Tá an samhradh ag sleamhnú uainn agus sé fhoireann iomána fágtha sa chraobhchomórtas

An Domhnach beag seo, fágfaidh dhá chontae eile an stáitse agus is í ceist na seachtaine ná cé a bheidh fágtha nuair a bheidh deireadh ráite Dé Domhnaigh?

GAA Hurling All Ireland Senior Championship Round 2, Semple Stadium, Thurles, Co. Tipperary 11/7/2015 Dublin vs Limerick Dublin’s David O’Callaghan and Sean O’Brien of Limerick Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
An bhfuil ar chumas David Dotsy O’Callaghan imirt ar feadh seachtó nóiméad a thuilleadh? Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhuel, ag tosnú le Port Láirge, caithfear a adhmháil go bhfuil a rún anois ar eolas ag madraí an bhaile. Tá tuiscint níos fearr anois ag na foirne eile ar a gcóras cosanta agus ní foláir do na Déise seift nua a cheapadh chun cur leis. Tá sé scríte agam cheana go bhfuil an-mheas agam ar an méid atá déanta ag imreoirí agus lucht bainistíochta na nDéise. Ach ag crosbhóthair atá siad anois.

Bhí ionadh orm gur chaill an fhoireann faoi fiche a haon seachtain go leith ó shin, go háirithe leis an méid imreoirí sinsear a bhí ar an bhfoireann. An é go bhfuil an ghaoth imithe as na seolta acu? Nó an é go bhfuil na foirne eile ag breith suas orthu? Is cinnte go raibh caighdeán na haclaíochta thar a bheith ard acu ó thosach an tséasúir. Anois caithfidh go bhfuil na foirne go léir ar comhchéim ó thaobh na haclaíochta de.

I mo thuairimse, caithfidh siad dul sa tseans agus cúpla tosaithe eile a fhágaint chun tosaigh níos minicí.

Bunaithe ar an méid a chonaiceamar ó Bhaile Átha Cliath go dtí seo i mbliana, bheinn ag ceapadh go mbeidh na Déise rómhaith dóibh.

Cé gur bhuaigh Baile Átha Cliath i gcoinne Luimnigh i ndiaidh dóibh drochthús a chur leis an gcluiche, ní fhéadfá a rá gur thugadar sárthaispéantas uathu. Murach Paul Ryan, bheadh an cluiche seo caillte acu.

Anois agus Liam Rushe ar ais ag uimhir a sé, tá na cúlaithe níos fearr ach tá cuid mhaith ceisteanna i gcónaí ann i dtaobh na dtosaithe. An bhfuil port Conal Keaney beagnach seinnte? An bhfuil ar chumas Dotsy O’Callaghan imirt ar feadh seachtó nóiméad a thuilleadh? Cá n-imreoidh siad Ryan O Dwyer?

Bunaithe ar an méid atá feicthe againn den dá fhoireann, ceapaim gurb iad na Déise an chéad fhoireann a chuirfidh Cill Chainnigh de dhroim seoil.

Sa chluiche eile, tá sé deacair go leor a rá cé a bhuafaidh. Cé gur chaill an Ghaillimh craobh Chúige Laighean, ní fhéadfá a rá go rabhadar go dona ar an lá. Bhí Cill Chainnigh ar fheabhas ó thosach deireadh sa chluiche sin. Tá ceithre chluiche craoibhe imeartha ag an nGaillimh i mbliana agus rud éigin foghlamtha ag an mbainisteoir i ngach ceann acu.

Caithfidh go bhfuil a fhios ag Anthony Cunningham ar cad í an fhoireann is fearr aige ag an bpointe seo. Shamhlófá, leis, go bhfuil tuiscint mhaith faoin dtráth seo ag Jimmy Barry Murphy ar a fhoireannsan chomh maith. Is breá le Corcaigh imirt i nDurlas Éile. Ní dóigh liom gur féidir an rud céanna a rá faoi Ghaillimh. 

Tá cuid mhaith tosaithe cumasacha ar an dá thaobh, ach níl ach an t-aon Joe Canning amháin ann. Maidir le cúlaithe na bhfoirne, ceapaim go bhfuil siad  ar comhchéim.

Tuigeann Corcaigh anois go bhfuil an cluiche álainn seo ag athrú an t-am ar fad. Tá ré an ‘chúigear déag in aghaidh an chúigear déag’ thart. 

Is Corcaíoch mé féin, ach in ainneoin a ndeir mo chroí liom, ceapaim gurb iad fir na Gaillimhe a bheidh fós ina mbeathaidh istoíche amárach.

Fág freagra ar 'Tá an samhradh ag sleamhnú uainn agus sé fhoireann iomána fágtha sa chraobhchomórtas'