Tá buaite arís ag Tarantino orainn – An Basterd!

LÉIRMHEAS: Tá Quentin Tarantino sa diallait arís in The Hateful Eight, agus tá a fhios againn nach fada go gcuirfear slacht sách sciobtha ar gach a thagann i ngiorracht scread miúil, nó seitreach chapaill dá mhicreafón nó dá cheamara. Ach an fiú dul ag féachaint air?

The Hateful Eight

Ní féidir riamh neamhaird a dhéanamh de Quentin Tarantino. Eisean a riarann na téarmaí tagartha. Tá buaite arís aige orainn – Basterd!

Titeann nótaí díchordacha Ennio Morricone anuas ar a chéile sa réamhcheol, tuar tréan na n-uafás atá le teacht. Stoirm shneachta ar ardtailte sceirdiúla Wyoming. Siúd as an mbradhall chugainn cóiste de chuid an Butterfield Overland Stage Company, seisreach chapall á tharraingt. Capall dubh agus capall bán ar cheann dhá thaobh na fearsaide. Beirt sa chóiste istigh.

Sealgaire airgid cinn is ea John Ruth (Kurt Russell). Tá a phríosúnach, Daisy Domergue, dúnmharfóir mná (Jennifer Jason Leigh) á iompar aige chun na croiche i Red Rock. Ós cionn a bhreithiúnais, tugann Ruth dídean sa chóiste ón stoirm amuigh do bheirt eile – iaroifigeach de chuid an Aontais, Major Marquis Warren (Samuel L. Jackson), sealgaire cinn eile, agus Chris Mannix (Walton Goggins), stróinséir sotalach agus iar-threallchogaí mí-thrócaireach de chuid na Cónaidhme. Coileach péacóige é Mannix a mhaíonn gurb é féin Sirriam nua-ainmnithe Red Rock, ar a bhealach chun réalta suaitheantais na hoifige sin – agus na cumhachtaí a ghabhann leis – a shealbhú.

Agus níl ansin fiú ach an chéad leath den mise-en-scène.         

Cothaíonn The Hateful Eight raidhse fadhbanna. Níl an t-iomlán chomh foirfe le Django Unchained, ná an oscailt chomh máistriúil le Inglorious Basterds. Mar sin féin, gabhtar le cumhacht inste Tarantino sinn.

Bhí an-spórt aige riamh leis na tagairtí cineamatacha. Is scigaithris an teideal ar The Magnificent Seven (1960). Tá macallaí tríd síos freisin ar íomhánna na triolóige cáiliúla le Sergio Leone – For a Fistful of Dollars, For A Few Dollars More, agus The Good, The Bad and the Ugly. Aithneofar aistear cóiste Stagecoach John Ford ann – agus an t-ómós céanna a léirigh Ford in The Man Who Shot Liberty Valance don ‘spléachadh siar’ a thug pointe féachana (agus míniú contráilte ar fad eile dá bharr) ar an sraitheog lárnach sa scannán sin. Aithníonn Tarantino fosheánra eile nár thugas féin aon cheann roimhe seo dó – ‘an scannán buachaillí bó sneachta’, ambaiste. Il Grande Silrenzio (1968) le Sergio Corbucci, ach go háirithe. Ba threise ar fad a thionchar sin air, ón seat oscailte, ná aon rud eile, is léir.

Ach, bíodh is go bhfuil homage tugtha do na mílte scannán buachaillí bó traidisiúnta, agus seánra na scannán buachaillí bó spaigití, ní mór dúinn The Hateful Eight a scagadh ina théarmaí neamhghéilliúla féin. Sin Tarantino duit. Fuil agus folracht, aiseag is urlacan – ildaite, ar ndóigh, in Ultra Panavision 70mm an babhta seo. Anam an Diabhail, a chairde!

San Eadarlinn…. mar a deir na seanchártaí teidil fadó, siúd chuig Minnie’s Haberdashery ar fothain ón síobadh sneachta a landálann lucht an chóiste. Ann rompu tá ceathrar eile: an sean-Ghinearál Sandy Smithers de chuid na Cónaidhme (Bruce Dern), crochadóir (Sasanach, ar ndóigh) ar a bhealach chun oibre i Red Rock, Oswaldo Mobray (Tim Roth), Joe Gage (Michael Madsen) buachaill bó mistéireach ar bheagán focal, agus feighlí sealadach an ostáin, an Meicsiceach Bob (Demian Bichir).

Ach, cé hiad, dáiríre, gach éinne istigh? Cé hiad, dáiríre, a thagann an doras chucu isteach? Conas mar a bheidh idir na carachtair éagsúla? Cad tá fíor, cad tá bréagach sa cheaig phúdair ar a nglaoitear Minnie’s Haberdashery?

Doirtfear na slaoda fola, gan dabht. Agus tugann Tarantino nod ar leith do mháistreás cruthanta seánra eile – Agatha Christie. Ciú And Then There Were None (1939). Ten Little Niggers a tugadh air sin ina chéad chló. Hmmmm.

Ach is mó ná siamsaíocht dhorcha é The Hateful Eight.      

Má deir Bob Dylan ‘I still got the scars / That the sun didn’t heal’, is fairsinge ná sin lionsa fuarchúiseach Tarantino. Ina léamh siúd, iompraíonn Stáit Aontaithe Mheiriceá créachta neamhchneasaithe an Chogaidh Chathartha. Agus ag déanamh braoin leanúnaigh i gcroílár an chneá sin tá ciníochas fuafar ‘an Deiscirt’. Agus a ‘leathbhádóir’, ciníochas fánach, éasca, laethúil ‘an Aontaithe’. Agus siúlann an fhoréigean ar láimh leis an gciníochas i gcónaí.

Cé hiad lucht fulaingthe an dá éagóir sin, i léamh Tarantino? An cine gorm, agus mná den uile dhath, ar dhá thaobh an Mason-Dixon Line.

Tá Tarantino sa diallait arís, agus tá a fhios againn nach fada go gcuirfear slacht sách sciobtha – slacht míshlachtmhar críochniúil, bímis macánta, ar gach a thagann i ngiorracht scread miúil, nó seitreach capaill dá mhicreafón nó dá cheamara. Ach a leithéid a bheith ag dul dóibh, le hús iolrach, le fada an lá.

Maidir le Samuel L. Jackson, Kurt Russell, Jennifer Jason Leigh, Walton Goggins and Bruce Dern, ba ‘as radharc’ ar fad iad uile, dar liom. Tá íomhánna an Super Panavision 70mm caithréimeach, amuigh is istigh. Idir ghile agus chomhdhéanamh. Féasta súl ceart.

Níl ach an t-aon áit amháin chun The Hateful Eight a fheiscint. Ar an scáileán cineama is mó a bhfuil teacht agat air.

Mar a dúirt ó chianaibh, ní féidir riamh neamhaird a dhéanamh de Quentin Tarantino.

Go n-éirí leat leis!

Blaisíní

The Hateful Eight (2016) le Quentin Tarantino

Il Grande Silenzio (1968)  le Sergio Corbucci  

Day Of the Outlaw (1959) le André de Toth