Tá an saol cat mileoidean…téigh i bhfolach faoin mbord is beir leat canna péitseog

Agus Donald Trump agus Kim Jong-un ag scamhadh na bhfiacla chugainn, ráineodh go bhfuil sé in am cuimhneamh ar phlean éigeandála

Tá an saol cat mileoidean…téigh i bhfolach faoin mbord is beir leat canna péitseog

I bhfianaise bhagairtí Donald Trump agus Kim Jong-un cogadh núicléach a tharraingt sa mhullach orainn, ceapaim go bhfuil sé in am plean éigeandála a réiteach. Is maith an aire é an fhógairt. An t-aon fhadhb atá agam ná nach bhfuil tada ar eolas agam faoi phleananna éigeandála.

Ar cheart dom tosú ag cur cannaí péitseog i dtaisce? Nó an amhlaidh gur barr an donas a bheadh sna péitseoga? Ní hamháin go mbeadh an saol ina chadás dá dtiocfadh cogadh, ach bheadh ort péitseoga a ithe chuile lá sa mhullach air sin.

B’fhéidir go dtosóinn ag cur boscaí tae i dtaisce. Corr mála a shá síos i mo phócaí, bosca Lyons faoin tolg, cúpla mála faoin bpiliúr…

Ceapaim gur dhona a chuaigh sé do na hÉireannaigh nuair a cuireadh ciondáil ar an tae i rith an Dara Cogadh Domhanda. Nuair a chuimhníonn tú ar an méid a tharla in áiteanna eile ag an am, chaithfeá a rá go ndearna muid scéal chailleach an uafáis as an easpa tae, dáiríre. Cén chaoi a mbeadh muid anois dá gcuirfí stop leis na lattés?

Bhíodh mé ag obair le fear a d’fhás aníos aimsir an chogaidh, agus d’fheicfinn sa gceaintín é ag cur trí mhála tae síos sa muigín in éindí. D’fhágfadh sé ann iad ag tarraingt nó go mbeadh cuma tarra air idir a dhath is a thiús.

Ration tae é sin,; a déarfadh sé, is shlogfadh sé siar bolgam mór de is ligfeadh osna áthais as.

‘Tá dath dubh air is tá uisce le do chuid súile aige, an bhfuil tú cinnte nárbh fhearr leat triail a bhaint as gnáthchupán tae?’

‘Ó hó, a chailín, seo é an tae ceart!’

Níl a fhios agam an raibh sé dílis do rud ar bith eile ina shaol, ach bhí sé dílis don tae sin. D’fhág an chiondáil ar an tae a lorg ar mheon na nÉireannach. Níl a fhios agam cén chaoi a mbeadh muid dá mbeadh buamaí ag titim orainn.  

Céard a tharlódh dá mbrisfeadh cogadh ceart amach? An bhfuil córas réamhrabhaidh ann do chogadh domhanda? An bhféadfaí an córas rabhaidh aimsire a chur in oiriúint do dheachtóirí agus tíoránaigh a bhfuil fáil acu ar na cóid núicléacha, meas tú?

An raibh aon bharúil ag muintir na Seapáine ag dul a chodladh dóibh san oíche Dé Luain go mbeadh diúracán núicléach á chaitheamh ag Kim Jong-un na Choiré Thuaidh tharstu an oíche sin?

Ceithre nóiméad atá agat ón uair go mbrúitear an cnaipe ag scaoileadh leis an mbuama go dtí an uair a bhuailfidh sé an targaid is go maróidh sé gach a bhfuil roimhe.

Ar bhealach, cén mhaith duit fógra? An t-aon chomhairle atá ann, fad is atá a fhios agam ná a ghabháil ar an bhfoscadh. Deirtear leat a ghabháil isteach faoin mbord, mar shampla, nó faoin leaba. An cur chuige céanna atá ag mo mhac atá trí bliana d’aois nuair atá a fhios aige go bhfuil rud éicint briste nó doirte aige. Níl a fhios agam cé chomh héifeachtach is a bheadh sé mar chur chuige in aghaidh buama núicléach.

Ina dhiaidh sin fhéin, b’fhéidir nárbh aon dochar duit ruainne d’fhógra a bheith agat go raibh na diúracáin ag teacht, le go bhféadfá do chuid paidreacha a rá, maithiúnas a thabhairt do do chuid namhad agus slán a fhágáil ag do chlann.  

Stádas buí: Bí ar an eolas

Comharthaí: Gnáthchacamas ar Twitter.

Céard a dhéanfaidh mé?: Bíodh súil in airde agat, ach lean ort le do ghnáthshaol.

Stádas Oráiste: Bí ullamh

Comharthaí: Cacamas ar Twitter agus preasócáid ag ionad míleata. D’fhéadfadh go mbeadh ginearál nó dhó le feiceáil sa bpictiúr agus mapaí.

Céard a dhéanfaidh mé? Tosaigh ag cur cannaí péitseog agus boscaí tae i dtaisce.

Stádas Dearg: Tá an saol cat mileoidean

Comharthaí: Ardchacamas ar Twitter, preasócáid ag ionad míleata agus diúracáin núicléacha á gcaitheamh ar nós cuma liom.

Céard a dhéanfaidh mé? Téigh i bhfolach faoin mbord is beir leat canna péitseog.

Fág freagra ar 'Tá an saol cat mileoidean…téigh i bhfolach faoin mbord is beir leat canna péitseog'

  • maitiu

    Cuma ceard a dheanfas tu no ca rachaidh tu….beidh do chruibini in airde agat a chroi deoil.