Declan an mhórchroí is an mhórghnímh

Is mó saghas imreora a roinn Dara Ó Cinnéide páirc na caide leo i ngeansaí Chiarraí ach n’fheadar sé ar bhuail sé riamh le duine a bhí chomh láidir ‘in airde staighre’ san intinn is a bhí Declan O’ Sullivan.

Declan O' Sullivan  Credit©INPHO/Dan Sheridan
Declan O’ Sullivan
Credit©INPHO/Dan Sheridan

Chonac Declan O’ Sullivan i gcluiche mór in aghaidh Mhuineacháin seacht mbliana ó shin.

Bhí an diabhal de chrústáil á fháil aige ón leathchúlaí a bhí in ainm is a bheith á fhaire agus ba bheag an fonn a bhí ar an maor taobh líne aird an mholtóra a tharrac ar an ealaíon a bhí ar bun.

Bhí gach aon liú agus scréach ag lucht leanúna Chiarraí in Ardán Uí Ógáin, mar a rabhas féin, ag tathant agus ag impí ar an maor taobhlíne a chúram a dhéanamh agus stop a chur leis an íde.

Tar éis trí nó ceithre cinn de dhoirne bheith fachta i gcúl a chinn ag an Súilleabhánach, thosnaigh an lucht leanúna céanna ag díriú ar Declan féin – á chur in iúl go neamhbhalbh dó nár cheart d’aon imreoir i ngeansaí na Ríochta bheith ag glacadh leis an saghas san.

Lean an bhúireach ar feadh trí nó ceithre nóimeataí agus i gcaitheamh an ama go léir, ba dhóigh leat go raibh an cluiche ag dul glan os a chionn in airde ag fear Uíbh Ráthaigh.

Laistigh de thrí nóimeat eile áfach, bhí a chéile comhraic curtha ar phlaic a thóna go dlisteanach ag O’ Sullivan, scór iontach inspioráideach aimsithe aige agus an taoide casta gan láimh ná dorn ardaithe.

Tharla an eachtra sin i gceartlár na bliana caide ab fhearr a bhí i ngeansaí Chiarraí ag O’ Sullivan agus níl inti ach léas amháin i measc scata ar chumas, ar righneas agus ar chruas an duine féin.

Is mó saghas imreora go roinnfeá páirc na caide leis agus tú i ngeansaí Chiarraí ach n’fheadar ar bhuaileas riamh le duine a bhí chomh láidir in airde staighre san intinn is a bhí réalt Phiarsaigh na Dromad.

Tá sé ráite le lá anuas ag an mbainisteoir deireanach a bhí aige le Ciarraí, Eamon Fitzmaurice, go bhféadfadh an Súilleabhánach bheith chomh ceanndána le miúil mhallaithe ach níl aon amhras orm ná gurb shin í an tréith ba mhó a chinntigh go mbeadh oiread rath ar pháirc na himeartha air.

B’í an raimhreacht chéanna a thug ar ais ag imirt i mbliana é.

Chuala scéal, n’fheadar an fíor nó bréagach, gur fhill O’ Sullivan ar champa Chiarraí tar éis na sraithe san earrach agus dúirt leis an uile dhuine des na himreoirí óga a bhí ag iarraidh teacht chun coinlíochta i ngeansaí an chontae nach chun bheith ag fuirseadh is ag fadhbáil a bhí sé féin tar éis teacht chuchu ach chun bonn uile Éireann a bhuachtaint.

B’sheo anois, nuair a bhí pobal na caide ar fad sa chontae in ísle brí ceart tar éis a ngreadadh bheith fachta laethanta roimis sin ó Chorcaigh sa chluiche deireanach sraithe acu.

De réir dealraimh, níor fhág sé luid amhrais ar an nglúin óg ná beadh aon mheas aige orthu go deo arís mura gcabhróidís leis a aisling a fhíorú agus bonn amháin eile a chur ina sheilbh.

Chuir a éileamh brú, gan dabht, ar scata imreoirí ach ba é an brú ceart a bhí ag teastáil uatha é. Leag sé dúshlán ana-shoiléir amach dóibh agus thug treoir dóibh as san go deireadh na bliana maidir le conas an dúshlán san a shárú.

Bhí na cosa, agus an dá ghlúin go háirithe, ag teip ach bhí an sprid agus an dánaíocht agus an clóchas siar go heireaball fós ann.

Bhí na tréithe riachtanacha san le feiscint go rábach i gcluiche ceannais na Mumhan i mbliana, nuair a stiúraigh sé an imirt ó thús deireadh le taispeántas foirfe a sheol scata siar ar bhóithrín na smaointe go dtí blianta ramhra 2007, 2008 agus 2009 nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa.

Dála scata imreoirí maithe, caithfear an dúthaigh agus an dúchas as a fáisceadh an duine a thuiscint chun an peileadóir féin a thuiscint agus éinne go mbeadh cur amach aige ar pharóiste na Dromad, thuigfeadh sé cad as a dtáinig an t-ocras agus an scamhadh a bhíodh de shíor ar O’Sullivan.

Tá cur síos déanta go mion minic aige in agallaimh ar an scáinteacht a bhain le dúthaigh na muintire agus ar an ngátar a bhíodh i gcónaí ar fhoireann an pharóiste agus iad ag iarraidh foireann a phaisteáil le chéile ar bheagán acmhainní agus ar theirce imreoirí.

Léiriú ar an rath a bhíodh ar an bpaisteáil an iliomad bonn atá buaite aige ach tá triail níos fearr agam ar a chumas ná na boinn a bhuaigh sé…

Tamall de bhlianta ó shin nuair a bhí deireadh ag teacht le ré Dharragh Uí Shé i ngeansaí Chiarraí, cheistíos é mar gheall ar a mbíodh ag gabháil trína cheann nuair a bhíodh sé ag seasamh i lár páirce faoi bhráid cic saor nó cic sleasa.

Meastar coitianta gurb iad na himreoirí a aimsíonn na scóranna na himreoirí is tábhachtaí sna tosaithe.

Ach ins na soicindí sin nuair atá cinneadh le déanamh maidir le treo na himeartha agus cé na daoine is fearr a smachtóidh an chaid agus a chuirfidh an chaid i bhfearas ina dhiaidh sin, tá gá le himreoirí le lúth láimhe agus coise agus croíthe calma.

Dúirt Darragh liom ag an am gurb é an chéad rud a rith leis ná “cá bhfuil Declan Sullivan agus conas is féidir liom an chaid seo a theilgeadh ina threo?”

Bhí a fhios ag Ó Sé ná ligfeadh Súilleabhánach an mhórchroí, an mhórmheoin agus an mhórghnímh síos go deo é.

N’fheadar an mó duine sa bhliain amach romhainn a bheidh ag cur na ceiste céanna – “cá bhfuil Declan Sullivan?”

Ba mhaith é.

 

Fág freagra ar 'Declan an mhórchroí is an mhórghnímh'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Scoth alt faoi pheileadóir den chéad scoth.Mar a dúirt Dara Ó Sé “cá bhfuil Declan Sullivan?”Measaim go gcroneoidh tacahóirí Ciarraí Declan ó Sullivan ar feadh i bhfád.

    Peileadóir cliste a bhí ann a rinne an cinneadh ceat i gcónaí agus faoi luas.
    Ní bheidh a leithéad ann arís.