Tá an chuma ar an scéal go bhfuil a cuid fadhbanna curtha di aici ag Naoimi Campbell

Beidh an mainicín cáiliúil agus conspóideach le feiceáil anseo níos minice anois ó tharla go bhfuil áit Amy Huberman tógtha aici le comhlacht seodra anseo

naomi-campbell

Beidh daoine den tuairim gur deireadh ré é don mhainicín Naomi Campbell glacadh le tairiscint €200,000 ón gcomhlacht Newbridge Silverware le bheith mar ‘aghaidh’ an chomhlachta don dhá bhliain seo romhainn. Airgead beag go maith é sin, mheasfá, do bhean a bhí ar dhuine den bhuíon bheag mainicíní cáiliúla sin a raibh oiread tóir orthu go ndeirtí go magúil fúthu nach n-éireoidís as an leaba ar tháille níos lú ná $10,000. 

Ach áirítear gur fiú $45 milliún í Naomi Campbell agus é sin saothraithe aici ó thionscal an fhaisin agus na siamsaíochta thar thréimhse 30 bliain.

Aon duine a chonaic faoi agallamh í ar An Late Late ShowExpose ar TV3 le déanaí ba dheacair a chreidiúint go raibh sí 45 bliain d’aois; bhí an chuma uirthi go raibh sí chomh dathúil, óigeanta agus a bhí sí scór bliain ó shin.

Bhí saol sách crua aici agus í ina páiste ag máthair shingil i Streatham, Londain. Is cosúil gur chaith sí cuid mhaith ama léi féin le linn a hóige agus is ar uaigneas an ama sin a chuir sí an locht níos deireanaí faoi chonspóidí a bhain léi faoi mhí-iompar, fearg agus easpa foighne. 

Ní raibh sí ach 15 bliana d’aois nuair a tugadh faoi deara a cumas mar mhainicín agus fuair sí a céad chonradh ó ghníomhaireacht faisin. Mhéadaigh a clú agus a cáil in imeacht na mblianta agus bhí sí ar an gcéad mhainicín den chine dhubh ar chlúdaigh na n-irisí cáiliúla Vogue sa Bhreatain agus sa Fhrainc chomh maith le Time. Bhí sé le rá riamh fúithi gur sheas sí an fód go láidir in aghaidh an chiníochais i dtionscail an fhaisin agus fuair sí tacaíocht don seasamh sin ó bheirt chomrádaí cáiliúil, Linda Evangalista agus Christy Turlington. Tugadh ‘The Trinity’ ar an triúr acu agus bhí siad i measc na mainicíní sin ar ceapadh an téarma ‘supermodel’ dóibh i ndeireadh na 1980idí agus i dtús na 1990idí.   

D’oibrigh sí leis an lucht deartha faisin is mó le rá ar domhan – Yves Saint Laurent, Karl Lagerfield, Gianni Versace agus Marc Jacobs agus bhí Robert de Niro agus Mike Tyson i measc na bhfear a raibh caidreamh aici leo; bhí sí geallta ar feadh tamaill le Adam Clayton as U2 ach níor phós sí riamh. Chomh maith lena cuid oibre mar mhainicín, thóg sí páirt i bhfíseáin ceoil le Michael Jackson agus George Michael.

Ach is ar na babhtaí feirge agus mífhoighne a bhuailfeadh í ó am go chéile is minice a smaoiníonn daoine nuair a labhraítear fúithi – í ag caitheamh fón póca le cúntóir, ag caitheamh dorn le ceamaradóir nó ag caitheamh maslaí le tiománaí tacsaí. Bhris an ghníomhaireacht Elite Model Management a gceangal léi sa mbliain 1987 agus dúradar gur cuma cé mhéad airgid nó cáil a bhí i gceist nárbh fhiú cur suas ní ba fhaide lena mí-iompar le baill foirne agus le cliaint an chomhlachta. 

D’admhaigh sí tráth go raibh fadhb aici le mí-úsáid drugaí, cócaon go háirithe ach bhí cáil an chineáltais uirthi freisin agus rinne sí cuid mhór oibre ar son na carthanachta go speisialta i dteannta le Nelson Mandela; dúirt seisean tráth gur bhreathnaigh sé uirthi mar ‘honorary granddaughter’.

Ach má tá sí anois le feidhmiú do Newbridge Silverware, níor chaill sí fós a dúil a bheith ina ‘prima donna’ – bhí deichniúr d’fhoireann léi nuair a tháinig sí chuig ócáid seolta de chuid an chomhlachta anseo le gairid agus choinnigh sí na ceamaradóirí ag fanacht 70 nóiméad go mbeadh sí réidh dóibh.

Ina hagallamh ar TV3 , bhí míniú aici ar an chúis go bhfuil cuma álainn fós uirthi – Yoga, Pilates agus bia folláin. Agus is cosúil go bhfuil smacht ar deireadh aici ar na babhtaí feirge a d’fhág oiread faitís ar dhaoine roimpi.

Feicfear anseo níos minice í agus í ag cur táirgí Newbridge Silverware chun cinn.

Fág freagra ar 'Tá an chuma ar an scéal go bhfuil a cuid fadhbanna curtha di aici ag Naoimi Campbell'