‘Tá an AFL á thabhairt faoin bpoll dúinne’ – Tomás Ó Sé

Deir Tomás Ó Sé go bhfuil sé in am córas a thabhairt isteach chun na himreoirí óga CLG is fearr a choinneáil in Éirinn

‘Tá an AFL á thabhairt faoin bpoll dúinne’ – Tomás Ó Sé

Tomás Ó Sé. INPHO/James Crombie

Tá Tomás Ó Sé den tuairim go bhfuil sé in am ag CLG airgead a chur ar leataobh chun imreoirí óga a spreagadh chun fanacht in Éirinn seachas dul chun na hAstráile chun an pheil Astrálach a imirt.

Tá cás na n-imreoirí óga a mhealltar go dtí an Astráil go mór i mbéal an phobail i gCiarraí faoi láthair ó d’imir, Mark O’Connor, a bhí ina chaptaen ar fhoireann mhionúir Chiarraí a bhuaigh craobh na hÉireann in 2015, a chéad chluiche do na Geelong Cats san AFL an tseachtain seo caite. Tá ráflaí ann chomh maith go bhfuil spéis ag foirne AFL ógánach eile de chuid na Ríochta, David Clifford, a thabhairt sall chun triail a dhéanamh.

Agus é ag labhairt ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt Ó Sé nach bhféadfaí stop a chur le himreoirí dul sall le tabhairt faoin spórt gairmiúil más sin atá uathu ach mhaígh sé go gcaithfí níos mó a dhéanamh lena gcoinneáil anseo.

“Ní féidir linne, mar eagraíocht amaitéarach, an deis seo a thabhairt d’imreoirí óga agus dá bharr sin tá an AFL á thabhairt faoin bpoll dúinne, ag tógaint na himreoirí is fearr atá againn.”

“Bhíos thuas i mBaile Átha Cliath agus bhí Éamonn Fitzmaurice ag caint agus dúirt sé go gcaithfimid cultúr a chruthú [i gCiarraí] go dtagann an cinneadh ó na himreoirí féin go dteastaíonn uathu fanacht agus craobh a bhuachan le Ciarraí.

“Aontaím leis sin ach is dóigh liom go gcaithfidh tú níos mó a dhéanamh chun é sin a chruthú agus, b’fhéidir, deiseanna a thabhairt dos na leaids seo ó thaobh scoláireachtaí ollscoile agus b’fhéidir airgead a chur ar leataobh dóibh. Beidh an argóint ann, ‘nach bhfuilimid amaitéarach?’ ach ní aontaím leis an tslí go bhfuil na hAstrálaigh ag teacht anall.”

Cé go bhfuil imreoirí óga rugbaí agus sacair á mealladh thar sáile chomh maith, deir Ó Sé nach féidir comparáid a dhéanamh idir é sin agus a bhfuil ar bun ag an AFL.

“Tá an IRFU agus an FAI ag cur na milliún isteach sa tír, isteach san aos óg. Tá sacar á imirt agus tá rugbaí á imirt. Níl aon fhadhb agam leis sin.

“Níl faic á dhéanamh ag an AFL dúinne anseo. Níl an AFL á imirt againn sa tír seo ach fós táid ag leaindeáil ag doras David Clifford  agus é 16 bliain d’aois, tar éis an obair uile atá déanta leis faoi aois.”

Scríobh Ó Sé alt faoin ábhar céanna san Irish Independent Dé Sathairn, alt a spreag Mark O’Connor chun cosaint a dhéanamh ar na meáin shóisialta ar an ról atá ag iar-imreoir Chiarraí agus na Sydney Swans, Tadhg Kennelly, in aimsiú imreoirí óga don AFL. Thug Kennelly féin freagra chomh maith ar alt Uí Shé, ach dúirt Ó Sé inné nach bhfuil aon rud pearsanta i gceist leis an díospóireacht.

“Tá Tadhg á dhíol ag an AFL chun teacht anall agus mura mbeadh Tadhg ag teacht, bheadh duine éigin eile ag teacht. Tá triúr déag Éireannach ar a laghad lonnaithe sa tír seo ag féachaint ar na himreoirí óga atá ag teacht [chun cinn].

“Ní dóigh liomsa go bhfuilimid, mar eagraíocht, ó thaobh Cumann Lúthchleas Gael de, coistí contae agus clubanna de ag déanamh ár ndóthain. Nílimid ag déanamh faic mar gheall air.”

“Tá fearg ar mhuintir Chiarraí ach níl a ndóthain ag labhairt [amach]. Ní sheasfadh aon Chiarraíoch i gcoinne Mark O’Connor imeacht sall, ní sheasfaidís i gcoinne David Clifford imeacht sall, ní sheasfainn féin. An fhadhb atá agam ná, mar eagraíocht, nílimid ag déanamh ár ndóthain chun na himreoirí seo a choimeád,” a dúirt Tomás Ó Sé.

Fág freagra ar '‘Tá an AFL á thabhairt faoin bpoll dúinne’ – Tomás Ó Sé'