Súile eile! 4 bhotúin bhunúsacha a fhágann droch-chuma ar na súile

Más trí na súile a thuigtear ár bpearsantachtaí nár cheart dúinn cúram agus am a thabhairt do smideadh na súl?

Scáth Súl

Is fíor don té a dúirt gur trí fhuinneog na súl is fearr a fhaigheann muid tuiscint ar dhuine – ‘the eyes are the window to the soul’. Más trí na súile a thuigtear ár bpearsantachtaí nár cheart dúinn cúram agus am a thabhairt do smideadh na súl? Tá ar a laghad ceithre cinn de bhotúin bhunúsacha a dhéantar go minic a fhágann droch-chuma ar na súile agus níor mhór a bheith san airdeall chun iad a sheachaint.

Meaitseáil dathanna

An botún is coitianta a dhéantar ná go n-úsáideann tú scáthú súl ar an dath céanna le do shúile féin, mar shampla, duine le súile gorma  ag cur scáthú gorm súl uirthi féin. A mhalairt ar fad is ceart a dhéanamh agus ba cheart duit dath codarsnach a phiocadh.

Don té a bhfuil súile gorma aici is ceart scáthú súl ina bhfuil rian den dath oráiste ann – donn nó cré-umha – a roghnú. Le súile glasa moltar scáthú súl corcra agus is fearr dath gorm nó dúghorm le súile donna. Is é bun agus barr an scéil má tá an scáthú súl ar aon dath leis na súile, ní tharraingeofar aird ná suntas ar na súile féin.

Gan dathanna éagsúla a mheascadh isteach ceart ina chéile

Má tá cúpla dath á n-úsáid agat tá sé fíorthábhachtach go mbeidh siad leáite isteach ina chéile go cúramach; níl aon rud níos measa ná línte láidre idir dhá dhath. Is sa meascadh sin idir na dathanna a léirítear an scil i smideadh súl. Is minic nach mbíonn aon mhaith leis na scuaba beaga saorga a thagann saor in aisce i dteannta táirgí scáthaithe súl agus is ar an gcúis sin gur cheart scuab cheart a cheannach don chúram sin. Mura bhfuil an cumascadh ceart déanta idir na dathanna beidh cuma chrua, gharbh, mhíghairmiúil air.

An iomarca den línitheoir dubh súl

Is minic go loiteann daoine a gcuid smideadh súl tríd an iomarca línitheoir súl dubh a úsáid. Is leor rian fíneálta den línitheoir agus is deise agus is feiceálaí an toradh a bheidh air sin. Ba cheart an líne a choinneáil chomh gar agus is féidir do na fabhraí agus gan bearna de chineál ar bith a bheith ann, más féidir. Cuireann sin cuma níos tibhe ar na fabhraí agus dá réir, cuma níos áille ar na súile. Ar ndóigh, ní gá gur dath dubh a d’úsáidfí i gcónaí – tá cinn dhonna an-deas le fáil freisin. An deacracht is mó leis an iomarca línitheoir súl ná go gcuireann sé cuma bheag ar na súile féin.

Iomarca piocadh ar na malaí

Sna 1990idí bhí malaí tanaí go mór sa bhfaisean, iad pioctha chomh mór sin nach raibh fágtha ach líne bheag fhánach. Malairt stíle atá sa bhfaisean anois agus is malaí breá tiubh rogha na coitiantachta. Peaca marfach é, mar sin, an iomarca pioctha a dhéanamh ar na malaí anois. Tóg go bog é agus fan le líne nádúrtha na malaí féin. Is fiú iad a fháil pioctha go gairmiúil go dtí go bhfaighidh tú féin misneach agus scil lena ndéanamh i gceart duit féin. Tá an baol ann má dhéantar an iomarca pioctha nach bhfásfaidh na malaí ar ais leath chomh tiubh arís. Nuair atá siad pioctha i gceart níl le déanamh ach aon bhearna bheag a líonadh le peann luaidhe nó púdar. Agus má tá aon rud níos measa ná an iomarca pioctha is é sin gan iad a bheith pioctha ar chor ar bith, fágtha fiáin agus ó smacht!

Má sheachnaítear na 4 bhotún bhunúsacha sin, beidh tús maith déanta agat ar aire mhaith a thabhairt don smideadh súl.

Fág freagra ar 'Súile eile! 4 bhotúin bhunúsacha a fhágann droch-chuma ar na súile'

  • Joyce Ní Chionnaith

    Thaitin an t-alt seo go mór mór liom. ‘Sé deas rud éigin atá bunaithe ar smideadh á léamh i nGaeilge! Ba bhreá liom labhairt leat ar mo chlár ar Raidió na Life a théann amach gach Aoine.

    Joyce, Raidió na Life