Tá contúirt ag baint le cumhacht an DUP ach tá contúirt níos mó ann

Is rud contúirteach é go bhfuil an oiread sin cumhachta ag an DUP, ach tá sé níos contúirtí fós nach dtuigeann ár bpolaiteoirí cén chaoi leas na tíre a dhéanamh

Tá contúirt ag baint le cumhacht an DUP ach tá contúirt níos mó ann

Bhuel, tá ceist na hÉireann ar ais ar chlár Westminster anois go tréan, agus an-tionchar ar fad le bheith ag an DUP ar an rialtas nua.

Socrú muiníne is soláthair a bheidh i gceist idir na Caomhaigh agus an DUP, is cosúil, díreach mar atá ag Fianna Fáil le Fine Gael.

Ach céard atá ag teastáil ón DUP mar chúiteamh as an tacaíocht sin? Tá a fhios ag an saol céard é nach dteastaíonn ón DUP –rud ar bith atá á iarraidh ag Sinn Féin – ach níl an chosúlacht ann go dtuigeann an DUP féin cén t-éileamh a d’fhéadfaidís a dhéanamh ó thaobh na heacnamaíochta de.

Tá caint ann arís maidir le diúltú Shinn Féin dul isteach i bparlaimint na Breataine.

Ar ndóigh, bhí an polasaí sin sa gclár polaitiúil a chuir Sinn Féin os comhair an phobail, agus léireodh sé mheas mór ar an bpobal a thug vóta dóibh dá ndéanfaidís dearmad anois ar a gcuid geallúintí.

Ach níos tábhachtaí ná sin, níor cheart go mbeadh lámh dhíreach ag páirtithe na tíre seo i bpolaitíocht na Breataine, oiread agus nár chóir do pháirtithe Sasanacha a ladar siúd a chur sa bpolaitíocht anseo.

Ní dóigh liom go bhféadfadh náisiúnach Éireannach prionsabálta ar bith móid dílseachta a ghlacadh do rí nó banríon eachtrannach, nó dlisteanacht a thabhairt d’aon pharlaimint eachtrannach a bheith ag rialú ar an tír seo, nó aon chuid di.

Tá a lán baothchainte ar bun freisin, faoi Bhreatimeacht bog a bheith ar na bacáin, ach cé go measann an DUP go mbeadh deacrachtaí áirithe ag baint le teorainn chrua ar an oileán, ní léir gurbh fhéidir leo éileamh ar leith a dhéanamh a réiteodh an fhadhb – go háirithe má chloíonn siad lena seasamh i gcoinne stádas speisialta a bheith ag na Sé Chontae taobh istigh den Aontas Eorpach.

Déanann na tráchtairí agus na polaiteoirí ó dheas dearmad d’fhíric amháin sa chás seo: caithfidh rialtas na Breataine glacadh leis an mBreatimeacht crua – is é sin imeacht ón margadh aonair – mar gheall gur leag an tAontas riail síos go gcaithfear glacadh le saorghluaiseacht oibrithe le bheith sa margadh sin.

Ach tá an Bhreatain ag imeacht ón Aontas ar mhaithe le smacht a fháil ar ghluaiseacht daoine, i measc rudaí eile.

Beidh an DUP ag iarraidh cearta comhionanna a shéanadh ó thuaidh, agus ardaíonn sé sin ceist faoi sheasamh na bpáirtithe móra ó dheas.

Cé go bhfuil an SDLP ruaigthe den pháirc tá an seanphort céanna fós ag Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, agus Sinn Féin á ionsaí arís agus arís eile aige.

Tá an chéad Taoiseach eile, Leo Varadkar, ar aon fhocal leis ar ndóigh, ach cén chaoi a gceapann Fine Gael nó Fianna Fáil gur féidir athaontú na tíre a bhrú chun cinn má dhiúltaíonn siad comhoibriú leis an bpáirtí a labhraíonn thar ceann náisiúnaithe an Tuaiscirt?

Go deimhin tá an scéal róthábhachtach go ligfí don dá mhórpháirtí comhoibriú a dhiúltú. Tá sé den riachtanas anois go mbeadh fronta aontaithe má tá Éire le rialtas na Breataine a choinneáil i mbun comhoibrithe linn faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta is Chomhaontú Chill Rímhinn.

Bhí mé i gcónaí den tuairim go ndearna Sinn Féin botún nuair a thaobhaigh siad leis an Aontas Eorpach i gcoinne an Bhreatimeachta.

Murach sin, bheadh sé indéanta comhghuaillíocht a chur ar bun idir an DUP agus Sinn Féin agus a éileamh go dtabharfadh rialtas na Breataine geallúint faoi mhaoiniú as an státchiste mar chúiteamh ar aon airgead ón Eoraip a chaillfí de bharr an Bhreatimeachta.

Tá an t-éileamh seo réasúnta, mar bhí an Bhreatain ag íoc níos mó isteach san Aontas ná mar a fuair siad amach (cosúil linn féin ar ndóigh), agus ní bheadh aon bhrú breise ar státchiste na Breataine mar gheall ar an éileamh seo.

Ach tá Sinn Féin faoin seachmall go n-éireoidh leo aontachtaithe a spreagadh i dtreo ‘Éire Aontaithe’ toisc gur vótáil cuid acu i gcoinne an Bhreatimeachta. Agus tá an oiread nimhe ag páirtithe móra an deiscirt do Shinn Féin agus an oiread dílseachta gan údar acu don Aontas Eorpach go bhfuil siad gan treoir agus gan an cumas iontu gníomhú.

Is rud contúirteach é go bhfuil an oiread sin cumhachta ag an DUP, ach tá sé níos contúirtí fós nach dtuigeann ár bpolaiteoirí cén chaoi leas na tíre a dhéanamh agus leagan amach na polaitíochta athraithe ó bhonn.

Fág freagra ar 'Tá contúirt ag baint le cumhacht an DUP ach tá contúirt níos mó ann'