‘Tá 100% tugtha ag Éirinn, níl ag na hAstrálaigh’ – Joe Kernan

Má thugann an dá thír á gcuid tacaíochta mar ba chóir do chluichí na Rialacha Idirnáisiúnta, tiocfaidh siad slán, dar le bainisteoir na hÉireann

Bainisteoir na hÉireann, Joe Kernan. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Bainisteoir na hÉireann, Joe Kernan. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Le blianta fada bhí cluichí na Rialacha Idirnáisiúnta ag dul i léig ar an bpáirc imeartha féin agus lasmuigh di. Idir dheacrachtaí maidir le staid a líonadh, na hAstrálaigh ag cur amach foirne laga agus troid i ndiaidh troda, cheap go leor nach raibh mórán i ndán don chluiche. Bhí tamall ann nuair nach raibh bainisteoir na bliana seo féin, Joe Kernan, róthógtha leis.

“Cúpla uair, níor thaitin an méid a chonaic mé liom. An rud a thagann trasna ná go n-imríonn na hÉireannaigh ar a míle dícheall i gcónaí. Bíonn an réamhullmhúchán go maith agus déanann siad ionadaíocht mhaith ar son na tíre.

“Níor theastaigh ó roinnt imreoirí taisteal toisc go raibh sé ina dheireadh séasúir agus go rabhadar ag dul isteach sa traenáil arís. Ach chun é a choimeád ag dul, caithfidh na himreoirí is fearr atá acusan agus againne araon bheith ag imirt.”

Chuir na hAstrálaigh plúr na n-imreoirí chun páirce an bhliain seo caite, nuair a bhíodar ag imirt sa bhaile, ach toisc gur abhus anseo a imreofar sraith na bliana seo i mí na Samhna, an amhlaidh a bheas an scéal? Dar le Kernan, mhúin na hAstrálaigh ceacht dos na hÉireannaigh ó thaobh na ciceála de. Le cinntiú go mairfidh na cluichí, áfach, tá níos mó ag teastáil ná mar atá feicthe againn go dtí sin. 

“Má thugann an dá thír agus an dá chumann á gcuid tacaíochta 100% do na cluichí seo, tiocfaidh siad slán. Tá sé sin déanta ag Éirinn. Níor bhac an Astráil leis an bhfoireann is láidre atá acu a thabhairt leo anall. Imreoirí proifisiúnta atá iontu. Tá súil agam go dtabharfaidh siad leo an fhoireann is fearr atá acu agus go mbeidh Páirc an Chrócaigh lán. Beidh ár n-imreoirí féin meáite ar thaispeántas maith a thabhairt uathu.”

Beidh an cluiche Iomána/Shinty ann roimh an gcluiche rialacha idirnáisiúnta. “Beidh Éire faoi stiúir Jeffrey Lynskey agus toisc a oiread cainte a bheith ann faoi láthair ar ‘bhainistíocht ón seastán’, mar a bhíonn sa rugbaí, is dóigh liom go dtiocfaidh sé isteach go luath sna cluichí Gaelacha.

“Seans go dtarlóidh sé as seo go ceann trí nó ceithre bliana,” a dúirt sé. “Thíos ar an taobhlíne, agus an lucht tacaíochta taobh thiar díot, caithfidh tú bheith an-dírithe go deo ar an méid atá á dhéanamh agat.

“Tá fear sna seastáin agat ach tá tú ag brath air chun gach rud a fheiceáil. Caithfidh tú muinín a bheith agat as [an duine sin] faoin méid atá ag tarlú. Measaim i gceann cúpla bliain gur thuas in airde i mbosca ciúin a bheidh na bainisteoirí agus na cinntí cinniúnacha á ndéanamh acu i gcaitheamh an chluiche.”

Agus painéal Kernan lonnaithe in Ashbourne, Castleknock, Carton House agus Páirc an Chrócaigh, seans go mbeidh duine nó beirt ag cur ceiste faoin airgead atá á chur isteach sna cluichí.

Fág freagra ar '‘Tá 100% tugtha ag Éirinn, níl ag na hAstrálaigh’ – Joe Kernan'