Tá athbheochan ar cheol na Polainne,  agus is cosúil í le scéal an cheoil in Éirinn

Tá ráchairt agus éileamh ar an gceol Gaelach ar fud na cruinne. Bhí ré órga den chineál céanna i dtraidisiún na Polainne, ach is fadó fadó é…

Tá athbheochan ar cheol na Polainne,  agus is cosúil í le scéal an cheoil in Éirinn

Tá athbheochan ar cheol na Polainne faoi lán seoil. I measc na ngrúpaí atá ag taifeadadh agus ag seinm tá Tęgie Chlopcy, Kożuch, Janusz Pruszinowki Trio, Lautari agus Jacek Haɫas. Casadh dom féin iad an tseachtain seo caite i scioból mór adhmaid fiche míle ó aerfort Lublin i ndeisceart na Polainne. Bhí beirt ag pósadh ar an mbaile, agus bhí ceol á chur go spéir ann. Ach cén cineál ceoil atá i dtraidisiún na Polainne, nó cén scéal a bhaineann leis?

Lenár linn féin, tá ráchairt agus éileamh ar an gceol Gaelach agus ar an gceol Ceilteach ar fud na cruinne. Bhí ré órga den chineál céanna i dtraidisiún na Polainne, ach is fadó fadó é. Sa 16ú haois agus sa 17ú haois, is ar cheol na Polainne a bhí an tóir agus an meas san Eoraip. Féach go bhfuil an polca againn i gCiarraí agus in Éirinn. Ón bPolainn an t-ainm sin. Féach go bhfuil an mazurka i dTír Chonaill. Ó oirthuaisceart na Polainne an t-ainm sin. Chóirigh Fredéric Chopin an ceol sin don phianó, agus chuir sé Páras faoi gheasa sa naoú haois déag.

Má bhí an ré órga ann áfach, is meath agus meirg a tháinig ar an traidisiún sa bhfichiú haois agus go deimhin roimhe sin. Chuir impireacht na hOstaire críocha na Polainne faoi chois. Ní fada ina dhiaidh sin gur tháinig Napoléon. Bhí an dá chogadh mhóra ann, agus tréimhse chrua an chumannachais go dtí 1989. Níor mhair teanga agus tír na Polainne ach ar éigean. Ach mar a deir an t-amhrán náisiúnta: Polska jeszcze nie zginęɫa – níor múchadh an Pholainn fós.

An scéal a bhaineann leis an athbheochan seo i gceol traidisiúnta na Polainne, tá sé cosúil go leor le scéal an cheoil in Éirinn. Sna seascaidí, nuair a cuireadh an solas sna tithe, agus nuair a bhí na múrtha Éireannach ag triall ar an mbád bán, ní bláth ach feo a bhí ar cheol na tíre seo. Bhí an fhidil crochta san áiléar. Bhí an fhliúit ar bharr an drisiúir. Sin é an t-am ar chuir ceoltóirí óga suim sa traidisiún. Sula raibh an dlúthdhiosca ann ná an t-idirlíon, ní raibh bealach ar bith leis an seancheol a chloisteáil, ach dul síos faoin tuath agus an ceol a aimsiú. Sin é a tharla sa bPolainn le deich mbliana anuas.

Casadh dom féin duine de na seancheoltóirí i Lublin. Stanisɫaw Witowski is ainm dó. I 1933 a rugadh é. Is as Orlowiny é idir Lublin agus Łodz i lár tíre. Oíche na bainise, bhí fuacht na hoíche ag goilliúint air, agus shuigh muid cois tine sa gclós. D’inis sé a scéal féin dom. An banna ceoil a bhí aige lena cheathrar dearthár. An seal a chaith sé san arm. Na bainiseacha móra. An sciuird go Páras agus é faoi ghradam. An lá ar an traein ar cheangail siad fógra don deartháir ab óige: ‘Dílleachtaí – bígí fial linn’. Bhí carn airgid acu ag fágáil na traenach dóibh.

Fear mór le rá eile a bhí ar an mbainis ná Andrzej Bieńkowski, saineolaí, bailitheoir ceoil, agus scannánaí. Ostatni Wiejscy Muzykanci (Na Ceoltóirí Tuaithe Deiridh) is ainm don scannán is cáiliúla atá déanta aige. Is ann atá blas le fáil ar an spleodar a bhain le cultúr na Polainne anallód.

Is í an fhidil an phríomhuirlis i gceol na Polainne. Má bhí Stradavarius faoi bhláth san Iodáil sa mbliain 1700, bhí veidhlíní den chéad scoth á ndéanamh ag Marcin Groblicz i Kraków roimh 1600. Cuir druma mór leis an bhfidil, agus dord ceithre théad, agus sin agaibh bunús an cheoil. Cuirtear glór cinn leis an damhsa go minic. Sa bhfichiú haois, tháinig an bosca ceoil i gceist sa bPolainn, ach oiread le háit, agus sula raibh na micreafóin le fáil, bhí an-éileamh ar an sacsafón agus ar an trumpa leis na daoine a chur ag damhsa. 

Féachaigí libh an nasc seo.