‘Tá an Ghaeilge gorgeous’ – na foghlaimeoirí Meiriceánacha a bhfuil 40,000 lucht leanta acu ar a leathanach Facebook

Bhí tuairim ag John Handy agus Kaytria Stauffer go raibh níos mó daoine ar a gcuma féin – iad ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim ach gan mórán deiseanna acu. Bhí an ceart acu…

‘Tá an Ghaeilge gorgeous’ – na foghlaimeoirí Meiriceánacha a bhfuil 40,000 lucht leanta acu ar a leathanach Facebook

John agus Estelle Handy, Bucks, Pennsylvania, ar chlé, agus Kaytria Stauffer, Phildelphia ag Daonscoil na Mumhan. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Is as Bucks County, Pennsylvania iad John Handy agus a bhean chéile, Estelle. Ba de bhunadh na hÉireann muintir John ach níor thug sé féin mórán airde ar an dúchas sin agus é ina fhear óg.

Is de bhunadh na Gréige Estelle agus Gréigis ar a toil aici. Tá siad pósta le 28 bliain agus clann tógtha acu. “Bhí agus tá fós aisling againn cónaí ar oileán sa Ghréig,” a deir Estelle.

Maireann an aisling. Ach tharla cor nua ina scéal timpeall seacht mbliana ó shin.

“Tá pobal láidir Éireannach in Pennsylvania,” a deir Estelle agus an rince Gaelach an príomhbhealach a bhíonn ag daoine lena gcultúr a chur in iúl. Chuir John agus Estelle a ngasúir ag ranganna damhsa. Ansin in 2009 bhuail smaoineamh John. “Bhí mise agus Estelle ag smaoineamh ar chónaí i dtír eile. Bhí na páistí tógtha agus imithe. Oibrím san earnáil chógaisíochta. Tá an earnáil sin láidir in Éirinn. B’fhéidir go mbeadh deis fostaíochta ann.”

Shocraigh John ar shaoránacht na hÉireann a fháil agus fuair sé é in 2010.

Bhí John dáiríre faoin tsaoránacht agus rinne sé staidéar ar chultúr na tíre seo. D’fhéach sé ar fhíseáin staire agus rinne cuardach ar líne ar ranganna Gaeilge. D’aimsigh sé ranganna ‘Daltaí na Gaeilge’ i New Jersey agus thosaigh sé ag freastal orthu in ainneoin iad a bheith turas idir trí agus ceithre uair an chloig óna theach féin. Gach seachtain bhuaileadh sé le go leor de mhuintir a thíre féin agus Cheanada a raibh an dúil chéanna acu i gcultúr na hÉireann. Faoin tráth sin bhí ‘galar’ na Gaeilge tolgtha go smior ag John.

Is ag na ranganna sin in 2010 a bhuail sé le Kaytria Stauffer as Syracuse, Nua-Eabhrac. Ba as Éirinn a seanmháthair ach, dála John, níor chuir Kaytria mórán suime san oidhreacht sin i dtús a saoil.

“Rinne mé céim sa mhínealaín in Ollscoil Arcadia in Pennsylvania,” a deir Kaytria. Bhí deis aici bliain a chaitheamh thar lear mar chuid dá cúrsa agus roghnaigh sí Ollscoil Luimnigh agus an Ghaeilge agus an béaloideas. B’aoibhinn léi an dá ábhar. “Tá an Ghaeilge gorgeous,” a deir sí agus aoibh an gháire uirthi. Ba leasc léi filleadh ar a hollscoil féin i ndiaidh a seimeastair i Luimneach agus shocraigh sí seimeastar eile a chaitheamh ann.

Bhí Kaytria anois buailte le galar na Gaeilge. Shíl a cairde go raibh mearbhall uirthi, go raibh sí ‘craiceáilte’. Bhí sí féin neamhleithscéalach faoin scéal agus bhí tuairim láidir aici féin agus John go raibh pobal amuigh ansin a raibh suim mhór acu sa teanga agus sa chultúr ach nárbh eol dóibh conas an dúil acu sa Ghaeilge a shásamh. Shocraigh Kaytria agus John ar chuntas Facebook, ‘Irishlanguagelearners’, a bhunú agus dul sa tóir ar na foghlaimeoirí rúnda seo.

