Súil siar ar thorthaí peile Gaeltachta na deireadh seachtaine

Tháinig deireadh le feachtais na foirne Gaeltachta i gCraobh Sinsear Peile na Gaillimhe ar an Domhnach ach bhí idir thorthaí maithe agus drochthorthaí ag foirne na Gaeltachta i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo

Cosantóir Ghaoth Dobhair, NeiI McGee. INPHO/James Crombie
Cosantóir Ghaoth Dobhair, NeiI McGee. INPHO/James Crombie

Imríodh na cluichí deireanacha i mbabhta na ngrúpaí i gCraobh Sinsear Peile Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo. Theip ar Ghaoth Dobhair áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh cliseadh i gcoinne Mhálanna, toradh a tháinig aniar aduaidh ar go leor daoine.

raibh ach comhscór ag teastáil d’fhir Ghaoth Dobhair chun áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile ach bhí Málainn i gceannas don chuid is mó den choimhlint. D’aimsigh Dan McDaid cúl dóibh i ndiaidh 8 nóiméad agus bhí farasbarr cúig phointe ag Málainn ag leath ama.

Fuair McDaid cúl eile díreach i ndiaidh leath ama ach cé gur throid Gaoth Dobhair ar ais sa choimhlint a bhíochas cuid mhaith le hOdhrán Mac Niallais, a d’aimsigh naoi bpointe. Le cabhair cúl Paul Mulligan, laghdaigh Gaoth Dobhair an bhearna go dtí aon phointe amháin gan ach cúpla nóiméad fágtha ach scóráil Christy McLaughlin cúl cinniúnach do Mhálainn agus bhuaigh siad ar deireadh, 3-8 le 1-11.

Sa chluiche eile i nGrúpa 1, bhuaigh Gleann tSúilí ar Sheán Mac Cumhaill, 1-14 le 2-7 chun a n-áit ar bharr an tábla a chinntiú.

Imreoir Naomh Adhamhnáin, Rory Kavanagh. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Imreoir Naomh Adhamhnáin, Rory Kavanagh. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

I nGrúpa 2, tháinig Naomh Adhamhnáin ar ais ón gcailliúint a bhí acu an tseachtain seo caite chun áit a bhaint amach sna cluichí ceathrú ceannais le bua i gcoinne An Chlocháin Léith, 0-14 in aghaidh 1-6. Cé gur lig siad isteach cúl luath, bhí curaidh na bliana seo caite ceithre phointe chun cinn ag leath ama agus mhéadaigh siad an bhearna sin roimh dheireadh an chluiche.

raibh mórán tábhachta leis an gcluiche eile sa ghrúpa; bhí áiteanna Naomh Conaill agus Ard an Ratha ar barr agus ag bun an ghrúpa faoi seach deimhnithe roimh an gcluiche eatarthu ar an Domhnach, cluiche a bhuaigh Naomh Conaill, 2-13 le 1-9.

Foireann eile a bhuaigh trí chluiche as trí chinn ná Naomh Mícheál, a bhuaigh ar Ghleann Fhinne, 2-7 in aghaidh 1-8. Bhí an dá fhoireann ag troid chun áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile ach is ag Naomh Mícheál a bhí rith an ráis a bhuíochas le cúil ó Colm McFadden agus Andrew Kelly. Ba iad na Cheithre Máistrí an fhoireann eile a cháiligh ón ngrúpa tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chloich Cheann Fhaola, 2-13 le 1-10.

Bhí críoch dhrámatúil le Grúpa 4 den chraobh agus bhain An Tearmann áit amach sa chéad bhabhta eile de bharr líon na bpointí a bhí scóráilte acu. Ag tús na deireadh seachtaine bhí An Tearmann dhá phointe chun cinn ar Naomh Muire sá tábla agus farasbarr 13 phointe acu ó thaobh difríocht scórála.

Ach faoin am a tháinig deireadh le na cluichí, bhí an dá fhoireann ar trí phointe tar éis do Naomh Mhuire buachan ar Na Cealla Beaga, 0-14 le 2-5, agus An Tearmann cailleadh in aghaidh Chill Chartha, 3-12 le 1-8. Bhí briseadh croí an do Naomh Mhuire faraor, agus 40 pointe scóráilte ag An Tearmann in imeacht a dtrí chluiche i gcomparáid le 37 ag Naomh Muire, rud a chiallaigh gurb iad An Tearmann a chuaigh ar aghaidh i dteannta le Cill Chartha chuig na babhtaí ceathrú ceannais.

Déanadh an tarraingt do na babhtaí ceathrú ceannais sin ar an Domhnach chomh maith. Tabharfaidh Cill Chartha aghaidh ar na Ceithre Máistrí, Naomh Mícheál ar Mhálainn, Gleann tSúilí ar Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill ar An Tearmann. Imreofar na cluichí sin ar an deireadh seachtaine (an 12 agus 13 Meán Fómhair).

Ferdia Breathnach ag aimsiú scór do Naomh Anna. NaomhAnnna/Twitter.ie
Ferdia Breathnach ag aimsiú scór do Naomh Anna. NaomhAnnna/Twitter.ie

Bhí dhá fhoireann Gaeltachta ag imirt i gCraobh Sinsear Peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine chomh maith ach ní raibh mórán ratha ar cheachtar acu. Chas Naomh Anna, Leitir Mór ar Chill Aithnín i réamhbhabhta ceathrú ceannais ar an Domhnach. Bhí ag éirí go maith le fir na n-oileán ag leath ama agus iad 2-6 le 1-5 chun cinn, a bhuíochas do chúil ó Éamon Ó Loinsigh agus Páraic Bairéad sa chéad deich nóiméad. Ar ais le Cill Aithnín, áfach, agus ní raibh tada  idir na foirne agus gach ach cúpla nóiméad le n-imirt. Fuair Cill Aithnín an cúl na cinniúna, áfach, chun áit a bhaint amach i gcluiche ceathrú ceannais na craoibhe, áit a dtabharfaidh siad aghaidh ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach.

Níos deireanaí ar an Domhnach, bhí bua slachtmhar ag Seamróga Chartúin ar An Cheathrú Rua sa bhabhta ceathrú ceannais. Chuir foireann Chonamara tús maith leis an gcluiche agus dhá chúl faighte ag Maitiú Ó Domhnaill agus Peadar Ó Conghaile taobh istigh de dheich nóiméad. Ach bhí peileadóirí na Ceathrún Rua ocht bpointe chun deiridh ag leath ama, 2-10 le 2-2, agus méadaíodh an bhearna sin sa dara leath le dhá chúl eile ó na Seamróga chun bearna 12 phointe a fhágáil eatarthu sa deireadh, 4-14 le 2-8.

Fág freagra ar 'Súil siar ar thorthaí peile Gaeltachta na deireadh seachtaine'