Tá a bhfuil le déanamh ag Enda Kenny soiléir, dá n-éireodh sé ó bheith ar a dhá ghlúin

Ní féidir le hÉirinn glacadh leis nach dtabharfar aird ar ár gcuid riachtanas go dtí go bhfreastalaíonn an tAontas a gcuid riachtanas féin ar dtús

Enda Kenny agus Angela Merkel. Laura Hutton/RollingNews.ie
Enda Kenny agus Angela Merkel. Laura Hutton/RollingNews.ie

Ní comhartha maith é a laghad suntais a rinne Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel, de chás na hÉireann san idirbheartaíocht idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain maidir le himeacht na Breataine ón Aontas.

Bhí an Taoiseach Enda Kenny ag iarraidh go n-aithneodh sí go poiblí go raibh cás faoi leith ag Éirinn mar gheall ar an teorainn idir an Tuaisceart agus an Deisceart, a d’fhéadfadh a bheith ina teorainn idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Bhí an Taoiseach ag iarraidh go smaoineofaí ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon teorainn chrua ar staid phróiseas na síochána tar éis blianta comhraic is cogaidh, agus ar thábhacht na trádála leis an mBreatain don tír seo.

Ag deireadh thiar, ní raibh le rá ag Merkel ach go raibh tábhacht trádála leis an mBreatain don Ghearmáin freisin i bhfianaise an líon gluaisteán a dhíolann na Gearmánaigh leis an mBreatain.

Ba í an teachtaireacht lom aici ná nach dtabharfar aon aird ar chás na hÉireann san idirbheartaíocht, ach go bhfuil an Ghearmáin níos oscailte do mhargadh ceart a dhéanamh leis an mBreatain ná mar atá stáit eile – ar nós na Fraince – agus go gcaithfidh muid bheith sásta leis sin.

Léiriú eile ar ndóigh gur cuma le ceannairí an Aontais fúinn.

Is cosúil nár thuig Kenny an dualgas a bhí air i gceart. Bhí sé ceart aige dul ag caint leis an nGearmáin – agus go deimhin le ballstáit eile – ach ní raibh sé ceart aige a bheith ag impí ar na huaisle bheith cineálta linn.

Tá cás faoi leith againn – baineann tábhacht faoi leith le Brexit dúinne – agus ba chóir do Kenny a chur in iúl.

Ní féidir le hÉirinn glacadh leis nach dtabharfar aird ar ár gcuid riachtanas go dtí go bhfreastalaíonn an tAontas a gcuid riachtanas féin ar dtús.

Anois go bhfuil príomh-aire nua ceaptha ar an mBreatain, Theresa May, ní mór do Kenny iarracht a dhéanamh dul chun cainte léi chomh luath agus is féidir.

Ní bheidh an chaint sin ró-éasca.  D’aon ghnó, gan aon bhrú, d’fhógair May gur aontachtóir atá inti. Ar bhealach b’fhógra cogaidh orainn (agus ar Albain) é sin, ach, ar a laghad, ní bheidh aon amhras orainn faoi dearcadh atá ag May fúinn san idirbheartaíocht atá le déanamh.

Seo bean a bhí ag iarraidh an Bhreatain a tharraingt amach as an gCoinbhinsiún um Chearta an Duine, coinbhinsiún atá mar dhlúthchuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Rud amháin atá soiléir ámh.  Ní féidir dul chucu go humhal, ag impí uirthi bheith a bheith deas linn. Ní spéis léi ach argóintí atá bunaithe ar leas na Breataine.

Is fearr a thuigfidh a státseirbhísigh féin an scéal sin, ach caithfidh Kenny an argóint a dhéanamh: ní féidir, go praiticiúil, teorainn chrua a chruthú idir an Tuaisceart agus an Deisceart, fírinne a d’aithin an Bhreatain ó 1922 ar aghaidh. Tá trádáil idir an dá thír an-tábhachtach don dá thír (do Shasana agus d’Éirinn); agus tá tacaíocht ag teastáil ón mBreatain i cibé idirbheartaíocht a bhéas ar siúl.

Ach arís, bíodh muid i mbun idirbheartaíochta leis an Aontas nó i mbun idirbheartaíochta le Sasana, ní dhéanfar aon mhaith más síos ar an dá ghlúin atáimid.

Is í an fhírinne lom go gcaithfidh muid bheith sásta a rá leis an Aontas nach nglacfaidh muid le rud ar bith nach sásódh ár gcuid riachtanas féin, is go mbeadh muid sásta, dá mba ghá, imeacht as an Aontas ar fad.

Ar ndóigh, cé nár thug muid mórán airde ar pháirtnéireachtaí a chruthú le ballstáit imeallacha eile an Aontais, ar nós na Polainne is na hUngáire is eile (mar a mhínigh Vincent Boland san Financial Times le déanaí), tá ag neartú ar na fórsaí atá buartha faoi lárú an Aontais agus an aidhm gan chiall go gcruthófaí ollstát as an Aontas.

Caithfidh muid seasamh leis an ngrúpa seo agus tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí stop a chur le Fiontar an Ollstáit agus iarracht a dhéanamh limistéar fírinneach comhoibritheach trádála is eacnamaíochta a thógáil ina ionad.

Níl aon spéis ag aon Aontas ionainn agus tugann an Bhreatimeacht deis dúinn páirt a ghlacadh san obair atógála seo.

Níor léirigh Kenny riamh, ar ndóigh, ná níor léirigh éinne eile i bhFine Gael, i bhFianna Fáil (seachas b’fhéidir  Éamon Ó Cuív agus Dara Calleary) nó i bpáirtí an Lucht Oibre, go mbeadh sé de dhánacht iontu dúshlán an Aontais a thabhairt.

Ach mura bhfuil na ceannairí reatha in ann an jab a dhéanamh, aimseoimis ceannairí nua a dhéanfaidh an beart.

Tá a bhfuil le déanamh soiléir. Déantar é.

Fág freagra ar 'Tá a bhfuil le déanamh ag Enda Kenny soiléir, dá n-éireodh sé ó bheith ar a dhá ghlúin'