Tá col agam le daoine nach mbíonn in ann cnaipe a scaoileadh gan é a chur in iúl do chách…

Tá pléascadh seo na meán sóisialta tar éis athrú ó bhonn a chur ar an saol mór, agus ní haon eisceacht cúrsaí spóirt

Raheem Sterling. Pictiúr: Kamran Hussain
Raheem Sterling. Pictiúr: Kamran Hussain

Go dtáinig an tseachtain seo caite, tá seans ann gur cheap bainisteoir Liverpool Brendan Rodgers gur le cúrsaí conartha agus peile a bhainfeadh an chuid is mó den chomhrá a bheadh idir é agus Raheem Sterling go ceann tamaill –  séasúr amháin atá fanta sa socrú atá eatarthu faoi láthair agus tá an club ag iarraidh a áiteamh air conradh fadtéarmach  a shíniú  cé,  go dtí seo, go bhfuil diúltaithe aige sin a dhéanamh.

Brendan Rodgers. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Brendan Rodgers. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Ansin a thuirling an splanc eile a d’fhág Sterling ar leathanaigh na nuachtán i gconaí, ach go mba ar na príomhleathanaigh a bhí sé anois i leaba na gcinn chúil – pictiúir dó ar na meáin shoisialta agus píopa ‘shisha’ sáite siar ina phluic.  Ní raibh aon dlí á bhriseadh ag an imreoir a bhfuil na déaga de chluichí imeartha aige do Shasana mar nach ábhar neamhdhleathach é an t-ocsáid nítriúil a bhí sé féin agus a chomrádaí imeartha Jordon Ibe a shlogadh agus níl ráite ag a bhainisteoir, go fóill ar chuma ar bith, nár cheart do lúthchleasaí gairmiúil aon phlé a bheith aige lena leithéid.

Is é Rodgers an bainisteoir is deireanaí a bhfuil léiriú faighte aige ar an gcaoi a bhfuil na meáin shóisialta nua-aoiseacha seo – Facebook, Twitter agus Instagram go háithrid – in ann crá croí breise a chur ina bhealach. Bhí an cineál iompair a bhí ar a chuid imreoirí chomh mór céanna as cor leathchéad bliain ó shin agus a bhí sé an tseachtain seo caite, ach inniu, ar iompú do bhoise, tá sé le feiceáil ag an saol mór agus gan acu le déanamh ach an fón póca a chur ar siúl.

Is cuid den saol anois é an roinnt eolais seo ar an toirt. Tuigim gur buntáistí den chuid is mó a théann leis na meáin nua seo ná a mhalairt, ach caithfidh mé a rá go bhfuil col áirithe agam leis an nósmhaireacht atá ag roinnt daoine nach mbíonn in ann cnaipe a scaoileadh gan é a chur in iúl do chách.

Tá pléascadh seo na meán sóisialta tar éis athrú ó bhonn a chur ar an saol mór. Ní haon eisceacht cúrsaí spóirt agus níl scéal is fearr a léiríonn sin ná an ceann a bhaineann le Christiano Ronaldo.

Roinnt blianta ó shin chomhairligh feidhmeannaigh de chuid Facebook do na daoine atá fostaithe ag an imreoir le maoirseacht a dhéanamh ar a chúrsaí gnó gur chóir Ronaldo leathanach Facebook a bheith aige. Bheadh ar a chumas 10 milliún leantóir a mhealladh,  a dúradar sa gcur i láthair a rinne siad. Cheap Luis Correia atá i gceannas Polaris Sport, an dream a dhéanann bainistiú ar chearta íomhánna an imreora, go mba ag déanamh áibhéile a bhí siad. “ Sin daonra na Portingéile nach mór”, a dúirt sé.

Cúpla mí ó shin bhí Ronaldo ar an gcéad lúthchleasaí a bhfuil 100 milliún leantóir Facebook aige, mar aon le 31 milliún ar Twitter agus 10 milliún ar Instragram.

Tá athrú ó bhonn curtha ar an iriseoireacht spóirt freisin ag na meáin nua.

Más iad Arsenal is ansa leat, cuir i gcás, ag brath ar d’aois, is chuig nuachtáin thraidisiúnta, na meáin chraolta nó chuig an idirlíon a théann tú ar thóir do chuid eolais. Anois tá ar do chumas dul díreach chuid leathanach Facebook an chumainn, áit a mbeidh an fhoireann foilsithe sula dtosóidh na cluichí a imreoidh siad agus agallamh le himreoir ina ndiaidh. Níl teacht ag aon iriseoir ar eolas den chineál sin.

Is nós freisin le himreoirí sacair go háirithe úsáid a bhaint as na meáin shoisialta le labhairt díreach leis an lucht leanta agus gan bacadh leis na meáin thraidisiúnta. Ar an gcuma sin, ní gá dóibh dul sa seans go gcuirfidh iriseoir an méid atá ráite acu as a riocht.

Rio Ferdinand Pictiúr: ©INPHO/Getty Images
Rio Ferdinand Pictiúr: ©INPHO/Getty Images

Agus, ar ndóigh, tá airgead le saothrú astu freisin. Cúpla bliain ó shin b’aisteach le leantóirí Rio Ferdinand gur chuir sé ceithre tvuít suas i ndiaidh a chéile faoi chniotáil. B’fhada leo go dtiocfadh an cúigiú ceann. Nuair a tháinig sin, ba phicitúir de Ferdinand a bhí ann agus é ag oscailt barra seacláide, an t-imreoir íoctha go maith ar ndóigh as sin a dhéanamh ag lucht a dhéanta.

Ach tá airgead caillte freisin ag Ferdinand de bharr a chuid eachtraí tvuíteála. Anuraidh ghearr an FA fíneáil £25,000 air nuair a thug sé le tuiscint ar Twitter go mba bheag de na suáilcí morálta a bhain le duine a rinne cáineadh air. Gearradh fíneáil den chineál céanna ar Mario Balotelli mar gheall ar abairtí ciníocha a chur ar Instagram agus dúirt FA na Rómáine nách n-imreodh Adrian Mutu dá thír dhúchais arís choíche tar éis dósan cloigeann ‘Mr. Bean’ a chur ar phictiúr de bhainisteoir idirnáisiúnta na tíre ar Facebook.

Anois tugann clubanna sacair agus clubanna spóirt eile ar fud an domhain  oiliúint do na printísigh agus do na himreoirí óga atá acu ar a bheith stuama san úsáid a bhaineann siad as na meáin nua seo agus faigheann siad comhairle freisin faoin gcaoi is fearr le déileáil leis na meáin thraidisiúnta.

Beidh le feiceáil cén tairbhe a thiocfas as sin mar, le fírinne, is réimse de shaol agus de mheoin an duine é atá deacair a smachtú ón taobh amuigh – bíodh gur  100 milliún leantóir atá acu nó nach bhfuil ann ach go bhfuil siad ag tabhairt aghaidh ar an seomra is lú sa teach!