Súp á bhaint ag Scott i gcónaí as samhnas a chur orainn

Cé nach bhfuil ‘Alien-Covenant’ inchurtha leis na scannáin bhunaidh sa tsraith, is táirge fiúntach é a chuireann leis an gcnuasach

Súp á bhaint ag Scott i gcónaí as samhnas a chur orainn

Stiúrthóir: Ridley Scott
Cliar: Michael Fassbender, Katherine Waterston, Billy Crudup, Danny McBride, Demián Bichir, Carmen Ejogo.

Sárshaothair faoi leith ba ea Alien (1979) agus an scannán leantach Aliens (1986). Tá siad aitheanta mar scannáin cheannródaíocha, chumasacha ina n-iomairí féin agus taobh amuigh díobh. Scannán uafáis eiseamláireach ba ea an chéad táirge díobh. Dhein an saoiste Ridley Scott atmaisféar scanrúil, lán teannais a chruthú go paiteanta gan dul i muinín ciútaí seanchaite. 

Fan na slí cruthaíodh duine de na carachtair bhaineanna is sainiúla dá bhfuil ann; Ellen Ripley, Sigourney Weaver. Earcaíodh draoi eile, James Cameron, le tabhairt faoin dara gála. Dhein Cameron an rud is dual dó (agus an rud a dhein sé le Terminator 2 blianta beaga ina dhiaidh sin) agus dhein sé míreanna aicsin den scoth a chniotáil leis an uafás agus an charachtracht láidir. Clocha míle i stair na scannánaíochta ba ea iad agus bheadh sé chomh maith agat a bheith ag taoscadh na farraige le bheith ag tnúth go mbuailfeadh an splanc faoi thrí nó faoi cheathair.

Cé nach raibh an dara agus tríú scannán leantach gan a maitheasaí d’imíodar ar bóiléagar. Dhein an cleamhnas le Predator cac sleaidí den chúram. Féach nár leor sin leis an gcnuasach a chur go tóin poill agus a choimeád ann agus bhí uisce le fiacla nuair a d’fhill Scott ar an arrachtach a dhein a chóta bán dó.  Cé go raibh an réamhscannán  Prometheus (2012) easnamhach ó thaobh an aicsin (agus d’uireasa Ripley) aithníodh go rabhthas ar an mbóthar ceart arís.

Dhírigh Prometheus ar arrachtach na bhfiacla, neach atá neadaithe sa chultúr coiteann agus i dtromluithe an lucht féachana araon. Bhí an plé cigilteach, casta, fealsúnach agus chuir seo roinnt ó dhoras.

Tosnaíonn an scannán seo deich mblina i ndiaidh na n-eachtraí úd (agus tuairim is fiche bliain roimh eachtraí an chéad ghála). Buailimid leis an bhfoireann ó árthach an teidil is iad ag tabhairt faoi phláinéad i bhfad ó bhaile le coilíneacht a chur ar bun leis an 2,000 duine atá i gcodladh taistil. I ndiaidh timpiste tugann siad aghaidh ar phláinéad eile agus is ansin a dhéantar nasc le heachtraí Prometheus agus go leantar leis an gcíoradh ar bhunús an arrachtaigh.

Chaitheas féin uair an chloig ar an idirlíon ag iarraidh bunús agus forás an arrachtaigh (faoi mar atá mínithe sa dá scannán) a thuiscint agus caithfidh mé a rá go bhfuilim chomh dall is a bhíos riamh.

Is leor a rá go bhfuil na neacha neamhshaolta atá le feiscint anseo dealraitheach leis an mbithiúnach bunaidh. Más fíor scéal tá dhá scannán eile ar na bioráin agus ag ceann scríbe beimid ar ais san áit ar thosaíomar i 1979. É sin ar fad gan trácht ar chnuasach comhthreomhar le Neil Blomkamp/Sigourney Weaver.

Déantar an t-aicsean a ghéarú anseo agus is í Daniels (Waterston) oidhre agus réamhtheachtaí Ripley. ’Sé an t-andróideach, David, (an Ciarraíoch Michael Fassbender) laoch/frithlaoch an scannáin ar mhórán slite. ’Sé a chuireann téagar sa táirge agus is aige atá cuid de na radharcanna is fearr.

Déantar neach scanrúil a shamhlú dúinn agus tá cúpla radharc aicsin snasta síos tríd. Tá trácht i gcónaí ar an radharc ‘chestbuster’ ón gcéad ghála agus anseo déantar ceann droma agus béil a sholáthar ar shlí a fhágfaidh ag cúbadh chugat féin thú. Nach mar sin is fearr é agus is léir go bhfuil súp á bhaint ag Scott as samhnas a chur orainn.

Cé nach bhfuil an scannán seo inchurtha leis na táirgí bunaidh is táirge fiúntach é a chuireann leis an gcnuasach.

Fág freagra ar 'Súp á bhaint ag Scott i gcónaí as samhnas a chur orainn'