Suíocháin le líonadh fós ar an eitilt go dtí an Fhrainc

Agus áit bainte amach ag Éirinn anois i gCraobh na hEorpa sa Fhrainc an samhradh seo, is í an cheist is mó ná cé a bheidh i scuad Martin O’Neill. Breathnaíonn Tuairisc.ie ar chúigear a d’fhéadfadh teacht aniar aduaidh ar dhaoine as seo go dtí mí an Mheithimh..

Tá cúpla cinneadh tábhachtach le déanamh ag Martin O’Neill roimh an gcluiche anocht. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Gan ach sé mhí le dul go dtí tús Chraobh na hEorpa 2016 sa Fhrainc an samhradh seo, is cinnte go bhfuil Martin O’Neill ag coinneáil súil ghéar ar na hÉireannaigh uile atá ag imirt sa bhaile, sa Bhreatain agus níos faide ó bhaile.

Nuair a bheidh an 23 imreoir a dhéanfaidh an turas go dtí an Fhrainc á roghnú aige, seans maith go mbeidh sé sách dílis do na fir a bhí ar an bpainéal roimhe seo agus a bhain áit amach sa chomórtas. Ar a shon sin, gach uair eile a bhain Éire áit amach ag ceann de na comórtais seo, bhí, ar a laghad, imreoir amháin sa phainéal a tháinig aniar aduaidh ar an bpobal.

Seans gurb iad an triúr is cáiliúla ná na ‘Three Amigos’, Gary Kelly, Phil Babb agus Jason McAteer, a bhain áit amach ar phainéal Jack Charlton do Chorn an Domhain i 1994. Níor imir aon cheann den triúr óg sna cluichí cáilithe ach chuaigh siad i gcion ar an mbainisteoir lena gcuid taispeántas sna cluichí dúshláin roimh an gcomórtas. Ba é an scéal céanna é le David Kelly (Craobh na hEorpa 1988), Alan McLoughlin (Corn an Domhain 1990), Steven Reid (Corn an Domhain 2002) agus James McLean (Craobh na hEorpa 2012).

Cén duine a thiocfaidh aniar aduaidh orainn i 2016? Caitheann Tuairisc.ie súil ar cuid de na himreoirí a d’fhéadfadh an beart a dhéanamh.

Stephen Gleeson (Birmingham City)

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

D’imir Gleeson le foireann sinsear na hÉireann chomh fada siar le 2007 nuair a bhí sé 19 ach, seachas an 24 nóiméad a d’imir sé thar dhá chluiche dúshláin sna Stáit Aontaithe an samhradh sin, níl sé feicthe againn sa gheansaí glas ó shin.

Is le Birmingham City atá an Baile Áth Cliathach faoi láthair agus é ag imirt go rialta i lár na páirce don fhoireann atá sa hochtú háit sa tábla. Tá trí chúl aimsithe ag Gleeson go dtí seo sa séasúr chomh maith, agus má choinníonn sé ag imirt ag an leibhéal seo, ba cheart go bhfaigheadh sé deis eile leis an bhfoireann náisiúnta sna cluichí dúshláin i mí an Mhárta.

Richie Towell (Brighton & Hove Albion)

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Cé go raibh Brighton ar bharr na sraithe cúpla mí ó shin, níl cluiche buaite acu ó thús mhí na Nollag agus tá siad tite siar go dtí an ceathrú háit sa tábla. Cé go raibh Towell ag traenáil leo le cúpla seachtain anuas, ní raibh cead aige imirt go dtí tús na míosa seo agus toisc go bhfuil Brighton ag streachailt faoi láthair, seans maith go mbeidh deis níos fearr aige áit a fháil ar an bhfoireann.

Bhí Towell i bhfad chun cinn ar aon imreoir eile sa Phríomhroinn in Éirinn anuraidh, ach is léir go bhfuil Martin O’Neill ag iarraidh é a fheiceáil ag imirt ag leibhéal níos airde sula dtabharfaidh sé deis dó ar fhoireann na hÉireann. Tá Towell ag snámh in aghaidh easa ach má éiríonn go maith leis i Sasana sna míonna atá le teacht, ní bheidh sé i bhfad as marc faoin am a phiocfar an painéal deireanach.

Greg Cunningham (Preston North End)

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Fear eile a bhfuil seal caite aige ar imeall na foirne ná an Gaillmheach, Greg Cunningham. Tá os cionn dhá bhliain ann ó chaith sé geansaí na hÉireann. I gcoinne Lionel Messi agus na hAirgintíne a bhí sé an lá sin.

Is é an buntáiste is mó atá ag Cunningham ná go bhfuil easpa imreoirí ar Martin O’Neill don taobh clé den aonad cosanta. Is é Robbie Brady a bhí ag imirt san áit sin le cúpla cluiche anuas, ach ní cosantóir nádúrtha é Brady. Is é Stephen Ward an t-iomaitheoir eile don ionad seo, ach ní bhíonn seisean ag imirt gach seachtain do Burnley, rud atá Cunningham a dhéanamh le Preston.

Adam Rooney (Aberdeen)

INPHO/Donall Farmer
INPHO/Donall Farmer

Cé gur tugadh isteach Rooney chun traenáil le foireann na hÉireann cúpla uair an fómhar seo caite, tá sé fós ag fanacht lena chéad deis imeartha le foireann Martin O’Neill agus seans maith go bhfuil an méid sin tuillte aige. Is é Rooney a chríochnaigh mar phríomhscórálaí i bPríomhroinn Alban anuraidh agus 18 cúl scóráilte aige d’Aberdeen. Ag dul sa treo cheart atá sé arís i mbliana; 14 cúl aimsithe aige agus gan muid ach leath bealaigh tríd an séasúr.

Is í an chonstaic is mó atá roimh Rooney ná gur dealraitheach go bhfuil, ar a laghad, ceathrar eile chun tosaigh air in aigne Martin O’Neill, mar atá, Jonathan Walters, Shane Long, Robbie Keane agus Daryl Murphy. Mar sin féin, má éiríonn go maith leis idir seo agus mí an Mheithimh, tá seans fós go rachaidh sé i bhfeidhm ar bhainisteoir na hÉireann.

Rob Elliot (Newcastle United)

INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

Ar an gcúigear atá luaite anseo, is ag Elliot atá an deis is fearr áit a bhaint amach sa phainéal do Chraobh na hEorpa. Agus gortú ag cur as do Tim Krul, is é Elliot anois an chéad rogha ag Newcastle mar chúl báire agus cé gurb iad Shay Given agus Darren Randolp atá ag imirt i gcúl na hÉireann le tamall, níl ceachtar den bheirt sin ag imirt go rialta dá gclubanna.

Is cosúil gurb é David Forde an fear eile a bheidh san iomaíocht leo, ach fágadh Forde ar an mbinse in aghaidh na Gearmáine nuair a gortaíodh Given, comhartha nach bhfuil O’Neill iomlán cinnte faoi chumas an Ghaillmhigh.   

Fág freagra ar 'Suíocháin le líonadh fós ar an eitilt go dtí an Fhrainc'