Tá an Ardteist chugainn – ‘Out vile jelly, where is thy lustre now?’ agus ‘Wo is das Rathaus?’

Ar bhealaí go leor, tá an ardteist ar nós bainise – bíonn tú ag súil go ndéanfaidh tú i gceart an chéaduair í sa gcaoi nach mbeidh ort í a dhéanamh arís

Tá an Ardteist chugainn – ‘Out vile jelly, where is thy lustre now?’ agus ‘Wo is das Rathaus?’

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá an chuach tagtha agus thug sí léi an aimsir bhreá a thagann chuile bhliain mar a bheadh sí ag spochadh as an té a chaithfidh an ardteist a dhéanamh. Cuimhním go raibh an ghrian ag scoilteadh na gcloch chuile lá beo nuair a bhí mé in ainm is a bheith ag staidéar don ardteist chéanna agus mé sáinnithe sa seomra ag iarraidh línte a fhoghlaim as King Lear don scrúdú Béarla.  

Cén t-iontas é nár éirigh liom ach líne amháin a fhoghlaim? Le bheith féaráilte, caithfidh gur fhoghlaim mé go maith í mar gur fhan an líne shuarach amháin sin i mo chloigeann ó shin. ‘Out vile jelly, where is thy lustre now?’  

Bhreathnaigh mé siar ar thuairiscí Met Éireann do mhí Mheithimh na bliana a ndearna mé an ardteist (ná bac cén bhliain) agus caithfidh go raibh dul amú eicínt ar an té a raibh taifead na haimsire á choinneáil aige an mhí sin.  

Thug mé faoi deara go bhfuil an tuairisc breac le ráitis mhíchruinne ar nós ‘Record rainfall’ agus ‘fronts with a depression near Iceland moved across the country’ agus ‘June was yet another dull month’.

An bhfuil éinne ag coinneáil súil ar an dream sin thuas i Met Éireann ar chor ar bith? An é go bhfuil siad ag cumadh is ag scríobh a rogha rud sna tuairiscí aimsire bliantúla seo?

Ar bhealaí go leor, tá an ardteist ar nós bainise. Bíonn tú ag súil go ndéanfaidh tú i gceart an chéaduair í sa gcaoi nach mbeidh ort í a dhéanamh arís. Agus nuair atá cúraimí uilig na bainise curtha díot agat b’fhéidir go mbeadh rud nó dhó ann a d’athrófá dá mbeadh ‘arís’ ann.

B’fhéidir go ndéarfá leat féin, ‘dá mbeinn á dhéanamh arís phiocfainn gúna nach raibh ag fáisceadh isteach i mo chuid easnacha ar feadh an lae,’ nó ‘seans nach n-ólfainn baileach an oiread prosecco dá mbeadh mo sheal arís agam.’

Sin mar atá leis an ardteist freisin. Tá sé rómhall agamsa anois, ach táimse sásta na botúin seo admháil chomh fada is atá duine eicínt eile sásta foghlaim uathu.

Is dócha gurb é an chéad rud a déarfainn ná gur fiú duit iarracht a dhéanamh cúpla líne le cois na línte barrúla a fhoghlaim amach as na drámaí agus na dánta atá ar an gcuraclam. Cé gur féidir iad a oibriú isteach i do chuid freagraí anseo is ansiúd, mura bhfuil agat ach ‘Bhí malaí rúnda air’, mar a bhí agamsa as na gearrscéalta ar an bpáipéar Gaeilge, beidh tú faoi bhrú nuair a thiocfaidh lá an scrúdaithe.

Thabharfainn an chomhairle chéanna i gcás na dteangacha eile. Ar chúiseanna nach bhféadfainn a mhíniú ag an am, ná anois go deimhin, cheap muid go raibh abairtí fánacha i nGearmáinis uafásach barrúil. Bhíodh muid leagtha ag gáire faoi rudaí ar nós ‘Wo is das Rathaus?’ (Cá bhfuil Halla an Bhaile?).

Fuair mé amach ó shin go mbíonn an scrúdaitheoir ag súil go mbeadh tuiscint beagán níos doimhne ná sin agat ar an nGearmáinis. Chaithfeadh go raibh strus na hardteiste ag cur mearbhaill orainn.  

Maidir le scileanna staidéir, cloisfidh tú caint go minic ar an gcóras neamónach. ’Séard atá ann ná cleas ina gcumann tú rann beag nó abairt chun an buneolas a thabhairt chun cuimhne agus tú istigh sa scrúdú.

An t-aon fhainic a chuirfinn ort ná gan dearmad a dhéanamh ar an mbuneolas ar a bhfuil an rann bunaithe. Níl mórán maithe duit san abairt; ‘Happy Henry Likes Beer But Could Not Obtain Four Nuts’ mura bhfuil tú in ann cuimhneamh cén bhaint atá aige leis an tábla peiriadach.

Deirtear gurb é an t-aon rud atá tú in ann a dhéanamh leis an dea-chomhairle ná í a thabhairt ar aghaidh do dhuine eicínt eile. Mar sin, tabharfaidh mé daoibh an chomhairle a thug an múinteoir bitheolaíochta dúinne agus muid ag staidéar don ardteist.

Dúirt sí, ‘ná déan níos mó ná  trí uair a chloig i ndiaidh a chéile, téigh amach faoin aer, bíodh ruainne spraoi agat anois is arís, ní hí an ardteist bun agus barr do shaoil agus go n-éirí libh!’.

Fág freagra ar 'Tá an Ardteist chugainn – ‘Out vile jelly, where is thy lustre now?’ agus ‘Wo is das Rathaus?’'