Suíomh nua seolta le haghaidh closleabhair Ghaeilge

Is féidir éisteacht le leabhair Ghaeilge ar do rogha gléas anois, agus féachaint ar fhíseáin léirmheasa orthu, de bharr suíomh nua darb ainm ‘Léigh Linn’

Screen Shot 2015-12-07 at 16.23.58

Tá suíomh nua seolta le daoine a spreagadh leabhair i nGaeilge a léamh.

Ar leighlinn.com, is féidir le daoine leabhair Ghaeilge a léamh nó éisteacht leo á léamh os ard ag a n-údair. Is iad an chéad dá leabhar atá ar leighlinn.com ná Buille Marfach le Anna Heussaff agus Rún an Bhonnáin le Proinsias Mac a’ Bhaird.

Chomh maith leis na húdair féin a chloisteáil ag léamh na leabhar, is féidir breathnú ar fhíseáin den scoláire Alan Titley á bplé, ó chaibidil go chéile, agus ag roinnt a chuid smaointe faoi na gnéithe is tábhachtaí de gach caibidil.

Ligtear duit na closleabhair agus an téacs a ghabhann leo a íoslódáil, sa tslí is nach gá duit ceangal idirlín a bheith agat agus tú á léamh nó ag éisteacht leis an chéad bhabhta eile.

Deir Declan McGrath, stiúrthóir an tsuímh, go bhfuil Léigh Linn dírithe orthu siúd “atá ag iarraidh triail a bhaint as leabhair Ghaeilge a léamh”, ach “b’fhéidir orthu siúd a bhfuil leisce orthu leabhair Ghaeilge a léamh” chomh maith.

In ainneoin go dtaibhsítear a mhalairt do dhaoine ar uairibh, deir McGrath go bhfuil saothair shuimiúla thaitneamhacha á scríobh i nGaeilge agus gur féachadh lena leithéid a aimsiú i gcomhair Léigh Linn. “Tá na leabhair [atá] roghnaithe againn bríomhar, barrúil, cliste”, agus scéalta iontu atá “chomh tarraingteach le haon rud atá ar fáil i mBéarla,” a deir McGrath.

Deir Anna Heussaff, údar Buille Marfach, gurb “iontach an smaoineamh é an suíomh seo leighlinn.com agus tá súil agam go bhfásfaidh sé is go méadóidh sé go luath. Tá leabhair Ghaeilge den scoth ar fáil nach bhfuil eolas ag a lán léitheoirí orthu,” a dúirt sí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin suíomh ach gliogáil anseo.

Fág freagra ar 'Suíomh nua seolta le haghaidh closleabhair Ghaeilge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Áis ar dóigh go cinnte ach súil agam canúint Uladh a chluinstean am inteacht fosta. Má bhíonn daoine ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, agus cuairt a thabhairt ar Chúige Uladh, narbh fhiú daofa canúint na háite sin a chleachtadh roimh ré?