‘Tá ceantar beag i mbun na gcnoc i dTír Eoghain a bhfuil an Ghaeilge beo fós ann’…

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (9 Nollaig 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh-231

6. (Iomlán 972.) Cláraithe mar pháipéar nuachta. Mí na Nollag 9, 1916. Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Tá ‘Lóchrann’ na Nollag ar fáil, agus seo an naoú mí den irisleabhar is Gaelaí dá bhfuil againn. Cuireadh athrú agus feabhas air le gairid. Seanrudaí ar fad a bhíodh ann i dtosach, seanscéalta, seanfhocail, agus smutaí Gaeilge ó bhéal na seanóirí. Tá cúig aiste san uimhir seo ag “Gruagach an Tobair”, Seán Tóibín, Eibhlín Ní Dhubhghaill, agus “Peig”, chomh maith le seanscéalta ag “An Seabhac” agus daoine eile. Is breá leis na Gaeilgeoirí a gcuid scéalta agus a n-amhrán féin a fheiceáil faoi chló. Taitníonn “An Lóchrann” leo faoi go bhfoilsítear ann na scéalta agus na hamhráin is binne leo agus is amhlaidh a thaitneoidh an páipéar níos fearr leo ar ball má leantar don obair ar ar tosaíodh an mhí seo.

Béarfaidh aiste “An Gruagach” ar fheirmeoireacht ábhar machnaimh d’aos óg na tuaithe agus na haistí eile a thugann eolas ar ghnóthaí tuaithe agus ar ghnóthaí an tí tá siad go maith agus go feiliúnach. San aimsir atá anois ann fágtar an dream gan eolas siar, agus fágfar na Gaeilgeoirí siar, dá fheabhas í a gcuid Gaeilge, mura gcuireann siad eolas ar mhargaíocht agus ar gach ealaín a bhaineann le feirmeoireacht agus tíos. Is maith linn gur bogadh “Gruagach an Tobair” chun oibre arís. B’fhada dó gan focal a scríobh dúinn.

Tá a fhios ag an domhan mór gurb ar son na náisiún beag atá Sasana agus an Fhrainc ag troid. Thaispeáin siad le gairid a éadmhaire agus a bhí siad nuair nár dóibh féin a bhí sé i ndán saoirse a thabhairt don Pholainn. Admhaíonn gach duine go bhfuil siad ag troid go cróga freisin, agus go mbeidh saol nua againn ar ball, ach tá duine atá mar sheirbhíseach don Rialtas anseo in Éirinn agus b’fhearr leis lom an donais mhóir a theacht orainn ná go gcreidfimís caint Ascuit [H.H Asquith] ná go mbeadh mearbhall orainn i dtaobh na náisiún beag. Fiú amháin an náisiún seo Éire ní maith leis an seirbhíseach seo go luafaí a hainm in ár scoileanna.

Tá an Stairceach, — sé atá i gceist againn — ag cothú ceilge in aghaidh Gael. Os íseal atá an chealg gá cothú aige. Tamall ó shin bhí sé borb agus neamhchríonna ach mhúin an aimsir agus an obair é. Le buille beag dá pheann chuir sé stair na hÉireann amach as coláistí na n-oidí. Níor fhógair sé an scrios a bhí á dhéanamh aige. Ní dhearna sé tada ach riail nua a cheapadh do na coláistí agus cóip de a chur ag triail orthu. Is é Chesterton a dúirt go bhfuil tíoránaigh an lae inniu mín agus scáthmhar. Bhí cuid den fhírinne aige. Níor ionsaigh an Stairceach na scoileanna go fóill. An bhliain seo chugainn cuirfidh sé riail nua ag triall ar na bainisteoirí scoile agus béarfaidh sé ordú do na hoidí gan stair na hÉireann a mhúineadh dá ndaltaí.

