‘Tá an t-airgead do bhóthar an Daingin ann i gcónaí’ – Griffin

Dúirt Teachta Dála Fhine Gael Breandán Ó Grifín tráthnóna go raibh scéal faighte aige ón Aire Iompair go raibh an t-airgead a bhí geallta don N86 fós ar fáil

g1AopCLw_400x400
An Teachta Dála, Brendan Griffin ó Fhine Gael

 

Ní chaithfear ar thogra eile an t-airgead a cuireadh ar leataobh é do bhóthar an N86, a dúirt Breandán Ó Grifín, an Teachta Dála ó Fhine Gael inniu.

I ráíteas a d’eisigh sé tráthnóna, dúirt an Teachta Dála ó Chiarraí go raibh cruinnithe le déanaí aige leis an Aire Iompair Paschal Donohoe faoin scéal go raibh an maoiniú don bhóthar idir An Cam agus an Daingean tarraingthe siar ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA).

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite, go raibh litir faighte ag Comhairle Contae Chiarraí ón NRA a thug le fios nach raibh an maoiniú chun obair feabhsúcháin a dhéanamh ar an mbóthar ar fáil a thuilleadh.

Tá athbhreithniú breithiúnach á lorg san Ardchúírt ag an Taisce faoin obair atá beartaithe don N86.

Ach dúirt Teachta Dála Fhine Gael Breandán Ó Grifín tráthnóna go raibh scéal faighte aige ón Aire go raibh an t-airgead a bhí geallta do bhóthar an Daingin fós ar fáil.

“I am delighted to confirm that the €4.35 million allocated for the N86 in 2015 will now be held in place for the foreseeable future,” a dúírt Ó Grifín.

Dúirt an Teachta Dála go raibh ‘fearg’ agus ‘díoma’ air faoin scéal go raibh athbhreithniú breithiúnach á lorg ag An Taisce faoi fhorbairt an bhóthair agus go raibh diúltaithe ag an eagras timpeallachta bualadh leis chun an cás a phlé.

Maíonn An Taisce nach bhfuil An Bord Pleanála ag cloí le rialacha timpeallachta an Aontais Eorpaigh i gcás an N86 agus go ndéanfaí dochar d’áilleacht na timpeallachta dá leathanófaí an bóthar mar atá beartaithe a dhéanamh.

 

Fág freagra ar '‘Tá an t-airgead do bhóthar an Daingin ann i gcónaí’ – Griffin'