Tá greim fachta ag aicíd alpach an chearrbhachais ar shamlaíocht imreoirí óga CLG

Is é ceart Chumann Lúthchleas Gael dul i ngleic leis an gcearrbhachas ar mhaithe lena n-imreoirí óga, ach mo thrua an ceart nuair a bhíonn sé gan neart…

Gambling

Má chaitheann tú seal i bhfochair imreoirí óga agus i bhfochair na gcoláisteánach go háirithe, gheobhair éachtaint éigin ar a mbíonn ag dó na geirbe acu, ar a mbíonn mar mhianach acu chun paiste seoigh a dhéanamh nó, go deimhin, ar a ndeineann siad chun an lá a leigheadh.

Ní gá duit bheith rófhada sa chomhluadar chun go ndíreodh an chaint ar gheallta, ar chearrbhachas agus ar airgead atá curtha, á chur nó le cur ar imeachtaí éagsúla spóirt.

Is ar chluichí sacair i bPríomhroinn Shasana de ghnáth a bhíonn an t-airgead curtha. Tá a fhios agat féin an cúram; dála na pools a dheinimis féin ar scoil fadó, bíonn spéis ar leith ag scata i dtorthaí na Príomhroinne toisc go bhfuil pinginí pitseála na deireadh seachtaine ag braith orthu.

Tá san go breá, arsa tusa, ach le blianta beaga anuas tá geoin chomhrá ag brúchtaíl go slim sleamhain, claonbheartach i measc na cosmhuintire agus tá an gheonaíl sin anois ina glam toisc go bhfuil sé tagtha abhaile chugainne go léir gur cás linn Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil greim fachta ag aicíd alpach an chearrbhachais ar shamlaíocht na n-imreoirí óga.

Oscailt súl ab ea é dúinn tamall de bhlianta ó shin nuair a nocht iarpheileadóir Ard Mhacha, Oisín McConville, a dheacrachtaí leis an gcearrbhachas. Tháinig imreoir Uíbh Fháilí, Niall McNamee sna sála air le cur síos deisbhéalach ar an iomrascáil a bhí aige siúd leis an gcúram. Anuas sa mhullach ar sin ar fad, tháinig scéala truamhéalach chosantóir Thír Eoghain, Cathal McCarron, chun cinn agus chuir san ina luí gaidhte orainn go mb’fhéidir go raibh póirsí ana-dhorcha le siúl acu siúd a bhíonn i ngalar na gcás.

Triúr iad McConville, McNamee agus McCarron a raibh ar a gcumas dul i ngleic leis na dúshláin a bhí acu le cúrsaí cearrbhachais agus teacht slán astu. Bhí cabhair nach beag le fáil acu ó Chumann na nImreoirí, an GPA, agus ó phobal CLG trí chéile. Imreoirí aitheanta iad triúr a bhfuil mórán bainte amach ar pháirc na himeartha acu ach is dócha gurb í an cheist atá ag déanamh tinnis do phobal CLG anois ná cad faoin iliomad imreoir eile nach bhfuil chomh haitheanta agus nach bhfuil an tacaíocht chéanna ar fáil dóibh is a bhí don dtriúr atá luaite agam?

Labhair Cathaoirleach CLG na Gaillimhe, Noel Treacy, an mhí seo caite ar an ngéarchéim, dar leis, atá anois ag CLG sa chontae sin de bharr oiread imreoirí óga bheith páirteach i scéimeanna cearrbhachais de shórt éigin.

Agus é ag tagairt do ghrianghrafanna ar na meáin shóisialta a léirigh imreoirí ag ceiliúradh agus iad ag bailiú a gcreach tar éis geall bheith curtha ar chluiche sinsir iomána sa Ghaillimh acu, dúirt Treacy go bhfuil roinnt mhaith tuismitheoirí tar éis dul i gcomhairle leis de bharr an imní atá orthu go mbeidh a gclann róthugtha don gcearrbhachas.

Timpeall an ama chéanna, sa chontae céanna, bhí ar chomhlacht geallghlacadóra Mulholland éirí as a leabhar ar an bhfolúntas don gcéad bhainisteoir iomána eile sa Ghaillimh tar éis do seacht ngeall déag is fiche bheith curtha in imeacht dhá uair a’ chloig ar an té a ceapadh sa ról ar deireadh, Micheál Donoghue.

Nuair a foilsíodh leabhar Jim McGuinness, Until Victory Always, ag deireadh na bliana seo caite, ba é an trácht a dhein sé ar a chuid imreoirí bheith ag cur geallta orthu féin (ag praghas 10/1 i gcásanna áirithe) roimh chluiche leath cheannais na bliana 2014 ba mhó a tharraing caint is cogarnaíl.

