‘Tá Gaelainn na Mumhan mar a bheadh anraith tiubh ann’ —Aontachtaigh ag baint súp as turas go Corca Dhuibhne

Tá grúpa Protastúnach as Oirthear Bhéal Feirste ar cuairt i nGaeltacht Chiarraí i gCorca Dhuibhne

‘Tá Gaelainn na Mumhan mar a bheadh anraith tiubh ann’ —Aontachtaigh ag baint súp as turas go Corca Dhuibhne

Pictiúr: Michael de Mordha

Tá grúpa Protastúnach as Oirthear Bhéal Feirste ar cuairt le Linda Ervine ar Ghaeltacht Chiarraí i gCorca Dhuibhne faoi láthair agus iad ag baint an-súp a a dturas teanga. Tá naonúr Protastúnach agus seisear Caitliceach, a bhíonn ag freastal ar ranganna Gaeilge Turas in ionad Skainos in oirthear na cathrach, in iarthar Dhuibhneach ó thús na seachtaine.

An tAthair Tomás Ó Murchú ó Bhrú na Gráige a thug cuireadh don ghrúpa teacht aduaidh ar cuairt i ndiaidh dó Linda Ervine a chloisteáil cúpla mí ó shin agus an Ghaeilge á cosaint aici ar an gclár raidió Morning Ireland.

Dúirt Linda Ervine féin le Tuairisc.ie tráthnóna inné go bhfuil an turas “go hálainn” agus go bhfuil sí féin agus na foghlaimeoirí eile ag baint an-taitneamh as.

“Tá achan nduine chomh cineálta sin anseo agus tá an oiread sin rudaí eagraithe acu dúinn. Nuair a tháinig muid bhí bosca bia acu dúinn, agus cuireadh an-fháilte go deo romhainn. Tá muid ar thuras faoi láthair le saineolaí as an áit ag Ionad an Bhlascaoid, agus tá léacht le bheith againn ar ball.

“Tá na daoine an-chineálta agus an-chairdiúil. Rinne muid turas ar an leithinis inniu, beidh muid sa Daingean amárach, bhí muid ar cuairt ag an stáisiún raidió inniu agus beidh muid ar cuairt ag scoileanna áitiúla,” a dúirt sí.

Linda Ervine

Dúirt sí go bhfuil canúint Chorca Dhuibhne “iontach deacair” agus mar a bheadh “anraith tiubh” ann.

“Tá sí iontach deacair, tá sí níos moille ach tá sí mar a bheadh anraith tiubh ann. Tá sí trom, nó tiubh, sin an t-aon bhealach is féidir liom cur síos uirthi. Bíonn na gutaí chomh fada sin acu,” a dúirt sí.

Dúirt Ervine go dtaitníonn stair agus oidhreacht an cheantair go mór léi, go mór mór na logainmneacha. Thug an grúpa cuairt ar an tseaneaglais Phrotastúnach sa cheantar agus ar láthair eile a bhain leis an oidhreacht Phrotastúnach i bhFionntrá.

Dúirt an tAthair Ó Murchú gur deis atá sa turas cairdeas a neartú idir an dá phobal agus an teanga úsáid mar dhroichead i bpróiseas na síochána ó thuaidh.

Dar le Linda Ervine go bhfuil an DUP dall ar Aontachtaigh agus ar Phrotastúnaigh a chuireann spéis a Ghaeilge agus gur chóir tacú le reachtaíocht teanga don Ghaeilge amháin ó thuaidh.

Fág freagra ar '‘Tá Gaelainn na Mumhan mar a bheadh anraith tiubh ann’ —Aontachtaigh ag baint súp as turas go Corca Dhuibhne'

  • Feardorcha

    Ó Donncha Dí go Dún Muar ambaist. Tá an saol ina chíorthuathail!

  • Cian O Neill

    An bhfuil tuilleadh eolais le fáil faoin sean-pobail Eaglais na hÉireann i gCorca Dhuibhne?