Tá an tarraingt déanta, an bhfuil siad sásta na híobairtí móra a dhéanamh?

Agus sinn ag baint súp as na cluichí club go fóill, tá an tarraingt do na cluichí craoibhe déanta agus is anois a thosóidh na bainisteoirí ag pleanáil

Tá an tarraingt déanta, an bhfuil siad sásta na híobairtí móra a dhéanamh?

Tá craobhacha na gclubanna faoi lán seoil na laethanta seo agus an séasúr ag druidim chun ceann scríbe. Braithimid uainn na cluichí idirchontae ar an teilifís agus buíochas le Dia nach Nemeton ná TG4 ag tógáil aon sos mar tá cluichí craoibhe na gclubanna á dtaispeáint acu gach deireadh seachtaine.

Tá saontacht de shórt ag baint leis na cluichí seo. Go minic bíonn siad i bhfad níos fearr ná cuid mhaith des na cinn idirchontae. Is iontach an rud go bhfuil Nemeton ag taisteal fud fad na tíre gach deireadh seachtaine chun sampla fairsing de na cluichí seo a thaispeáint.

Ní fhaigheann tromlach na n-imreoirí club deis imirt os comhair na gceamaraí teilifíse rómhinic agus cuireann sé go mór leis na hócáidí na ceamaraí céanna a bheith ann agus iarla na láithreoirí Mícheál Ó Domhnaill a bheith ina sheasamh go deas réchúiseach  ar an taobhlíne agus rí na dtráchtairí Gaeilge, Brian Tyres, thuas sa bhosca tráchtaireachta agus é ag déanamh cur síos beoga, snasta, croíúil ar an dráma gan script atá ar siúl os a chomhair amach.

Fad is atá cluichí na gclubanna ar siúl bímid fós ag coimeád súil ghéar amach d’aon nuacht a bhaineann leis na foirne idirchontae.

Is dócha an scéal is mó ó thaobh bainisteoirí de ná go bhfuil an Cláiríneach Davy FitzGerald ag athrú dathanna do 2017 agus eisean a bheidh ag stiúrú cúrsaí i Loch Garman fad is a bheidh Gerry O’Connor agus Dónall Maloney ag cur orthu a gheansaí sa bhaile .

Bhí ionadh orm gur ghlac Davy le post chomh tapa san, go háirithe agus ceisteanna faoina shláinte fós le freagairt.

Tá cuid mhaith tuairimí éagsúla ag daoine faoina phearsantacht . Spreagann sé daoine áirithe agus cránn sé daoine eile. Níl aon dabht áfach ach go bhfuil an-suim aige san iománaíocht agus an-dúil aige bheith ar an taobhlíne gach bliain. Is maith an rud go bhfuil JJ Doyle, iarbhainisteoir buacach sa chamógaíocht agus faoi 21, mar roghnóir aige. Tá meas agam ar an bhfear seo. Bhuaigh Loch Garman trí chraobh chúige faoi 21 faoina stiúir agus chailleadar dhá chraobh na hÉireann in aghaidh foirne a bhí an-láidir, Contae an Chláir agus Luimneach.

Caithfidh go bhfuil an-chur amach ag an Dúilleach ar imreoirí óga an chontae.

An chéad sprioc a bheidh acu iarracht a dhéanamh a mbealach a dhéanamh amach as roinn 1b na sraithe.  Agus ní bheidh sé sin éasca nuair atá leithéidí na Gaillimhe agus Luimnigh ansin. Tá bearna shuntasach idir na ceithre fhoireann a d’imir cluichí leathcheannais na hÉireann i mbliana agus na chéad cheithre chontae  eile.

Mar sin féin, tá Loch Garman sa dara grúpa sin. Bheadh sé deacair a shamhlú go bhfuil aon seans acu an chraobh chúige a bhuachan go luath. Is dúshlán é sin a thógfaidh cúpla bliain. Caithfidh lucht leanúna an chontae bheith foighneach agus bliain nó dhó a thabhairt don bhainistíocht agus do na himreoirí an bhunchloch a leagan síos.

Tá imreoirí maithe acu agus cuid maith acu ar ardchaighdeán ach ní mór do chuid díobh cinneadh a dhéanamh. An bhfuil siad sásta na híobairtí móra a dhéanamh chun tabhairt faoi  Chill Chainnigh, Tiobraid Árann nó Port Láirge? Mura bhfuil, is beag seans atá ag an gcontae aon dul chun cinn a dhéanamh.

Tá an tarraingt do na cluichí craoibhe Déardaoin agus is anois a thosóidh na bainisteoirí ag pleanáil. Táimid ag súil leis an aicsean cheana féin.

Fág freagra ar 'Tá an tarraingt déanta, an bhfuil siad sásta na híobairtí móra a dhéanamh?'