Tá ár gCluichí Gaelacha loite ag an ‘ngairmiúlacht’

Fuair ár gcolúnaí cuireadh freastal ar chluiche iomána le déanaí, agus chuimhnigh sé ina dhiaidh cén fáth nach mbacann sé lena leithéid níos mó...

Tá ár gCluichí Gaelacha loite ag an ‘ngairmiúlacht’

Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

‘An mbeadh aon fhonn ort teacht go dtí an Tulach Mhór liom chun féachaint ar na Dubs?’ arsa m’athair liom. ‘Tiocfaidh,’ arsa mise.

Fear mór Chumann Lúthchleas Gael m’athair. Murab ionann agus mé féin, leanann sé air ag triall ar chluichí iomána go dílis dásachtach, in ainneoin gur briseadh croí a fhulaingíonn sé ina ndiaidh go mion minic. Ní hé an toradh a ghoilleann air i gcónaí ach an chaoi a n-imrítear an iomáint anois agus, go deimhin, an dá ‘chód’.

Ba dheacair domsa gan easaontú leis nuair a chuas ag féachaint ar Áth Cliath agus Gaillimh ina theannta roinnt seachtainí ó shin.

Gan amhras, níorbh aon chabhair iad na deacrachtaí atá i gcampa Átha Cliath faoi láthair ach, mar sin féin, bhí na Dubs go dona ar an lá agus a mbua tuillte go rímhaith ag na Gaillimhigh. Ba iad ba láidre leis an gcorp agus ba chruinne leis an sliotar agus nuair a bhí deireadh ráite, ba bheag idir an cluiche agus seisiún traenála dóibhsean.

Thairis sin, áfach, ba é an rud ba mhó ar thugas suntas dó ná chomh salach is a bhí imreoirí na Gaillimhe; iad ag tarraingt agus ag brú agus ag stracadh as geansaithe an fhreasúra gan staonadh gan stad, leis an lámh nach raibh ag breith ar an gcamán.

Bhaineas-sa le scoil inar imríodh an dá chód agus cé gur cuireadh i dtreo na peile mé tar éis roinnt blianta – rud coitianta i mBaile Átha Cliath an uair úd agus anois – is cuimhin liom go mbíodh orainn an dá lámh a choimeád ar an gcamán, ach amháin nuair a bhítí ag breith ar an sliotar. Chloisinn mo mhúinteoir ag rá liom ó am go chéile, “two hands on the hurl, Hickey” nuair nach mbíodh an sliotar i ngar dom.

Anois, nílimse chomh saonta soineanta sin is go gceapaim go bhfuil cluiche scoile inchomparáide le cluiche idirchontae ar aon tslí, ach mar sin féin, níor chuid den tacláil do lámh a leagan ar dhuine san iomáint, de réir an traidisiúin. Bhí na guaillí agus an chabhail ann lena aghaidh sin agus ba leis an bpeil a bhain an tacláil láimhe.

Féach ar sheanscannáin de chluichí idirchontae go bhfeicfir fianaise air seo agus ná ceap nach raibh an oiread céanna fisiciúlachta le fáil i gcluichí iomána dá bharr – bhí agus é. Lena chois sin, b’iontach an feic iad agus bhí líofacht is glaineacht ghluaiseachta le fáil iontu nach bhfeictear anois ach corrlá anseo is ansiúd. Lá de na laethanta sin ab ea an sárchluiche idir Tiobraid Árann agus Corcaigh seachtain roimh chluiche na mBaile Átha Cliathach.

Creidim féin gurb iad duáilcí na gairmiúlachta is cúis leis an athrú seo a theacht ar an iomáint agus ar na cluichí Gaelacha trí chéile. Thar aon ní eile, is é an meon ‘déan gach aon rud a ligfear leat a dhéanamh chun an cluiche a bhuachtaint, bíodh sé cam nó díreach’, atá laistiar de.

Chuireas an méid seo in iúl i litir a scríobhas chuig an Irish Times cúpla bliain ó shin agus ní róbhuíoch díom a bhí daoine áirithe as ucht na litreach sin, fear a d’imríodh ar leibhéal idirchontae ina measc. B’fhearr lena leithéidí sin go bhfágfainn mo chuid idéalachais i mo dhiaidh agus go mblaisfinn den ‘réadúlacht’, ar ndóigh.