Sna treoracha ar chúrsaí cearrbhachais a d’fhoilsigh Cumann Lúthchleas Gael féin dhá bhliain ó shin, molann siad d’imreoirí gan aon gheall a chur ar aon chluiche ina mbíonn siad féin rannpháirteach iontu. Tá, a deir CLG, reachtaíocht in Éirinn, thuaidh agus theas, a leagann pionós ana-dhian ar an té atá ag baint leasa as eolas áirithe chun rian a fhágaint ar thoradh chluiche. Áirítear fíneálacha agus téarmaí príosúin sa phionós seo.

Maidir le rialacha CLG féin, d’fhéadfadh iompar dá leithéid teacht faoi bhrat Riail 7.2 (e) sa Treoraí Oifigiúil agus d’fhéadfaí aon phionós ó thréimhse fionraíochta ocht seachtaine go fionraíocht saoil a ghearradh ar an té a bheadh i mbun na camastaíola.

Is cosúil, áfach, ná fuil sa mhéid sin ach gothaí agus dealraíonn sé nach mbeidh aon fhiacail sna bagairtí nó go ngearrfar pionóis orthu siúd ar féidir a léiriú go soiléir go rabhadar nó go bhfuiltear i mbun cleachtais chama. 

Chun a gceart a thabhairt do Chumann Lúthchleas Gael, thar aon eagraíocht spóirt eile, táid le tamall i gceann an tslua ina n-iarrachtaí dul i ngleic leis an bhfadhb.

Tá fairsingiú déanta ar an gclár ASAP a bunaíodh geall le deich mbliana ó shin chun dul i ngleic le mí-úsáid alcóil agus drugaí agus tá an chuid sin den eagraíocht a bhaineann le sláinte, le leas agus le folláine a mball anois ar an réimse is mó fáis i gCumann Lúthchleas Gael. Tá oifigigh sláinte is folláine ceaptha le dhá bhliain anuas in 30 de na 32 Boird Contae sa tír agus is maith ann iad.

Aithnítear coitianta anois nach bhfuil i gCumann Lúthchleas Gael ach scáthán ar an méid atá ag titim amach i saol na tíre agus go dtagann na ceisteanna atá ag déanamh mearbhaill agus buartha don saol mór chun cinn laistigh de dhomhan beag CLG chomh maith.

Más aon slat tomhais an chaint ar fad atá á dhéanamh faoi chúrsaí cearrbhachais i gcoitinne, bheadh dul amú orainn mar phobal beag caide agus iomána a cheapadh nach mbaineann an fhadhb linn féin.

Ar bhonn polaitiúil, is deacair a chreidiúint go bhféadfadh tionscal bheith ag feidhmiú sa tír seo a chuireann fostaíocht ar fáil do na mílte, tionscal a thuilleann na billiúin euro na haon bhliain, tionscal atá ag fás agus ag borradh ar bhonn idirnáisiúnta ach atá fós, a bheag nó a mhór, ag teacht faoi anáil reachtaíochta ó 1931 agus 1956.

Ach sin é mar atá.

Conas dá réir sin go mbeifí ag súil go bhféadfadh Cumann Lúthchleas Gael dul i ngleic le tionscal atá ag síorathrú agus geallta á dtógaint ar gach gné den imirt anois trí shlite agus trí mhúnlaí nár taibhsíodh dúinn cúig bliana ó shin fiú?

Tuigeann an uile dhuine a bhíonn ag éisteacht le comhráití agus le cogarnaíl na hóige go gcaithfear dul i ngleic leis an gcúram.

Caithfear tosnú in áit éigin.

Is é ceart Chumann Lúthchleas Gael amhlaidh a dhéanamh ar mhaithe a gcuid imreoirí óga.

Ach mo thrua an ceart nuair a bhíonn sé gan neart.

Fág freagra ar 'Tá greim fachta ag aicíd alpach an chearrbhachais ar shamlaíocht imreoirí óga CLG'

  • padraig

    Fadhb ollmhor gan aon ago. Fear mor sacair (iomra ar a mhac go hairithe) i gcathair Chorcai ag fonoid faoi imreoiri CLG agus e a ra ‘bionn siad thios san oifig beiteala ag iarraidh cupla bab a dheanamh i gcomhair cupla piunt, aithnim iad on teilifis’ ……..’e sin no bid a gcaitheamh fein isteach sa Laoi’…. sin caint a bhfuil binb agus searbhas o thoin ag baint lei agus an fear ceanna brea inniuil chuige, mise fe dhuit. Saibhreas thar meon agena mhac (spreotai nach beag aige fein uaidh) a lamhalann do, dar leis, labhairt chomh toirteiseach, neamhthrocaireach, gairgeach sin. Ach ni galar lucht CLG amhain e, mo lean, is mo teaghlach scriosta aige, ni tri sheans a bhunaitear a lan de na siopai geallghlacadoiri sin in aice an ti tabhairne.