Tá Cuala níos fearr ná mar a bhí anuraidh fiú

JOHN ALLEN: Tá ár gcolúnaí ag súil go mór le cluiche ceannais Chúige Laighean agus cluiche ceannais na Gaillimhe

Tá Cuala níos fearr ná mar a bhí anuraidh fiú

Bainisteoir Chuala, Mattie Kenny. INPHO/Oisin Keniry

Bhuel tá Mí na Nollag buailte linn agus cúpla cluiche craoibhe fós le himirt. Is fada an séasúr é go háirithe do na himreoirí idirchontae agus an traenáil tosaithe cheana don bhliain nua.

Amárach tá Cuala Bhaile Átha Cliath ag taisteal go Páirc de Mórdha i bPort Laoise chun iarracht a dhéanamh corn an chúige a thabhairt abhaile leo den dara huair as a chéile. Ón méid atá feicthe agamsa, sílim go bhfuil siad níos fearr ná mar a bhíodar an t-am seo anuraidh. Dar ndóigh tá an-mhuinín acu, rud nach luach a chur air. Is iad curaidh na hÉireann iad agus féinmhuinín acu dá bharr. Sna seanlaethanta, bheadh ceisteanna á gcur faoi thuirse an tráth seo den bhliain agus séasúr fada curtha díobh acu, ach tá an eolaíocht ann anois agus daoine ardcháilithe chun an traenáil chuí cheart a dhéanamh i gcaitheamh na bliana go léir.

Fágann sin go bhfuil Cuala ag treabhadh leo fós agus cuma na maitheasa orthu. Dar ndóigh tá an fhoireann lán le hiománaithe idirchontae ach is imreoir peile idirchontae is minice a bhíonn sna ceannlínte nua. Bhí sé amhlaidh sa chluiche leathcheannais coicís ó shin nuair a scóráil Con O’Callaghan cúl agus trí phointe agus ról lárnach a sa dá bháire eile a scóráladh. Tá níos mó ná fiche cúl faighte ag O’Callaghan ó thosach na bliana, idir pheil agus iomáint, agus is dócha nach bhfuil deireadh déanta fós aige.

Tuigeann freasúra an Domhnaigh, Cill Chormaic-Cill Achaidh, go maith go mbeidh go bhfuil foireann rompu atá an-eagraithe, atá breac le réalta agus a bhfuil a lán taithí acu. Sin gan trácht ar Con O’Callaghan. Beidh sé thar a bheith deacair ar fhoireann Uíbh Fhailí an cluiche seo a bhuachan ach más fúthu aon seans a bheith acu caithfidh siad an tionchar a bhíonn ag O’Callaghan a mhaolú. Gan dabht, ní bheidh sé sin éasca.

Dar ndóigh, níl aon easpa taithí ar Chill Chormaic mar is é seo an tríú huair acu i gcluiche ceannais Laighean ó 2012. Ní bheidh Cillian Kiely, imreoir idirchontae contae cumasach, ar fáil dóibh mar go bhfuair sé cárta dearg sa chluiche leathcheannais. Tá imreoirí contae eile acu ach ní dóigh liom go mbeidh siad maith go leor chun dúshlán na seaimpíní a thabhairt.

Má tá Cuala ar an mbóthar gan stad le bliain, d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi na himreoirí contae a bheidh ag imirt i gcluiche ceannais iomána na Gaillimhe amárach.

Rachaidh Gort Inse Guaire agus Liam Ó Maoilíosa as cathair na Gaillimhe chuig Páirc an Phiarsaigh tráthnóna amárach agus súil acu corn an chontae a bhreith leo. Tá an-taithí ag an nGort agus cé gurb iad a bhí caillteach sa chluiche ceannais anuraidh, thug siad an corn leo in 2011 agus in 2014.

Bhí na ‘Beatles’ ar tí briseadh suas an uair dheireanach ar thug foireann na cathrach an corn abhaile, in 1970. Ach tá iarchaptaen na Gaillimhe David Collins ina cheannaire ar fhoireann atá lán le spiorad agus dóchas. 

Faraor dóibh, Aidan Harte, Greg Lally agus Aidan Helebert a bhíonn ag stiúradh cúrsaí don Ghort agus beidh sé thar a bheith deacair ar Liam Mellows. 

Beidh an-ionadh ormsa mura mbíonn na tinte cnámh lasta ar an nGort oíche Dé Domhnaigh.  

Fág freagra ar 'Tá Cuala níos fearr ná mar a bhí anuraidh fiú'