Tá do ríomhleabhar ag spiadóireacht ort!

Thug Kobo, mórdhíoltóir gléasanna ríomhléitheoireachta, le fios le gairid go bhfuil teacht ag an gcomhlacht ar raidhse eolais faoi nósanna léitheoireachta a gcuid custaiméirí. Na gléasanna féin a sholáthraíonn an t-eolas

Laptop-ebook

Táim díreach i ndiaidh mo chéad ríomhleabhar a léamh.

Fear mé a dtaitníonn boladh an leabhair chlóite leis agus in ainneoin na mbuntáistí móra is léir a bhaineann le ríomhleabhair – spás an ceann is tábhachtaí a rithfeadh liom – bíonn ualach gnáthleabhar á iompar i mo mhála taistil agam má théim áit ar bith, agus tá na seilfeanna i m’árasán ag cur thar maoil.

Ní argóint an spáis, áfach, ach cúis eile a thug orm ríomhleabhar a cheannacht den chéad uair i mo shaol mí nó dhó ó shin. Le fada an lá, theastaigh uaim cnuasach gearrscéalta leis an scríbhneoir Afra-Mheiriceánach Andrea Lee a léamh, ach tá an cnuasach, Interesting Women, as cló le blianta.

An ríomhleabhar a cheannacht an t-aon rogha a bhí agam.

Bhí deis agam triail a bhaint as an léitheoireacht leictreonach an lá cheana agus mé ar eitleán. Déanta na fírinne, thaitin sé liom go mór. Bhí an dúch digiteach chomh soiléir sin nach raibh fadhb ar bith agam dhá ghearrscéal fada a léamh, in aon iarracht amháin, ar scáileán iPhone. Agus ar an eitilt fhillte, bhí spás fágtha i mo mhála taistil don dá leabhar clóite a cheannaigh mé le linn an turais!

Is ea, in ainneoin gur mó i bhfad an sásamh a bhain mé as an léitheoireacht leictreonach ná mar a shamhlaigh mé riamh, ní dóigh liom go mbainfidh mé úsáid as ríomhleabhair ach amháin má theipeann orm teacht ar leagan clóite den leabhar atá uaim.

Is é an chaoi nach maith liom go mbeadh duine ag léamh thar mo ghualainn.

D’admhaigh ceann de mhórdhíoltóirí gléasanna ríomhléitheoireachta an domhain, an comhlacht Ceanadach-Seapánach Kobo, an mhí seo caite go bhfuil teacht acu ar raidhse eolais faoi nósanna léitheoireachta a gcustaiméirí.

Na gléasanna féin a sholáthraíonn an t-eolas sin dóibh.

Tá a fhios ag Kobo, mar shampla, nár chríochnaigh os cionn leath de chustaiméirí an chomhlachta i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe a gcóip leictreonach d’úrscéal ollmhór Donna Tartt, The Goldfinch – ceann de leabhair mhórdhíola na bliana seo caite. Sin a deir an suíomh nuachta BuzzFeed, bunaithe ar eolas ó Kobo.

Má bhíonn a leithéid seo d’eolas ag ceann amháin de na mórdhíoltóirí gléasanna ríomhléitheoireachta, is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil teacht ag comhlachtaí uile na hearnála – foilsitheoirí san áireamh – ar an eolas céanna. Níl ann ach nár deimhníodh amhras a bhí ar léitheoirí le fada go dtí anois. Foilsíodh alt faoin teideal tairngreachtúil ‘Your E-Book Is Reading You’ ar an Wall Street Journal chomh fada siar leis an mbliain 2012.

Ach an bhfuil an t-eolas seo úsáideach? Sin í an cheist.

‘Nílimid chun War and Peace a ghiorrú toisc nár chríochnaigh duine éigin é,’ a deir Jonathan Galassi, uachtarán an chomhlacht foilsitheoireachta Meiriceánaigh Farrar, Straus & Giroux san alt thuasluaite sa Wall Street Journal.

Mar scríbhneoir ficsin agus neamhfhicsin, admhaím láithreach go mbeadh an-suim agam i sonraí den chineál seo faoi mo chuid leabhar féin. Bheadh sé spéisiúil, mar shampla, a fháil amach ar thaitin scéalta áirithe as mo chnuasach gearrscéalta Gonta níos fearr le léitheoirí ná cinn eile.

Ach is féidir aiseolas den chineál sin a fháil ar bhealaí níos ionraice.

Ní aontaím le gliúcaíocht (agus ní mór dom a rá, ar eagla na míthuisceana, nach gcuirtear aon aiseolas bunaithe ar nósanna léitheoireachta léitheoirí ríomhleabhar ar fáil dom, má bhailítear in aon chor é).

Eispéaras thar a bheith príobháideach is ea an léitheoireacht; níor cheart go mbeadh duine – ná comhlacht – ar bith ag léamh thar ár ngualainn agus muid ar aistear anama.

Fág freagra ar 'Tá do ríomhleabhar ag spiadóireacht ort!'

  • Mise Áine

    Bhí mé den tuairim, i gcónaí, a Alex, nach mbíonn a dhath a bhaineann leis an idirlíon, ná le ríomhairí, ná le fóin, ‘príobháideach.’ Ná fiafraigh díom cén fáth ar cheap mé é sin, ach bhí an leath-thuairim sin agam ón tús, mar sin, ní chuireann an t-eolas sin thuas iontas ar bith orm.

    Ní hé sin le rá go bhfuil nós na gliúcaíochta-i-ngan-fhios ceart, mar níl, i mo thuairim, ach go dtí go gcuireann dlí éigin deireadh leis, leanfaidh siad orthu. Is léir go bhfuil an ceart sin acu, shílfeá. Deacair súil a choinneáil ar a leithéidí, cheapfainn.

    An méid sin ráite, tá daoine ann nach maith leo TCI, ach, ar a laghad, tá siad feiceálach, mar ghléasanna. Cé nach bhfeictear na daoine taobh thiar den cheamara, glactar leis go bhfuil duine éigin ann, cheapfainn, agus, seans, feidhmíonn daoine dá réir sin.

    B’fhéidir go mba chóir do lucht úsáide an idirlín breathnú ar aon ghléas idirlín mar TCI, Fiú mura bhfuil siad in ann an ‘duine’ taobh thiar den ghléas a fheiceáil, is fearr bheith áireach, agus bheith den leath-thuairim go bhfuil ‘duine’ éigin ann!