Tá earrach achrannach ag teannadh leis an Rialtas

Ní hí an Bhreatimeacht agus an ghéarchéim pholaitiúil ó thuaidh amháin atá ag déanamh imní don Rialtas…

Tá earrach achrannach ag teannadh leis an Rialtas

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Céard atá ag cur imní ar an rialtas thar aon rud eile? Breatimeacht, gan amhras, agus/nó an ghéarchéim pholaitiúil ó thuaidh.

Ach tá gad níos giorra do scornach na n-airí: conas a réiteofar na haighnis thionsclaíocha atá rompu sa ghearrthéarma?  Agus cá as a thiocfaidh an t-airgead a theastóidh mar chuid de na téarmaí réitigh?

Tá sé chomh maith againn tosú leis an aighneas a d’fhág gur dúnadh meánscoileanna i mí Dheireadh Fómhair agus go ndearnadh margadh eile lena réiteach ó shin tar éis comhráite idir ceannairí an ASTI agus an Roinn Oideachais.

Tá Cumann na Meánmhúinteoirí ag moladh go ndiúltófaí don chomhréiteach ar a vótálfar as seo go ceann cúpla seachtain. Má ghlactar le treoir na gceannairí, beifear ag caint arís sula i  bhfad ar scoileanna dúnta.

Ní léir aon réiteach indéanta ar an aighneas seo. Tá dúshlán an rialtais agus na gceardchumann eile, múinteoirí eile ina measc,  tugtha ag an ASTI. Sin ráite, tabharfaidh an socrú speisialta a mhol an Chúirt Oibreachais i gcás na nGardaí, chomh maith le toil an rialtais é a chur i bhfeidhm, ábhar dóchais don ASTI.

Beidh 50 milliún de dhíth ar an rialtas chun íoc as an ardú ar phá agus ar liúntais na nGardaí  (thart ar 4,000 an duine). Níl sonraí  faoin ngearradh siar a bheas riachtanach chun teacht ar an gcaiteachas breise fógartha fós.

Níl mioneolas ar fáil ach oiread faoin tslí ina n-aimseoidh an rialtas an 120 milliún a bheidh riachtanach chun 1,000 sa bhreis a íoc le hoibrithe sa tseirbhís phoiblí ó mhí Aibreáin, in ionad ó mhí Mheán Fómhair mar a socraíodh roimhe seo.

Dúirt an tAire Caiteachais phoiblí Paschal Donohoe le coiste Oireachtais Dé Máirt go gcuirfí an t-airgead ar fáil trí “sábháil agus éifeachtúlacht”.  Ach d’admhaigh sé gur i rith na bliana a thiocfaí ar an airgead breise.

Níor thug an tAire aon sonraí eile, fiú nuair a dúirt Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin leis nach raibh tuairim aige cé mar a d’aimseodh sé 120 milliún. Nuair a dúirt Donohoe nach gcuirfí seirbhísí poiblí i mbaol, chuir Dara Calleary ó Fhianna Fáil ina leith go raibh sé ag iarraidh a bheith ina dhraíodóir. Gheall Paschal Donohoe go mbeadh sonraí aige faoin am a bhfillfidh sé ar an gcoiste.

Idir an dá linn, cuirfidh  tuairisc ar dheacrachtaí Bhus Éireann atá á dréachtú ag comhairleoirí  faoi láthair brú ar an rialtas, agus ar an gcomhthuiscint idir an rialtas agus Fianna Fáil.

Ní féidir le Bus Éireann leanúint ar aghaidh agus airgead á chailleadh ag an gcomhlacht. Ní bheidh fonn ar Theachta Dála ar bith atá ag tacú leis an Rialtas glacadh le cealú seirbhísí bus, na Teachtaí as dáilcheantair faoin tuath go háirithe.

Cuir san áireamh aighnis eile atá ag teannadh leis an rialtas in Iarnród Éireann agus sna hospidéil (áit a bhfuil stailceanna beartaithe ag dochtúirí, ag altraí, agus ag oibrithe eile) agus is léir an fáth go bhfuil tréimhse an-chorrach romhainn. Ach tá achrann níos achrannaí fós ag teannadh leo tar éis na Cásca.

Tá sé fógartha cheana féin ag airí rialtais gur mian leo pinsin a chur sa mheá nuair a thosóidh cainteanna faoi chomhaontú nua pá na seirbhíse poiblí. Ní dhearna rialtas ar bith riamh iarracht pinsin a chur san áireamh agus arduithe pá á bplé.

Ní gan stró agus achar fada i mbun comhráite a thiocfar ar chomhréiteach nua. Más féidir na haighnis thionsclaíocha atá ag borradh faoi láthair a réiteach roimhe sin, beidh ábhar sóláis ag an Rialtas, agus ábhar faoisimh, b’fhéidir.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Tá earrach achrannach ag teannadh leis an Rialtas'