Nach acu a bhí an ceart: d’fhreagair na mílte an ghairm. Anois tá 43,000 leantóir ag irishlanguagelearners.

“Is as Meiriceá 20,000 acu, tá 10,000 eile againn arb as Éirinn iad agus tagann 10,000 eile ó gach cearn den domhan,” a deir Kaytria.

Is le fonn agus le dúthracht a dhéanann  John agus Kaytria cúram de na irishlanguagelearners. Roinntear ar an leathanach teachtaireachtaí, scéalta, tráchtanna agus pictiúir a bhaineann leis an nGaeilge. Bhí, mar shampla, scéal John, Estelle agus Kaytria ag Daonscoil na Mumhan i gColáiste na Rinne an tseachtain seo caite le fáil ar irishlanguagelearners.

Agus céim bainte ag Kaytria sa mhínealaín tá sí ag díriú ar dhealbhadóireacht miotail go speisialta. Bíonn a saothar le feiceáil uair sa tseachtain ar an suíomh nuair a chuireann sí grafaicí le gluais Ghaeilge ar fáil do irishlanguagelearners .

Bíonn tóir iontach ar na postálacha áirithe seo gach Déardaoin. “Mheall ceann amháin os cionn 100,000 duine,” a deir Kaytria.” Bíonn eagraíochtaí móra, ar nós an Irish Centre i Chicago nó Conradh na Gaeilge in Éirinn, ag tacú leis an leathanach agus foilsíonn John féin idir 3-5 postálacha sa lá. “Caithim timpeall 30 uair sa tseachtain ag plé leis,” a deir sé.

Díoltar rudaí ar an leathanach Facebook ar nós píosaí ealaíne Kaytria, fáinní agus eile. “Dearaim t-léinte mar shampla agus tá socrú againn le booster.com go dtógann siadsan an dearadh uainn agus déanann siad agus díolann siad an t-léine,” a deir Maytria.

Agus an oiread dua á chaitheamh acu le irishlanguagelearners tá súil acu ioncam éigin a shaothrú as.

“Ar a laghad ba mhaith linn briseadh cothrom,” arsa John. “Ba bhreá dá bhféadfaí brabús a dhéanamh amach anseo.”

Pé scéal é, tá siad ag tabhairt cuireadh arís do lucht ghalar na Gaeilge a bheith leo ar irishlanguagelearners.

Agus an cor nua in aisling sin Estelle agus John? “B’fhéidir go mbeadh Estelle agus mé féin inár gcónaí ar oileán Gréagach ach ag múineadh na Gaeilge ann!” a deir John.

Fág freagra ar '‘Tá an Ghaeilge gorgeous’ – na foghlaimeoirí Meiriceánacha a bhfuil 40,000 lucht leanta acu ar a leathanach Facebook'

  • Mícheál Ó Máirtín

    Is iontach iad na daoine seo. Bíonn an t-ádh liom bheith ag obair leo agus iad i gColáiste na Rinne agus iad ag freastal ar dhianchúsa Gaeilge ann. Thabharfadh a ndíograis is a ndianiarracht ardú meanman d’aon duine le grá don Ghaeilge.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Tá an ceart ag Mícheál Ó Máirtín – cuireann an dream seo iontas agus áthas orainn agus iad ag treabhadh leo ag foghlaim an teanga agus an cultúr. Buaileann siad isteach orainn ag Daonscoil Na Mumhan agus cuireann siad go annmór leis na
    h-imeachtaí. Is breá linn iad bheith sa Rinn agus go mba fada buan an cairdeas eadrainn.

  • Braoin

    Is iontach an spreagadh iad beirt. Dá mba rud é níos mó daoine mar sin a bheith ann, níorbh fhada feabhas ag teacht ar stádas na Gaeilge.
    Gurab iomaí bliain ar an bhfód amach anseo iad…