Tá cumhacht ag Connors agus ‘Cardboard Gangsters’ in ainneoin bhlas an tsobalchláir

LÉIRMHEAS: Tá dul na fírinne ar 'Cardboard Gangsters' scannán Mark O’Connor ina dtugann John Connors taispeántas den scoth uaidh

Tá cumhacht ag Connors agus ‘Cardboard Gangsters’ in ainneoin bhlas an tsobalchláir

Cardboard Gangsters

Stiúrthóir: Mark O’Connor
Cliar: John Connors, Fionn Walton, Kierston Wareing, Jimmy Smallhorne, Paul Alwright, Aln Clinch.

Bhí cad é bús faoin gcúig shraith de Love/Hate nuair a craoladh iad idir 2010 agus 2014. Tá ráflaí agus tuairimíocht i gcónaí faoin séú séasúr. Cé nach féidir a shéanadh go raibh an saothar ar cheann de na táirgí drámaíochta ab fhearr riamh ó cheárta RTÉ, mheasas i gcónaí gur imigh daoine amach ón gcairt leis an moladh.

I dtosach na sraithe bhí cad é moladh do Tom Vaughan-Lawlor mar Nidge agus Aidan Gillen mar John Boy. Le himeacht ama, áfach, ba iad Charlie Murphy (Siobhán), Peter Coonan (Fran) agus John Connors (Patrick) a mheall moladh ón lucht féachana agus criticeoirí araon. Sholáthair Connors carachtar stuifiúil dúinn agus ba é a bhí i lár an aonaigh i dtreo dheireadh na sraithe.  Chinntigh a thaispeántas stuama go raibh a chóta bán déanta. Tá rólanna á raideadh chuige ó shin, ról in Rebellion, táirge mór-ráchairte RTÉ,  agus clár faisnéise faoin lucht siúil, I am a Traveller, ina measc.

Fuineadh agus fáisceadh Connors as Darndál i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath agus chuaigh sé i mbun comhghuaillíochta leis an stiúrthóir Mark O’Connor le scríbhinn an scannáin a sholáthar. Ní nach ionadh mar sin déantar sinn a bhá i saol an cheantair ón tús; an béarlagair, atá dothuigthe nach mór, an ghránnacht, foréigean agus an tuiscint go bhfuil bóthar na coiriúlachta dosheachanta do dhaoine áirithe. Le seatanna de bhruscar, capaill, gluaisrothair agus tithe agus drochbhail orthu, is cinnte nach mbeidh Bord Fáilte ag iarraidh aon radharc as seo a úsáid mar phíosa bolscaireachta.

I bhfianaise na tuairisceoireachta ar fad faoi fhoréigean na mbuíonta coiriúlachta baineann an scannán, ar an drochuair, macalla as ceannlínte na nuachta.

Fear mór, téagartha, ceannasach é Jason (Connors) atá ina cheann feadhna ar a bhuíon mhionchoirpeach féin. A gcrústa á thuilleamh acu ar éigean agus Jason ag iarraidh aire a thabhairt dá mháthair agus dá chailín. Diaidh ar ndiaidh, áfach déantar é a shú isteach i ndomhan na coiriúlachta agus ní nach ionadh téann sé in adharca an phiarda coiriúlachta áitiúil.

Cé go léiríonn Connors carachtar atá cineálta, tuisceanach agus dílis, tagann tréithe an tsochapataigh go barr uisce ar hap an tairne. Is é Dano (Walton) a ghiolla gualainne; meatachán gur troime a bhagairt ná a bhuille. Tá codarsnacht mhór idir é féin agus Jason lena ghothaí beaga agus buillí móra.

Cé go bhfuil dul na fírinne ar an táirge ina iomláine is go ciotach a láimhseáladh ról Kim (Wareing), bean chéile an tiarna áitiúil. Tá blas na seanchaiteachta agus an tsobalchláir ar a gaol le Jason agus téann rudaí chun seafóide ar fad agus sinn ag tarraingt ar cheann scríbe.

Ach faoi mar is dual dó ag an bpointe seo déanann Connors carachtar téagartha a sholáthar. Feicimid, agus creidimid, san aistear a dhéanann sé, agus leis an gcríoch fhoréigneach ní fhéadfaí a chur i leith na meithle go bhfuil cuma na mealltachta á cur acu ar shaol an choirpigh.

Fág freagra ar 'Tá cumhacht ag Connors agus ‘Cardboard Gangsters’ in ainneoin bhlas an tsobalchláir'