SPÓRT NA GAELTACHTA IN 2016 (CUID 2): Ardú céime i gCorca Dhuibhne agus comharthaí dóchais ann

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí spóirt i nGaeltacht Chiarraí, i nGaeltacht Chorcaí agus timpeall na tíre in 2016

SPÓRT NA GAELTACHTA IN 2016 (CUID 2): Ardú céime i gCorca Dhuibhne agus comharthaí dóchais ann

Ciarraí

Nuair a theip ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne Corn Uí Mhuirí a thabhairt leo ag tús na bliana den chéad uair ó 2011, b’fhéidir gur  chomhartha a bhí ann nach mbeadh an oiread céanna ratha ar fhoirne CLG Chorca Dhuibhne is a bhí in 2015. B’in mar a tharla agus theip, más ar éigean é, ar chumainn an cheantair i roinnt mhaith chluichí móra, cé go mbeidh siad sásta go maith gur i Roinn 1 a bheidh siad ag imirt an bhliain seo chugainn.

Theip ar fhir na Gaeltachta i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe idirmheánaí agus an Teampall Nua ag fáil an ceann is fearr orthu. Bhí dea-scéal acu sa tsraith áfach agus ardú céime go dtí Roinn 1 bainte amach acu den chéad uair ó 2011. Chomh maith leis sin, don tríú bliain as a chéile, bhí ionadaí ag an gcumann ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh Mhionúir na hÉireann. Ba é Seán Ó Lúing gaiscíoch óg na bliana seo. In ainneoin go raibh cuid mhaith imreoirí in easnamh orthu, chuaigh an Ghaeltacht chomh fada le cluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta agus cé gur chaill siad an cluiche sin ba chomhartha dóchais an spiorad a léirigh siad le linn an deireadh seachtaine i gCorcaigh.

Ba iad an Daingean is mó a raibh briseadh croí i ndán dóibh agus cluichí crua caillte acu i gCraobh Shinsir na gClubanna, Craobh an Chontae agus i gCraobh Faoi-21 an Chontae. Cúl sa nóiméad deireanach ag Aibhistín de Staic a chniog an Daingean i gCraobh na gClubanna, comórtas a bhuaigh siad anuraidh.

Ba iad seaimpíní 2016, Crócaigh Chill Airne a fuair an ceann is fearr orthu i gcluiche leathcheannais an chontae agus cé gur shroich foireann faoi 21 an chumainn cluiche ceannais an chontae níos luaithe i mbliana, bhí bua maith, 3-12 in aghaidh 0-12, ag Ciarraí Theas orthu.

D’éirigh leo rudaí a chur ina gceart i gCraobh Chiarraí Thiar, agus na foirne sinsir agus mionúir ag fáil an ceann is fearr ar na sean-naimhde An Ghaeltacht sna cluichí ceannais i mí na Samhna.

Corcaigh

Christina Desmond. Pictiúir le IABA

Bhí sárbhliain ag bean óg Chill na Martra, Christina Desmond, sa chró dornálaíochta in 2016. Thug sí léi bonn cré-umha ó Chraobh na nOllscoileanna sa Tuirc go luath sa bhliain agus d’éirigh léi an gaisce céanna a dhéanamh ag Craobh na hEorpa sa Bhulgáir ag deireadh mhí na Samhna. D’éirigh le Desmond dul chomh fada leis an mbabhta leathcheannais sa chomórtas sin, áit inar chaill sí de bharr cinneadh conspóideach ina babhta i gcoinne Maily Nicar na Fraince.

Ar pháirc na himeartha, bhí bliain mheasartha ag foirne Mhúscraí. Cé gur éirigh go geal le Comórtas Peile na Gaeltachta, a reáchtáladh i mBaile Bhuirne i mí an Mheithimh, ní raibh an rath céanna ar fhoireann peile Naomh Abán i mbliana. Níor sheas siad ach bliain amháin i Roinn 1 den tsraith agus díbríodh as Craobh an Phríomhghráid Idirmheánaigh iad sa bhabhta ceathrú ceannais.