Na hoidí a mhúineadh an Ghaeilge, nó an stair, nó an creideamh fadó, chuirtí an loch amach iad nó chrochtaí iad. An t-oide scoile a mhúinfidh stair na hÉireann tar éis ordú ina choinne a fháil, bainfear a thuarastal de agus cé go bhfuil cuid de na hoidí ina ngiústaí anois ní bheidh cumhacht acu ar an Stairceach. Is ag na bainisteoirí atá an chumhacht más maith leo a imirt. Tig leo sin a rogha rud a chur á mhúineadh sna scoileanna agus má chuireann siad le chéile, ní bheidh neart ag an Stairceach orthu. Tá cumhacht ag na daoine, freisin, dá mbeadh tuiscint acu a imirt. Téidís chun cainte leis na bainisteoirí. Déanaidís gearán leo ar an obair scriosta seo atá á dhéanamh ag an Stairceach.

Dúramar an tseachtain seo a ghabh tharainn go bhfuil seasamh an Ghalldachais ar an aineolas. Is maith a thuigtear sin don Stairceach agus dá chomhchoimisinéirí. Ní hé an t-eolas a d’fhóirfeadh ar an tír seo is maith leo ach an t-aineolas a d’fhágfadh sinn i mbochtanas agus faoi chuing na Sasanach. Raiméis is ea an chaint seo i dtaobh na náisiún beag dar leis an Stairceach. B’fhéidir go bhfuil cuid den cheart aige — tuigeann Tadhg Taidhgín, ach caithfidh Gaeilge a chur i gcéill dó go bhfuil siad féin dáiríre agus nach ligfidh siad don scrios atá ceaptha aige do scoileanna na tíre.

Tá ceantar beag i mbun na gcnoc i dTír Eoghain a bhfuil an Ghaeilge beo fós ann. Rinneadh gleo agus caint i dtaobh na Gaeilge ann bliain ó shin. Rinneadh obair mhaith ann freisin agus bíonn scoil Ghaeilge ar siúl ann ar feadh sé seachtainí gach samhraidh. Tá oidí scoile na háite go dílis dúthrachtach. An taobh ó dheas den bhall Gaeltachta seo, mar a bhfuil an Charraig Mhór, tá ceantar eile a bhfuil Gaeilge caillte ar fad nach mór, ach tá fonn mór ar an bpobal, ar na hoidí agus ar an gcléir í a fhoghlaim agus a chur á labhairt arís. Chuaigh Peadar Ó Donnghaile, timire, go dtí an áit le gairid agus chuir sé rang Gaeilge ar bun do na hoidí agus is clos dúinn go bhfuil buíon láidir acu ag foghlaim uaidh.

Is iontach mar atá Conradh na Gaeilge á leathnú i gcathair Bhaile Átha Cliath i mbliana. Níl na craobhacha in ann teacht suas leis an obair agus níl múinteoirí ár ndóthain againn do na craobhacha nua. An craobh nua i Ráth Maonais tá sí ag déanamh go hóg, ní doléite craobh Bhinn Éadair. Níl an Baile Bocht ar deireadh, mar go mbíonn ceithre rang Gaeilge ann in aghaidh na seachtaine. Múineann “Cú Uladh” dhá rang ann i scoil na bpáistí ar 8.30, tráthnóna Dé Céadaoin agus Déardaoin.

Tá an Coiste Gnó i gcruachás i dtaobh airgid. Mura dtiocfaidh an t-airgead isteach go flúirseach agus gan mhoill ní thiocfaidh leis an gCoiste na timirí a choinneáil ag obair. Ní féidir an Conradh a láidriú ná a choinneáil ar a bhoinn faoin tuath gan timireacht agus brostú a bheith á ndéanamh de shíor againn. Ní thugtar cluas bhodhar ar achainí an Choiste Gnó. Bailíodh gach craobh roinnt airgead agus cuirtear chuig an gCisteoir é. Is iomaí caoi inar féidir sparán beag a fháil. Níl aon chraobh taobh le seift amháin, agus tá súil againn nach bhfuil aon chraobh den Chonradh ann nach dtabharfaidh aird ar an gCoiste

Fág freagra ar '‘Tá ceantar beag i mbun na gcnoc i dTír Eoghain a bhfuil an Ghaeilge beo fós ann’…'

  • Seosamh

    Cearbh é an Stairceach?