Tá a fhios ag daoine cén t-am, cén áit agus cén chaoi, an cheist ná cé a rinne buamáil Birmingham

An fiú ionchoisne a ghairm faoi bhuamáil Birmingham má tá ceist na freagrachta curtha as an áireamh?

Tá a fhios ag daoine cén t-am, cén áit agus cén chaoi, an cheist ná cé a rinne buamáil Birmingham

Bhí ríméad i mBirmingham ar an gCéadaoin. Is annamh údar gairdis ag gaolta an duine is fiche a maraíodh san ionsaí buamála a rinne an IRA ar dhá thábhairne sa chathair i 1974. Dé Céadaoin, níos lú ná seachtain ó sheol siad feachtas slua-mhaoinithe bhain siad an chéad sprioc amach, £10,000.

Tá siad ag bailiú an airgid le haghaidh éileamh cúirte go gcuirfear ar ceal cinneadh an chróinéara nach bpléifear cé a bhí freagrach as an uafás. Tar éis breis is dhá scór bliain ag fanacht le coiste cróinéara, sa mhullach ar an suaitheadh a bhain le hiomrall ceartais a bhain croitheadh as an domhan, ba mhór an faoiseamh é nuair a gealladh ionchoisne. Baineadh siar astu áfach nuair a rialaigh an Cróinéir, Sir Peter Thornton QC le gairid nárbh é leas an phobail é tabhairt faoi fhiosruithe nach n-éireodh leo.

Shocraigh teaghlaigh deichniúr de na mairbh go ndéanfaidís baghcat ar a thuilleadh réamh-éisteachtaí agus go n-iarrfaidís athbhreithniú breithimh ar chinneadh an chróinéara. Dúirt a n-urlabhraí Julie Hambledon, ar maraíodh a deirfiúr Maxine, “bheadh sé chomh maith againn gan ionchoisne a bheith ann ar chor ar bith mura bhfuil aon seans go n-ainmneofar na buamálaithe”.

Fuaireadar amach go raibh gá le £10,000 taobh istigh de mhí chun an t-iarratas cúirte a dhéanamh agus go dtógfadh sé i bhfad níos faide ná sin chun éileamh ar shaorchúnamh dlí a éisteacht. Dá bhrí sin chuaigh said i muinín slua-mhaoinithe ar a suíomh idirlín justice4the21.co.uk. Seans go mbeidh gá le breis is £100,000 ar fad ach bailíodh an éarlais £10,000 gan stró.

Tá comhlacht dlíodóirí i mBéal Feirste ag déanamh ionadaíochta ar an ngrúpa. Maíonn siadsan, KRW Law, go gcaithfidh an coiste cróinéara déileáil le cé a rinne na buamaí, cé a leag iad agus cérbh iad a gcomhpháirtithe. D’fhulaing na teaghlaigh tráma arís agus arís eile i gcaitheamh na mblianta, a deir KRW agus ceisteanna faoi cé a bhí freagrach ar na meáin go minic. Rinne World in Action ar ITV trí chlár faisnéise faoin gceist, rinneadh dráma faisnéise agus foilsíodh leabhar faoi. Choinnigh said sin tuairimíocht agus ráflaí faoin eachtra beo. Sa mhullach air sin géaraíodh ar a bpian le gairid nuair a craoladh agallamh teilifíse le Mick Hayes a dúirt go raibh sé san IRA i mBirmingham ag an am.

Sin é an bunús a bheidh leis an iarratas ar athbhreithniú breithimh. Deir KRW go bhfuil dualgas dleathach agus morálta ar rialtas na Breataine gach ar féidir a dhéanamh chun na daoine a bhí freagrach a aimsiú agus déileáil leo. Mura dtugann an t-ionchoisne faoin gceist scuabfar as amharc arís eile an cheist faoi cé a bhí ciontach.

Teastaíonn ó na dlíodóirí go rialóidh an Ard-Chúirt nach raibh an ceart ag an gCróinéir an cheist faoi cé a bhí freagrach a chur as an áireamh; botún ab ea é i dtaca leis an sainmhíniú ar ról ionchoisne le giúiré, chomh maith le sárú ar an dlí-eolaíocht chearta daonna agus ar dhlí na tíre.

Cé gur ar an IRA atá an milleán is mó as uafás Birmingham ní féidir leis na húdaráis freagracht as an iomrall ceartais agus a éifeacht ar na híobartaigh a sheachaint. Thóg sé seacht mbliana déag sular admhaíodh gur deineadh éagóir ar Sheisear Birmingham. Sa mhullach air sin níor chúitigh na húdaráis teaghlaigh na marbh ná an 180 duine a gortaíodh as an suaitheadh agus an chorraíl a d’fhulaing siadsan de bharr an fheachtais a d’eascair as ciontú éagórach an tseisir.

Níl aon dabht ach go mba mhasla i gceann na héagóra do na teaghlaigh é an t-agallamh fíor-aisteach a rinne Mick Hayes ar an BBC an samhradh seo. Ghabh sé leithscéal de shórt, gan freagracht phearsanta a admháil ná eolas ar bith a chuideodh leo a nochtadh. Cad chuige? Féinchúis de chineál éigin? Ar cheap sé i ndáiríre gur chabhair d’éinne é a rá nach raibh sé beartaithe go marófaí daoine? Má leagann tú buamaí in dhá theach tábhairne an oíche a fhaigheann daoine a bpá cén toradh eile is féidir a bheith air ach sléacht?

Ach nach masla eile é diúltú as éadan an Chróinéara a dhul i ngleic le ceist na freagrachta. Tá a fhios ag daoine cén t-am, cén áit agus cén chaoi a maraíodh a muintir. Tá a fhios acu an bhail a bhí ar na coirp. Níl a fhios acu cé a mharaigh iad – sin é an t-eolas atá uathu. Seans maith nach mbeifear in ann teacht ar an eolas ach ní leor sin mar chosaint ar chinneadh nach ndéanfar iarracht.

Fág freagra ar 'Tá a fhios ag daoine cén t-am, cén áit agus cén chaoi, an cheist ná cé a rinne buamáil Birmingham'