‘Tá Gaeilge ghlan, cheart de dhíth orainn’ – cumann nuabhunaithe i mBaile Átha Cliath le dul i ngleic le ‘truailliú na Gaeilge’

Creideann an cumann go bhfuil an Ghaeilge á plúchadh ag an mBéarlachas agus nach mbeidh fágtha sa teanga ach ‘iarlais’ mura dtéitear i ngleic leis láithreach

‘Tá Gaeilge ghlan, cheart de dhíth orainn’ – cumann nuabhunaithe i mBaile Átha Cliath le dul i ngleic le ‘truailliú na Gaeilge’

Cuireadh eagraíocht nua ar bun le deireanas i mBaile Átha Cliath a fhéachfaidh le “cosc a chur ar thruailliú na Gaeilge”. ‘Gaeilge Ghlan Cheart’ an t-ainm atá baiste ag lucht a bhunaithe ar an gcumann nua, a mhaíonn go bhfuil “an iomarca den Bhéarlachas” ag déanamh dochair don Ghaeilge.

Creideann an cumann nach mbeidh sa Ghaeilge ach “iarlais” má ligtear don “truailliú” dul ar aghaidh gan “gníomh éigin” a dhéanamh le dul i ngleic leis.

“Tá feachtas ar siúl againn deireadh a chur leis na drochnósanna seo, agus an Ghaeilge a ghlanadh suas, agus Gaeilge cheart, iomlán shaibhir a chur chun cinn sa todhchaí, do na glúine amach romhainn,” a dúirt urlabhraí de chuid an chumainn.

Reáchtáladh an chéad chruinniú níos túisce an mhí seo agus tá an dara cruinniú beartaithe don tseachtain seo chugainn.

Is é Ben Mac Lochlainn a chuir an cumann ar bun tamall de sheachtainí ó shin agus maíonn sé go mbraitear tionchar an Bhéarlachais “lá i ndiaidh lae” ar an nGaeilge labhartha agus scríofa.

“Tá muid go láidir i gcoinne an Bhéarlachais, agus tá muid ar son chaomhnú ár dteanga álainn. Ní foláir dúinn stop a chur le Béarlú na Gaeilge. Feictear an claonadh seo mórthimpeall ort lá i ndiaidh lae, agus tú ag éisteacht agus ag léamh na Gaeilge. Tá Gaeilge ghlan, cheart de dhíth orainn, agus molaim do gach duine tacú linn, agus ár dteanga shaibhir, ársa a chosaint agus na drochnósanna nua seo a dhíbirt,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Tá Gaeilge ghlan, cheart de dhíth orainn’ – cumann nuabhunaithe i mBaile Átha Cliath le dul i ngleic le ‘truailliú na Gaeilge’'

  • Dónall

    “an Ghaeilge a ghlanadh suas” – Dia ár sábháil, agus seo dream atá ag iarraidh stop a chur le Béarlachas. Tá sé nádúrtha go mbeadh tionchar ar a chéile ag teangacha atá á labhairt taobh le chéile le breis agus 400 bliain. Tá sé ionann is dosheachanta go mbeadh an Béarla ag dul i bhfeidhm ar an Ghaeilge bíodh is gur cainteoirí L2 formhór mór na gcainteoirí. Sin ráite is cóir go mbeadh muid ag cuardach bealaí lenár gcumas féin sa Ghaeilge a fheabhsú. Agus dar liom gurb í an leitheoireacht agus an éisteacht an bealach is fearr leis seo a dhéanamh.

  • Feardorcha

    Sin é – déanta na fírinne is beag de dhul na teanga atá le feiscint sa ráiteas sin uathu … ach tá an saol róghearr le bheith id’ stail amadáin faoina leithéid.
    Chill out leaideanna, tá éisc i bhfad níos mó ná sin le friochadh againn.

  • Concubhar

    Is cuimhin liom Gael Taca BÁC bheith ag éisiúint barántais i leith Béarlachas tuairim is 10 mbliana ó shin. An iad seo an dream céanna?

  • SÓB

    Laidhceáil.

  • Seán Ó Floinn

    An cumann rúnda é seo nó rud éigin? Cén fáth nach bhfuil aon eolas breise ann i dtaobh áit agus lá a mbíonn sé ar siúl? Smaoineamh maith é dar liom – is maith an rud é go mbeadh daoine mar sin ann.

  • padraig o muircheartaigh

    Tá cead ag gnáthphobail na Gaeilge labhairt amach in aghaidh an Bhéarlachais. An gcreideann daoine amuigh ansin go bhfuil fadhb ann, agus go bhfuil an iomarca Béarla in úsáid sa Teanga na laethanta seo? Féach ar chlár cosúil le Ros na Rún agus chífear cad tá i gceist againn. Muna gcreideann tú go bhfuil an scéal amhlaidh ceart go leor, lean ar aghaidh ag iascaireacht.

  • NMacC

    Is aisteach nach bhfuil ainm ag an chumann seo. Molaim a gcuid iarrachtaí.

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    An scéal nuachta é seo, nó ar cheart é a a bheith sa rannóg ‘Ar SON na Cúise’? An bhfuil Gaeilge ag duine a deir “tá muid ar son chaomhnú ár dteanga álainn”?

  • padraig

    is mah lum caint Gwaeilige le deenie ela, I tink go will se tawctock e a cwaovniu dohn gloooooooo—–n ata le tockt, tick tock…tick tock…

  • Feardorcha

    Spaiteálas é sin allright!
    Is fearr Gaeilge briste ná rúta sa pholl áfach …

  • padraig

    I’d say go will an ceaaaart agut.

  • Pól Ó Braoin

    Mara raibh ann ach “truailliú na Gaeilge” ina chloch ar phaidrín na teanga bheadh muid ag déanamh go maith.
    Agus níl tús mhí Aibreáin buailte linn ar chor ar bith fós!
    Aah leaids déanaigí rud eicint cabhrúil cuiditheach ar son na teanga in ainm Dé… :)