‘Tá dóchas i mo chroí i leith na teanga agus an chultúir’ – Uachtarán nua Oireachtas na Gaeilge

Insealbhaíodh inniu Seán Ó Muimhneacháin, as Gaeltacht Mhúscraí, ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge do 2017

‘Tá dóchas i mo chroí i leith na teanga agus an chultúir’ – Uachtarán nua Oireachtas na Gaeilge

Inniu i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath, insealbhaíodh Seán Ó Muimhneacháin, as Gaeltacht Mhúscraí, ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge don bhliain 2017.

Cumadóir amhrán, drámadóir, agus teagascóir é Seán Ó Muimhneacháin ar mór a spéis i gcur chun cinn na n-ealaíon traidisiúnta. Foilsíodh dhá leabhar leis le blianta beaga anuas, Gleanntán an Aoibhnis, bailiúchán de dhánta agus d’amhráin leis, agus Bígí ag Agallamh, bailiúchán d’agallaimh bheirte agus lúibíní agus iad curtha in oiriúint do dhaltaí bunscoile. 

Is mó duais Oireachtais atá buaite ag Ó Muimhneacháin in imeacht na mblianta – ar agallaimh bheirte, lúibíní, amhráin saothair, sa chomórtas sceitse agus sna hamhráin nua-chumtha.

Dúirt Seán gur mór an “onóir” dó a bheith roghnaithe ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge.

“Tá dóchas i mo chroí ag tabhairt aghaidh ar an mbliain atá romham, dóchas i leith na teanga agus dóchas i leith an chultúir.

“Go deimhin spreagann an tOireachtas dóchas ionam i gcónaí nuair a chím an óige chun tosaigh, ag iomaíocht sna comórtais agus ag baint sult agus pléisiúr as Oireachtas na Samhna, príomhfhéile náisiúnta na nGael – agus an Ghaeilge go líofa ag gach duine acu. Tá sé i gceist agam taitneamh a bhaint as an mbliain, ag bualadh le lucht na Gaeilge ó gach aird den tír,” a dúirt Uachtarán nua an Oireachtais. 

Cathaoirleach an Oireachtais Máirín de Brún tar éis slabhra na huachtarántachta a chur ar Sheán Ó Muimhneacháin. In aice leo tá foireann an Oireachtais: ó chlé: Louise Ní Dhaibhéid, Máirín Nic Dhonnacha agus ar dheis: Niamh Doran, Orlaith Ní Mheachair agus Colin Ó Conghaile

 

Mhol Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, an obair atá déanta ag Ó Muimhneacháin ar son an chultúir Ghaelaigh.

“Tá tréithe agus buanna Uachtarán Oireachtais go smior i Seán Ó Muimhneacháin.

“Tá a shaol caite aige ag déanamh gnímh ar son ealaíona na Gaeilge, ag ullmhú iomaitheoirí óga le haghaidh an Oireachtais, ag roinnt a chuid scileanna agus a chuid saineolais go fial le glúnta óga ar scoil agus sa phobal, mar bhall dílis de Chonradh na Gaeilge, de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, de chompántais drámaíochta áitiúla, de Choiste Forbartha Chill na Martra agus dar ndóigh, rinne sé éacht ina chuid oibre leis an scéim, Aisling Gheal,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.