“Cad a bheadh ar eolas agatsa? Níl ionat ach amadán aineolach nach bhféachann ach ar chúpla cluiche mór sa bhliain.” Tá go maith, a deirimse, ach ní foláir fiafraí cén fáth nach mbacaim ach le cúpla cluiche sa bhliain agus cad ina thaobh go bhfuil tobar na suime sin triomaithe tráite ionam. Ní mé an t-aon duine atá mar sin ná ní mé amháin atá ag déanamh imní faoi cháil ár gcluichí dúchais agus a bhfuil i ndán dóibh.

Amach ón lot atá á dhéanamh ar chluichí idirchontae mar thaispeántas ag meon soiniciúil úd na gairmiúlachta, tá imreoirí club, ar gach leibhéal, ag glacadh an mheoin chéanna chucu fhéinig sa chur chuige a bhíonn acu roimh chluichí agus le linn cluichí.

Admhaím gur cultúr cluichí eile is cúis leis seo uaireanta. Baineann fear ar m’aithnese, cuir i gcás, le ceantar atá ar an teorainn idir Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin, áit a n-imrítear sacar agus peil Ghaelach, agus áit a bhfuiltear ag brath ar dhaonra beag, leochaileach. Is minic na buachaillí céanna ag imirt an dá chluiche dá bharr.

Síos leo go dtí an pháirc peile i ndiaidh a gcluiche sacair. Deich nóiméad isteach sa chluiche peile, caitheann buachaill é féin chun talún, in ainneoin nár leagadh lámh air. “Suas leat, maith an fear,” arsa an réiteoir leis, “ní sacar é seo.” Beidh an buachaill céanna sa teach tábhairne i dteannta a athar an tráthnóna sin agus cloisfidh sé daoine mórthimpeall air ag béiceach ar scáileán Sky, “He should have gone down. If he’d gone down, he’d have gotten a penno.”

Táthar ann nach bhfuil chomh soiniciúil céanna i gcónaí, áfach, agus a thuigeann an tábhacht a bhaineann le páistí agus le hamaitéaraigh a bheith ag baint taitnimh as cluichí a imirt le chéile, is cuma cé na cluichí atá i gceist.

Le linn dom féin a bheith sna fichidí, bhí d’ádh orm a bheith faoi stiúir iarimreora de chuid Shamrock Rovers agus mé ag imirt le club sacair áitiúil i mBaile Átha Cliath. B’fhear é seo a chaith seal le cuid de na clubanna is mó i Sasana tráth dá raibh, agus ní raibh éinne ní b’iomaíche ná é féin ann.

Ráinig go raibh cluiche sacair faoi aois ar siúl in aice linn agus sinn amuigh ag traenáil, oíche.

“DAVEY!! DAVEY!! For F**K’s sake, will ya ever F**KIN’ find the MAN with the PASS!!” a liúigh duine de na bainisteoirí ar an taobhlíne thall. D’fhreagair an bainisteoir s’againne é de bhéic: “He’s f**king TEN, ya f**kin’ GOBSHITE!”

Fiú duine chomh hiomaíoch le mo bhainisteoir, duine nach gcuireadh aon fhiacail ann é féin, thuig sé nár cheart a bheith ródhian ar ghasúir agus gur ar an rannpháirtíocht is ceart an bhéim a chur agus daoine óga i dtús a n-aistir spóirt.

Is é nádúr an duine rialacha a bhriseadh agus, go paradacsúil, sin an fáth a bhfuil rialacha ann. Mar sin féin, fiú agus duine ag iarraidh a bheith tuisceanach ar an méid sin agus gan breithiúnas a thabhairt, braithim go bhfuil soiniciúlacht as an nua le fáil i gcluichí spóirt na bhfear anois, ár gcluichí féin san áireamh.

Is soiniciúlacht í seo atá ag dul i bhfeidhm ar an té is óige agus is soineanta amuigh ar leibhéal an amaitéarachais agus, i gcomhthéacs Chumann Lúthchleas Gael, ar leibhéal an chlub. Maidir leis na cluichí Gaelacha go sonrach, fágann an tsoiniciúlacht seo go bhfuil an cluiche is sine agus is dúchasaí in Éirinn athraithe ó bhonn aníos le tamall de bhlianta agus iomlán loite mar fheic agus mar thaispeántas ag an leibhéal is airde.

Má thugann m’athair cuireadh dom dul chuig cluiche ina theannta arís, diúltód dó.

Fág freagra ar 'Tá ár gCluichí Gaelacha loite ag an ‘ngairmiúlacht’'