith go bpléifeadh sé an cheist leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus le ranna stáit roimh an gcéad chruinniú eile de Choiste Ealaíon, Gaeilge agus Gaeltachta an Rialtais, coiste a bhfuil an Taoiseach ina Chathaoirleach air.

Ba í an chéad chéim i mbunú an chórais nua a bhfuil An tAire Stáit míshásta leis ná go liostódh gach roinn na poist ar leith acu a mbeadh cumas sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon riachtanach dóibh. Bhí an obair liostaithe sin le bheith déanta faoi lár Eanáir na bliana 2015.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie in 2015, i 15 roinn stáit ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.

Tuairiscíodh go raibh ocht Roinn Rialtais ann nach raibh oiread agus post amháin sainaitheanta acu a raibh an Ghaeilge riachtanach dó: an Roinn Airgeadais; An Roinn Oideachais; an Roinn Tithíochta; an Roinn Caiteachais Phoiblí; An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta; An Roinn Cumarsáide; an Roinn Leanaí; agus an Roinn Cosanta.

Ag deireadh na bliana seo caite, agus nach mór dhá bhliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú, ní raibh ach 0.08% de na poist i 15 Roinn aitheanta mar phoist do dhaoine a raibh líofacht sa Ghaeilge acu. Ciallaíonn sé sin gur leor Béarla do 99.92% de na poist sin.

I bhfreagraí a tugadh ar shraith ceisteanna Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín, mhaígh ochtar Airí Rialtais nach gá dóibh aon phost a shainaithint mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis.

Fág freagra ar 'Tá iarrtha ar an Taoiseach teacht os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge'

  • Pól Ó Braoin

    Is léir ón méid sin thuas nach bhfuil ceist ar bith ann go ndéanfaidh an rialtas seo seirbhísí ar bith stáit a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Bainfear úsáid as dallamúllóga mar “An Straitéis Fiche Bliain…” in áiteanna mar Bhaile Átha Cliath, nach bhfuil gaeltacht ar bith ann, agus ar uile le rudaí a chur ar an méar fhada ag súil gur i laghad a ghabhfas na héilimh ar sheirbhísí trí Ghaeilge nuair a fheicfeas lucht labhartha na Gaeilge gur fearr an béarla a úsáid agus iad ag iarraidh aon rud a bheith déanta agus iad ag plé le cúrsaí oifigiúla an stáit seo. Fágtha in áit na leithphingne atá muid uilig.