D’éirigh le Béal Átha an Ghaorthaidh dul céim níos faide sa chomórtas céanna. Coiscéim na Caillí, buaiteoirí an chomórtais, a fuair an ceann is fearr ar an gcumann Gaeltachta sa chluiche leathcheannais. Bhí dea-scéal ag Béal Átha an Ghaorthaidh sa tsraith, áfach, agus d’éirigh leo ardú céime a bhaint amach don dara bliain as a chéile. Cé gur chaill siad in aghaidh Mhala tar éis am breise i gcluiche ceannais na sraithe, is i Roinn 1 a bheidh siad ag imirt an bhliain seo chugainn. Ag ceiliúradh a bhí foireann shóisir C an chumainn chomh maith tar éis dóibh Craobh Mhúscraí a thabhairt leo mí Dheireadh Fómhair.

Foireann shóisir Bhéal Átha an Ghaorthaidh

Bhí Cill na Martra ag imirt i Roinn 2 den tsraith i mbliana tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach anuraidh. Is i Roinn 2 a bheidh siad an bhliain seo chugainn chomh maith óir chríochnaigh siad i lár an tábla. Chuaigh siad chomh fada leis an gcluiche leathcheannais sa Chraobh Idirmheánach agus bhain siad áit amach i gcluiche ceannais i gCraobh Faoi 21A Mhúscraí. Níor éirigh leo faraor, i gceachtar de na cluichí ceannais sin.

An Mhí

Foireann Faoi 21 Bhulf Tón

I gcontae na Mí, bhí bua maith ag cumann Bhulf Tón i gcluiche ceannais Chraobh Faoi 21A an chontae i mí na Samhna. Bhain briseadh croí leis an mbliain seo caite nuair a chaill siad an cluiche ceannais, ach d’aimsigh foireann Bhaile Ghib seacht gcúl i gcoimhlint na bliana seo agus bua 7-16 i gcoinne 2-7 acu ar Eiméid Chill Fhaoibhrigh. Bhí údar ceiliúrtha freisin ag foireann iomána mhionúir an chumainn in 2016 agus bua ag Bhulf Tón/Uí Mhathúna ar Dhroim Rí/Chill Mheasáin i Roinn 2 den chraobh. Ba bheag nár díbríodh an fhoireann peile as an gcraobh shinsir ach chuir na buanna iomána sméar mhullaigh ar an séasúr.

Bhí foireann iomána Chlann na nGael iad féin i mbaol a ndíbeartha ón gcraobh shinsir ach bhuaigh siad cluiche cinniúnach in aghaidh Uí Mhathúna chun a stádas a choinneáil. Leis an mbuille deireanach den chluiche d’aimsigh Éamon Ó Donnchadha pointe an bhua dóibh chun iad a choinneáil slán ar feadh bliain eile.

Baile Átha Cliath

D’éirigh le foireann ó Na Gaeil Óga cluiche ceannais craoibhe a bhaint amach den chéad uair i stair an chumainn nuair a shroich a bhfoireann camógaíochta cluiche ceannais na Craoibhe 7B ach fuair Naomh Barróg an ceann is fearr orthu. Bhí an briseadh croí céanna i ndán dóibh cúpla seachtain ina dhiaidh sin nuair a chaill siad cluiche ceannais na scéithe i gcoinne Oileáin na hÉireann.

Foireann shóisir peile Na Gaeil Óga

Sa pheil, d’éirigh le peileadóirí an chumainn ardú céime a fháil don cheathrú huair in imeacht seacht mbliana, rud a fhágann go mbeidh siad ag imirt i Roinn 7 den tsraith an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'SPÓRT NA GAELTACHTA IN 2016 (CUID 2): Ardú céime i gCorca Dhuibhne agus comharthaí dóchais ann'