Tá an DUP níos laige ná mar ba mhaith leo a thabhairt le fios

B’fhéidir go bhfaighfear leid roimh Nollaig arb í an riail dhíreach iomlán atá i ndán dúinn nó babhta eile ‘cainteanna’

Tá an DUP níos laige ná mar ba mhaith leo a thabhairt le fios

Ceannaire an DUP, Arlene Foster. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Bhí buiséad riachtanach. Caithfear a bheith in ann íoc as seirbhísí poiblí. Cheal feidhmeannas i Stormont ní raibh an dara rogha ag James Brokenshire, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, ach an gnó a dhéanamh in Westminster.

Riail dhíreach nach riail dhíreach í. Buiséad ar féidir é a chaitheamh i dtraipisí má fhilleann na polaiteoirí logánta ar Stormont. Agus pinginí sách suarach mar luach saothair don DUP as a bpáirtnéireacht leis na Tóraithe– an fichiú cuid den phota óir a gealladh dóibh.

Ar éigean má bhí éinne i dTeach na Parlaiminte nuair a d’fhógair an Státrúnaí an buiséad nach é a bhuiséad siúd é. Shéan sé gurbh ionann sin agus riail dhíreach ach bhí oiread siar agus aniar faoin gceist go gcuirfeadh sé mearbhall ort. Cinneadh a rinneadh i dTeach na dTeachtaí agus i dTeach na dTiarnaí a bhí ann, ach níorbh iad na polaiteoirí ansin a bhí taobh thiar de, arsa Brokenshire. Ba iad na státseirbhísigh i Stormont a rinne na moltaí bunaithe ar phlean na bpolaiteoirí anuraidh.

Riail na státseirbhíse neamhthofa, mar sin faoi cheannas an Státrúnaí nach dtig le héinne abhus vótáil ina fhabhar ná ina choinne. An mbeadh malairt buiséid ag na polaiteoirí i Stormont dá mbeidís i mbun a ngnóthaí? Ní dócha é – má tá an buiséad seo bunaithe ar na pleananna a bhí á n-ullmhú ag Máirtín Ó Muilleoir, an t-aire airgeadais an t-am seo anuraidh. Níl aon rud nua ann – an méadú is mó ná 5.4% do chúrsaí sláinte. Tá ardú beag ar chaiteachas oideachais agus laghduithe i ranna eile. Méadú 3% ar fad atá i gceist agus maítear go n-ídeoidh boilsciú é sin.

Dúirt James Brokenshire nach bhfeadfaí leanúint ar an gcúrsa atá á leanúint faoi láthair rófhada eile. Cibé fad é sin.

D’éiligh an DUP go n-ainmneofaí Airí as Westminster chun Tuaisceart Éireann a riaradh – riail dhíreach iomlán. Dúirt Sinn Féin go raibh deireadh leis an bpróiseas cainteanna reatha (idir iad féin agus an DUP is na rialtais) de bharr chinneadh Brokenshire buiséad a rith. Ba léir áfach go mbeidís toilteanach páirt a ghlacadh i ndreas nua cainteanna. Tar éis Ard-Fheis an pháirtí an deireadh seachtaine seo agus comhdháil an DUP an deireadh seachtaine dár gcionn? Nó sa bhliain nua? Ní léir fós.

Idir an dá linn tá scrúdú neamhspleách ordaithe ag Brokenshire féachaint ar cheart leanúint ag íoc a dtuarastal iomlán le Teachtaí Tionóil. Tá £50 milliún as an mbilliún punt a gheall na Tóraithe don DUP as a dtacaíocht do rialtas Theresa May le ceadú sa bhliain nua. Údar gaisce ag Nigel Dodds agus é ag tvuíteáil.

An DUP ag cur cuma na maitheasa air seo ach ar éigean atá siad sásta le tarraingt na gcos faoin £1 billiún. Déanann na Tóraithe talamh slán de nach dtréigfidh an DUP iad mar nach bhféadfaidís cur suas le Jeremy Corbyn i gcumhacht. Da réir sin, tá an DUP níos laige ná mar ba mhaith leo a thabhairt le fios.

Beidh an pobal ag súil le soiléireacht faoin gcur chuige ón DUP ag a gcomhdháil bhliantúil agus daoine ag súil le léargas ó Shinn Féin ar a leagan amach siúd nuair a thiocfaidh siad le chéile san RDS ag deireadh na seachtaine. B’fhéidir go bhfaigheadh muid leid roimh Nollaig arb í an riail dhíreach iomlán atá i ndán dúinn nó babhta eile ‘cainteanna’.

Buama ar an Ómaigh

Shílfeá go mbeadh sé doshamhlaithe. Ar bhonn daonna. I bhfianaise na staire. Mar go mbeadh ciall cheannaithe ag daoine.

Buama a leagan san áit a mbeadh na sluaite ag bailiú le haghaidh searmanas cuimhneacháin na bpoipíní. É a dhéanamh ar an Ómaigh áit ar tharla sléacht barbartha seacht mbliana déag ó shin nuair a maraíodh naoi nduine is fiche agus nuair a gortaíodh os cionn 200 in ionsaí buamála an Fhíor-IRA. Agus é a dhéanamh tráth a raibh daoine ag comóradh na ndaoine a maraíodh san uafás in Inis Ceithleann tríocha bliain ó shin nuair a d’ionsaigh Sealadaigh an IRA searmanas na bpoipíní.

Ach sin é a tharla ar an Ómaigh Dé Domhnaigh seo caite. Bhí an píob-bhuama i mbosca bruscair taobh leis an leacht cuimhneacháin. Tugadh rabhadh faoi agus coinníodh daoine amach as an gceantar. Is mór is fiú nár phléasc an gaireas, gur cuireadh ó mhaith é agus nár gortaíodh éinne. Ach b’éigean an searmanas a chur ar athlá go dtí an Domhnach seo chugainn agus baineadh suaitheadh as an bpobal.

Chuirfeadh sé déistin ar éinne. Cén sórt fuatha is siocair leis?

Fág freagra ar 'Tá an DUP níos laige ná mar ba mhaith leo a thabhairt le fios'