Tá Aontas na hEorpa faoi chomaoin ag na céadta míle a sheas sa sneachta sa Romáin

Tá na sluaite i mbun agóide i mbailte móra Na Rómáine le seachtain anuas, agus níl dabht ar bith ach go bhfuil údar gearáin ag an bpobal

Tá Aontas na hEorpa faoi chomaoin ag na céadta míle a sheas sa sneachta sa Romáin

Ón oíche Dé Céadaoin seo caite, tá na sluaite i mbun agóide i mbailte móra Na Rómáine. Ceathrú milliún a líon, dar leis na póilíní. Os cionn trí chéad míle atá le háireamh, dar le foinsí eolais eile.

Ach tá na sluaite ag fás leo. Go deimhin, táthar ag léirsiú sa mBulgáir chomh maith in aghaidh rialtas na Rómáine. Ó cuireadh deireadh le réim na gcumannach sa tír i 1989, ní raibh léirsiú dá leithéid ann. Cén chúis feirge atá ann, nó céard atá ag cur olc ar na daoine?

Baineann an scéal ar fad le hordú éigeandála a d΄achtaigh an rialtas an tseachtain seo caite. De réir an ordaithe sin, maithfear a gcionta do pholaiteoirí a bhfuil mí-ionracas agus caimiléireacht san am atá caite á lua leo.

Agus tá soláthar san Acht a fhágann nach gcuirfear an dlí ar pholaiteoir faoi chionta caimiléireachta a dhéanfar san am atá le teacht!

Mar bharr ar an donas, is i gcoim na hoíche a achtaíodh an t-ordú seo nuair a bhí an tír ina suan.

Níl polaiteoir ar bith ina measc is mó a ndéanfaidh an tAcht seo a leas ná ceannaire Pháirtí na nDaonlathach Sóisialta. Tá líomhaintí ann go ndearna an tUasal Liviu Dragnau comhaireamh na vótaí a chur as a riocht aimsir thoghcháin le deireanas. Tá amhras mór faoi freisin de bharr airgead mór a chuaigh ar strae ó na cistí poiblí. Bhíothas ag bagairt príosúin air dá mb΄fhéidir na líomhaintí a chruthú. Fágann an t-ordú éigeandála nach bhfuil greim ag an dlí air.

Sheas Uachtarán na Rómáine sa bhearna bhaoil, agus sheas sé bonn ar bhonn leis na daoine. Sa litir a chuir sé chuig an bPríomh-Aire Sorin Grindeanu, d΄iarr Iohannis Klaus go neamhbhalbh ar an rialtas toil na ndaoine a dhéanamh, agus an t-ordú éigeandála a chur ar ceal láithreach.

Mura ndéanfaí sin roimh dheireadh an lae inniu, an 8 Feabhra, thiocfadh an t-ordú i bhfeidhm.

Tá gné na hEorpa ag baint leis an scéal. Ag labhairt dó i bParlaimint na hEorpa faoin ngéarchéim, is éard a dúirt Leas-Choimisinéir an AE, Frans Timmermans go bhféadfaí gan cuid d΄airgead infheistíochta na réigiún a íoc leis an Rómáin. Séanadh luach milliún euro den airgead forbartha sin ar an Rómáin in 2015 de bharr útamála.

Chuir ambasáidí éagsúla fainic ar rialtas na Rómáine faoin droch-cháil atá siad a tharraingt ar an tír, ambasáidí na Gearmáine, na Fraince agus Mheiriceá ina measc. 

Idir an dá linn, bhí scliúchas ann i mBúcairist nuair a caitheadh spallaí leis na póilíní. Meastar gur baill de lucht tacaíochta chlub peile Dinamo Bucaresti ba chúis leis an trioblóid. Séanann an club gurbh ea. Is é an port a bhí ag an rialtas go raibh daoine á n-íoc le dul ag léirsiú. Is beag achrann a bhí ar shráideanna na tíre, áfach. Agus níl dabht ar bith ach go bhfuil údar gearáin ag an bpobal.

Is dea-thoradh a bhí ar an léirsiú. Cé gur beag súil a bhí leis, cuireadh stop le hacht an rialtais go fóill. Tháinig ráiteas ón Ard-Chúirt i dtús na seachtaine go bhfuil ceist bhunreachta maidir le hacht an rialtais. Deir an ráiteas nach cás éigeandála a bhí ann, agus dá réir sin go gcaithfear an t-acht a scrúdú an athuair.

Sin bua mór do phobal na Rómáine, agus bua mór don daonlathas san Eoraip. Tá Aontas na hEorpa faoi chomaoin ag na céadta míle a sheas sa sioc agus sa sneachta in aghaidh na héagóra.