Tá Fine Gael agus Fianna Fáil ar aon tuairim faoi rud amháin: seachaint olltoghcháin

Dá leadránaí é cur chuige uisciúil an 32ú Dáil, rachaidh sé dian orthu níos mó ama agus airgid a chur amú ná mar a rinne an 30ú agus an 31ú Dáil roimpi

Tá Fine Gael agus Fianna Fáil ar aon tuairim faoi rud amháin: seachaint olltoghcháin

Enda Kenny agus Micheál Martin. Pictiúr: RollingNews.ie

Bhí an teannas agus an t-achrann idir an dá pháirtí is mó sa tír follasach le seachtain. Ach tháinig comhthuiscint amháin eatarthu slán ón naimhdeas: seachaint olltoghcháin.

Ní beag tábhacht na comhthuisceana sin, cé gur soiléire go minic a laigí ná a tairbhe. An phríomhchúis: ghnóthaigh Fine Gael agus Fianna Fáil 94 suíochán Dála eatarthu san olltoghchán anuraidh – dhá thrian beagnach den iomlán (158).

Nuair a vótáil an dá pháirtí le chéile i bhfabhar an bhuiséid i mí Dheireadh Fómhair, dúirt Paschal Donohoe go raibh téagar an chomhréitigh léirithe acu. Ainneoin chomhdhéanamh scaipthe na Dála, a dúirt sé, bhí na páirtithe atá i lár an speictrim pholaitiúil ábalta a meon a chur i bhfeidhm.

Bhí idir stuaim agus áibhéil i gcur síos Donohoe. Tá sé ar chumas na bpríomhpháirtithe na mórshocruithe a dhéanamh: Taoiseach a thoghadh, buiséad a thabhairt chun críche, agus achrann géar a réiteach seachas sleamhnú i dtreo timpiste d’olltoghchán.

Ní hionann sin agus a rá gur féidir leis an Dáil a thoghamar anuraidh déileáil go héifeachtach le cruacheisteanna. Ach dá laige agus dá mhí-éifeachtaí an 32ú Dáil, tá a comhdhéanamh ag teacht lenár meon.

Ní raibh muinín sách láidir as páirtí ar bith ag na vótóirí anuraidh a chuirfeadh bunú rialtais nó comhrialtais láidir ar a gcumas. Níor tugadh tacaíocht láidir ach oiread do pholasaí soiléir ar bith.

Ní foláir a bheith fíor-amhrasach mar sin faoi chumas na Dála seo fadhbanna móra inmheánacha na tíre (sláinte, tithíocht, geilleagar atá fós in ísle brí i mórán ceantar, an ghéarchéim sna Gardaí srl) a leigheas. Agus má leigheastar aon fhadhb mhór, ní go pras ná go scafánta a leigheasfar í.

An ndéanfaidh an éidreoir agus an mhoilleadóireacht seo ár n-aimhleas sna blianta atá romhainn? Déanfaidh gan dabht. Ach tá buntáistí leis an ré nua pholaitiúil. Nó easpa míbhuntáistí, más cruinn an cur síos.

Ní dheimhníonn an margadh uisce is deireanaí idir Fine Gael agus Fianna Fáil go gcaithfear airgead mar is gá ar fheabhsú an chórais uisce. A mhalairt, b’fhéidir.

Ach cuimhnigh ar an bpraiseach a rinne dhá chomhrialtas a raibh móramh láidir Dála acu de láimhseáil chúrsaí uisce le deich mbliana anuas. Dá leadránaí é cur chuige uisciúil an 32ú Dáil, rachaidh sé dian orthu níos mó ama agus airgid a chur amú ná mar a rinne an 30ú agus an 31ú Dáil roimpi.

Ciúnas a pháistí!

Beidh An Post sna ceannlínte arís sar i bhfad nuair a fhógrófar dúnadh fho-oifigí poist.

Tugann Teachtaí Dála rialtais agus An Post an freagra céanna ar cheisteanna faoin atheagrú atá beartaithe: “níl cinneadh ar bith déanta fós”.

Tá a fhios acu go léir go mbeidh siad faoi bhrú láidir ó gach aon taobh nuair a dhéanfar na roghanna a déarfar a bheidh riachtanach chun caillteanais an chomhlachta (15m anuraidh) a laghdú.

Chuir an íde béil a thug beirt airí rialtais dá chéile ar an raidió Dé Luain iontas mar sin ar dhaoine ar gach taobh den Dáil.

Chuir an t-aire cumarsáide Denis Naughten i leith an aire stáit Michael Ring gur éirigh sé róluath as an atheagrú a tugadh mar chúram dó tar éis bhunú an chomhrialtais nua anuraidh.

Dúirt Ring go raibh freagracht seachanta le tamall ag Naughten, fearacht airí neamhspleácha eile.

Thug Naughten le fios go hindíreach nár chuir Ring an athnuachan a bhí riachtanach chun cinn. Bheadh sé féin breá sásta tabhairt faoi, a dúirt sé. Shéan Ring go raibh sé freagrach as an atheagrú am ar bith.

Agus mar sin de.

Gnó eile do cheannaire nua Fhine Gael. Treoir a thabhairt dá airí a ngnó a dhéanamh, in áit a bheith ag cur an mhilleáin ar a chéile go poiblí toisc nach ndearnadh é.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.