Tá ‘agent’ agam san Ísiltír…a bhuíochas le comórtais liteartha an Oireachtais

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Is deas an rud é an duais airgid a bhaineann le comórtais scríbhneoireachta, ach is fiúntaí san fhadtréimhse an deis phoiblíochta

Tá ‘agent’ agam san Ísiltír…a bhuíochas le comórtais liteartha an Oireachtais

Mar a scríobh mé anseo an tseachtain seo caite, tugann irisí liteartha spreagadh agus ugach don scríbhneoir nuair a ghlacann siad le saothar uaidh. Nuair nach nglacann, tugann siad deis dó dul i ngleic le diúltú agus díomá.

Tá rud sa bhreis ag baint leis an gcomórtas scríbhneoireachta.

Mar is léir ón bhfocal, bíonn iomaíocht i gceist: cosúil le comórtas ar bith, bíonn buaiteoir(í) ann agus daoine nach n-éiríonn leo. 

Bíonn difear mór millteach, áfach, idir an comórtas scríbhneoireachta agus an comórtas spóirt. Murab ionann agus comórtas aclaíochta, abair, ní fhaigheann an pobal i gcoitinne amach cé hiad na hiarrthóirí nár éirigh leo i gcomórtas scríbhneoireachta.

Cinnte, foilsíonn lucht chomórtais liteartha mhóra an Bhéarla – an Booker, an Costa – gearrliostaí. Ach ós rud é gur onóir mhór mhillteach é a bheith luaite ar ghearrliosta den chineál sin, is ionann é nach mór agus a bheith i measc na mbuaiteoirí. 

De ghnáth, na hiarrthóirí nár éirigh leo, bíonn siad slán: ní bhíonn a fhios ag an bpobal i gcoitinne cé hiad. Dúirt mé roimhe seo é agus déarfaidh mé arís é: dream leochaileach iad scríbhneoirí.

Tuigeann lucht eagraithe na gcomórtas an méid sin.  

Ar ndóigh, bíonn a fhios ag an scríbhneoir féin murar éirigh le hiarracht dá chuid. Bhí díomá orm féin níos mó ná uair amháin nuair nár éirigh le saothar de mo chuid a bhí istigh ar chomórtas, ach bhí an t-ádh liom cúpla babhta freisin.

Na babhtaí sin gur éirigh liom, rith sé liom go bhfuil buntáiste ag an gcomórtas scríbhneoireachta thar an iris liteartha ó thaobh deiseanna gairme de. Is maith ann iad na hirisí liteartha, ach tá a fhios ag an saol agus a mháthair nach léann mórán daoine iad.

Ag brath ar an gcomórtas scríbhneoireachta, tá an seans ann gur lú daoine fós a léifidh an saothar buacach – an giúiré amháin, i gcásanna áirithe – ach, aisteach go leor, faigheann níos mó daoine amach faoi.

Scéal nuachta a bhíonn i dtoradh chomórtais liteartha: cothaíonn gné na hiomaíochta spéis an phobail. Is deas an rud é an duaisairgead a bhaineann le comórtas scríbhneoireachta a bhuachan – bíonn airgead gann i gcónaí i saol an scríbhneora – ach is fiúntaí san fhadtréimhse an phoiblíocht.

Scannal nó conspóid éigin as an áireamh, ní bhfaighidh scríbhneoir deis níos fearr a ainm a chur i mbéal an phobail.

Is ait an mac an saol.

Nuair a bronnadh gradam an Oireachtais ar chnuasach gearrscéalta de mo chuid roinnt blianta ó shin, fuair iriseoir Pléimeannach a chuireann ailt ar fáil do nuachtáin sa Bheilg agus san Ísiltír amach faoi. Chuir sé agallamh orm, léigh gníomhaire litríochta san Ísiltír an t-agallamh sin agus rinne sí teagmháil liom.

Táimid ag obair as lámha a chéile ó shin. 

Ós ag caint ar chomórtais liteartha an Oireachtais (muid, tá an spriocdháta ag teannadh linn. Gan dabht is iad comórtais liteartha an Oireachtais an t-imeacht is mó i bhféilire shaol liteartha na Gaeilge, ach tá comórtais scríbhneoireachta eile ann atá dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge nó a ghlacann le saothair i nGaeilge: Comórtas Gearrscéalaíochta Books Ireland (mí fágtha roimh an spriocdháta) agus Comórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine ((buaiteoirí na bliana seo díreach fógartha), gan ach dhá shampla a lua. Seo liosta cuimsitheach de chomórtais scríbhneoireachta i mBéarla. 

Fág freagra ar 'Tá ‘agent’ agam san Ísiltír…a bhuíochas le comórtais liteartha an Oireachtais'

  • Mise Áine

    @i mbéal an phobail @ ach is fiúntaí san fhadtréimhse an phoiblíocht.

    In agallamh a chuala mé, le déanaí, faoin scríbhneoir Maeve Binchy (breis is 40 milliún leabhar dá cuid saothar díolta ar fud an domhain, ceapaim) dúradh go ndeachaigh an phoiblíocht a fuair sí, nuair a luadh a hainm ar Oprah Winfrey agus ar an gclár Cornation Street, chun tairbhe do dhiolachán a cuid saothar.

    Is maith ann í an phoiblíocht, le comórtais nó sna meáin, ach saothar/scríbhneoir a bheith luaite leo/iontu…raidío, teilifís, nuachtáin, irísí, idirlíon…le go mbeidh daoine ar an eolas fúthu.

    Bhí an clár Léirmheas Leabhar, ar TG4, mar shampla, go maith le daoine a choinneáil ar an eolas faoi scríbhneoirí agus a gcuid saothar, cheap mé fhéin.

    Raibh tú luaite ar Ros na Rún, fós, a Alex..;-)