Tá bratach an Ku Klux Klan crochta in oirthear na cathrach…

Is é a n-iompar ar na sráideanna, i dtaca lena lucht leanúna agus i leith na mbratacha, an teist is mó ar na hOráistigh

image

“Ní hé an bratach, per se a ghoilleann orm ach an rud atá sé a rá”. B’shin é a chualathas ó sheachtar as deichniúr ar Bhóthar Ormeau i ndeisceart Bhéal Feirste. Daoine a rugadh agus a tógadh i dTuaisceart Éireann ab ea ceathrar, eachtrannaigh a bhfuil cónaí orthu anseo le fada ab ea beirt. Ní raibh an seachtú duine toilteanach aon cheo a nochtadh faoina chúlra; cheapas gur canúint na tuaithe a bhí aige, ó cheantar na teorann, b’fhéidir.

Bhí an triúr eile as an deichniúr diongbháilte ina gcosaint orthu siúd a chuir na scórtha bratach ar chuaillí i gceantar meascaithe ar Bhóthar Ormeau, cuid acu le hais an tséipéil Chaitlicigh. Crochadh iad ag tús na seachtaine seo le haghaidh na féile Oráiste a thosós i gceann seachtaine agus a mhairfeas mí. “Is í bratach na tire í” ,a dúradar, “conas a ghoillfeadh sé sin ar éinne?” Bhí a fhios acu go maith nach raibh an scéal chomh simplí sin i réigiún coimhlinte a thugann dílseacht do dhá bhratach. Is minic a tharraingíonn bratach an Aontais agus bratach Uladh conspóid, teannas agus sárú síochána.

Anuraidh dúirt an PSNI gur chothaigh bratacha sa cheantar baol don tsíocháin agus nach nglacfaí leo feasta. Níl na póilíní den bharúil sin anois; teastaíonn reachtaíocht níos laidre agus prótacal nua uathu. Tá lucht gnó agus aitritheoirí – móramh neamhaontachtach – míshásta go bhfuil lucht na mbratacha ag marcáil nó ag éileamh críche nach mbaineann leo agus ag déanamh imeaglú ar an bpobal nach dtacaíonn leo.

Ní raibh bratacha paraimíleata ar foluain sa cheantar sin ach tá siad flúirseach i gceantar an Village i ndeisceart Bhéal Feirste, agus in oirthear na cathrach. Sa mullach air sin, tá bratach an Ku Klux Klan crochta in oirthear na cathrach.

Maíonn lucht a gcosanta nach bhfuil na bratacha seicteach ná ciníoch cé go bhfuil fógraí scríofa ar bhallaí in aice leo, ar nós an rabhaidh do Chaitlicigh ón Tráigh Ghearr “No S/S [Short Strand] Taigs on our roads”. Gar do phríomhstáisiún na mbus, is é an fógra ‘Taigs will be crucified’ an rud deiridh a fheiceann cuairteoirí chun na cathrach sul má shroicheann siad ceann scríbe.

Deisceartaigh is ea cuid mhaith de na paisinéirí agus ní gá a rá go n-airíonn a lán neirbhíseach i bhfianaise na ‘fáilte’ sin. Tá teachtaireachtaí go leor ar na meáin shóisialta faoin stangadh a bhaineann a leithéid d’fhógra as daoine ar shroisint na cathrach dóibh. Tá fianaise ann freisin go n-airíonn deisceartaigh atá ag cur fúthu abhus míchompordach an tráth seo bliana, bratach a dtíre – an bhratach thrídhathach crochta ina giobal ar thinte cnámh le dó go drochmheasúil ar oíche an aonú lá déag. Údar iontais acu é nach gcáineann polaiteoirí aontachtacha an masla do bhratach na hÉireann agus a laghad cáineadh a dhéantar faoi bheart chomh gránna. Is é an scéal céanna é ag Polannaigh – níl sé chomh forleathan ach faigheann an bhratach s’acusan an íde chéanna.

Ní mór a rá go raibh mairseálacha go dtí seo i mbliana síochánta. Mar sin féin, tá drochatmaisféar ann i ngeall ar bhratacha agus graifítí. Ar ndóigh, ní hé an tOrd Oráisteach féin a chrochann na bratacha i gceantair mheascaithe ná a scríobhann na fógraí imeaglaithe. Ach ní fhágann sin saor ó fhreagarthacht amach is amach iad. Ba cheart dóibh a chur in iúl do lucht an ghraifítí go bhfuil iompar den chineál sin doghlactha.

Dá mbeadh an saol ar a dtoil acu, déarfadh siad lena lucht leanúna gan bratacha a chrochadh muna bhfuil fáilte rompu agus fanacht glan ar bhagairt, ar chiníochas agus ar sheicteachas gach áit. Ach ná bímis róshoineanta. Tús maith a bheadh ann a bheith toilteanach a theacht ar réiteach le háitritheoirí sna ceantair mheascaithe agus ansin sna comharsanachtaí náisiúnacha ina bhfuil doicheall an domhain rompu.

Tá na hOráistigh an-bhródúil as a músaem nua, as an Iar-Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa a bheith i láthair ag oscailt na hiarsmalainne i Schomberg House in oirthear Bhéal Feirste agus as a saothar chun caidreamh a chothú le náisiúnaithe/daoine ó chúlra Caitliceach. Is maith ann na céimeanna sin ach is é a n-iompar ar na sráideanna, i dtaca lena lucht leanúna agus i leith na mbratacha, an teist.

Fág freagra ar 'Tá bratach an Ku Klux Klan crochta in oirthear na cathrach…'