‘Superbug’ aimsithe ag tránna an Spidéil, an chéad uair riamh ar thángthas ar a leithéid san Eoraip

Maíonn an fhoireann eolaithe a rinne an staidéar go bhfuil an baol ann go mbeadh a leithéid de ‘tharbhfhríd’ nó ‘superbug’ áit ar bith a scaoiltear séarachas neamhchóireáilte amach san fharraige

‘Superbug’ aimsithe ag tránna an Spidéil, an chéad uair riamh ar thángthas ar a leithéid san Eoraip

Is ag láithreacha snámha ar an Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe a aimsíodh an frídín contúirteach NDM, an chéad uair ar thángthas ar a leithéid riamh ar láthair phoiblí shnámha san Eoraip.

Foireann as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, a d’aimsigh an frídín agus iad i mbun staidéir ar uiscí an cheantair.

Cé nach luaitear sa staidéar cérbh iad na tránna atá i gceist, tuairiscíodh ar Times Shasana ar maidin gur ag tránna an Spidéil – Trá na mBan agus Trá na Seanchéibhe – a aimsíodh an ‘tarbhfhríd’ nó ‘superbug’.

Dúirt Martin Cormican, duine de phríomheolaithe an staidéir, go léiríonn torthaí an taighde go bhféadfadh nach bhfuil na tástálacha a dhéantar ar chaighdeán an uisce ag tránna sách maith leis an gcineál seo frídín a aimsiú.

Maíonn an fhoireann eolaithe a rinne an staidéar go bhfuil an baol ann go mbeadh a leithéid de fhrídín in  áit ar bith a scaoiltear séarachas neamhchóireáilte amach  san fharraige.

Is beag tionchar a bhíonn ag na hantaibeathaigh is láidre dá bhfuil ann ar an bhfrídín NDM.

“Is eol dúinn le 100 bliain anuas gurb é bunchloch na sláinte poiblí córas ceart séarachais, ach sa bhliain 2017 tá séarachas fós á scaoileadh isteach san fharraige agus in aibhneacha toisc nach bhfuilimid eagraithe ár ndóthain chun na hionaid chóireála atá riachtanach a thógáil.

“Is fadhb náisiúnta agus Eorpach í seo agus ní fadhb í a bhaineann leis na tránna áirithe a ndearnamar taighde orthu,” a dúirt an tOllamh Cormican.

Dúradh sa staidéar gur séarachas daonna is cúis leis an truailliú ag na tránna sa cheantar Gaeltachta. Aimsíodh an t-ábhar truaillithe sin i samplaí uisce a fuarthas ag na tránna, nach n-ainmnítear sa staidéar, an samhradh seo caite.

Bhí tránna an Spidéil i measc na seacht dtrá Ghaeltachta ar liosta na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) de na “ceantair phráinne” maidir le séarachas neamhchóireáilte a bheith á scaoileadh amach i lochanna, aibhneacha agus farraigí na hÉireann.

Leagadh plean amach cúpla bliain ó shin go mbeadh ionaid chóireála séarachais curtha ar fáil sna bailte ar fad ar liosta an EPA faoin mbliain 2017.

Cuireadh an spriocam sin siar dhá bhliain i ngach aon bhaile seachas Béal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo, a bhfuil 2018 luaite leis i sceideal nua an EPA, agus an Cheathrú Chaol i dTír Chonaill, nach bhfuil dáta ar bith luaite leis.

Níor tógadh ach trí ionad cóireála séarachais in Éirinn ón mbliain 2014, nuair a d’fhoilsigh an EPA a dtuarascáil dheireanach.

Is é Uisce Éireann atá i gceannas ar chóireáil séarachais agus uisce ón mbliain 2014.

Mháigh an eagraíocht sin cheana go bhfuil sé i gceist ag Uisce Éireann €326 milliún in aghaidh na bliana a chaitheamh ar “infreastruchtúir dhramhuisce”, mar atá leagtha síos i bPlean Gnó Uisce Éireann 2016-2021.

Bhíothas ag infheistiú tuairim is €270 milliún san obair seo idir 2000 agus 2010 ach laghdaigh an maoiniú sin go €136 milliún in aghaidh na bliana ó 2011 go 2013. Ó thosaigh Uisce Éireann ag plé leis an scéal dhá bhliain ó shin, tá an infheistíocht a dhéantar san infreastruchtúir dhramhuisce méadaithe go thart ar €166 milliún in aghaidh na bliana.

Fág freagra ar '‘Superbug’ aimsithe ag tránna an Spidéil, an chéad uair riamh ar thángthas ar a leithéid san Eoraip'

  • Conall

    Ag freastal ar an dá thrá …..

  • Éadóchasach

    Cuireann an scéal sin an-díomá orm go deo… Rud eile a chuireann an-díomá orm ná an cur chuige nua atá ag Tuairisc.ie le tamall anuas gan cead a thabhairt dúinne ár gcuid tuairimí a nochtadh ach faoi fíor-bheagán desna hailt a fhoilsítear ar an suíomh seo. An bhfuil muintir Thuairisc.ie éirithe tinn tuirseach as bheith ag cur dár dtuairisce?

    I ndáiríre, áfach, is rud rí-uafásach an chaoi a bhfuilimid ag scriosadh an domhain. Mo náire sinn agus tá trua agam dóibh siúd a bheidh ag teacht inár ndiaidh…

  • Eoin

    An é Phil Hogan é faoi chlaochló eile?